Foilsíonn an tAire Foley ‘Tuarascáil ar Idirbheartaíocht le hEagraíochtaí Reiligiúnacha atá bainteach le Scéim Íocaíochta na bhForas Máithreacha agus Naíonán’
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 8 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
D’fhoilsigh an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, tuarascáil an idirbheartaí neamhspleách, Iníon Sheila Nunan inniu.
Cuireadh de chúram ar Iníon Nunan ceannasaíocht a ghlacadh ar phróiseas idirbheartaíochta le forais reiligiúnacha a bhaineann le hInstitiúidí Máithreacha agus Naíonán agus Teaghlach Contae, d’fhonn ranníocaíocht airgeadais a lorg i dtreo chostas atá bainteach le Scéim Íocaíochta na bhForas Máithreacha agus Naíonán.
Thug Iníon Nunan faoi idirbheartaíocht le hocht bhforas reiligiúnacha thar thréimhse de thart ar 20 mí.
Mar thoradh ar an idirbheartaíocht seo, thairg ceann de na forais, Siúracha Bon Secours, ranníocaíocht airgid atá cothrom le €12.97m, atá ag teacht le cinneadh an idirbheartaí maidir le ranníocaíocht fhiúntach. D’aontaigh an rialtas an íocaíocht seo a ghlacadh.
Thairg foras eile, Iníonacha na Carthanachta Naomh Uinseann de Pól foirgneamh mar ranníocaíocht. D’aontaigh an Rialtas gur chóir don Aire an tairiscint seo a chuir san áireamh agus tabhairt faoi rannpháirtíocht bhreise leis an gcuallacht ina leith.
Thairg an tríú foras, Siúracha Naomh Eoin Dé, tabhartas coinníollach ar fiú €75,000 é a mbeadh feidhm tabhartas carthanachta aige i dtreo chuspóir carthanachta a bhaineann le marthanóirí áras máithreacha agus naíonán.
Níor thairg na forais eile aon ranníocaíocht.
Fuair an tAire Foley an tuarascáil ó Iníon Nunan an tseachtain seo caite, Dé Luain an 31 Márta 2025, agus tá an tuarascáil á foilsiú inniu aici.
Dúirt an tAire Foley, agus í ag freagairt don tuarascáil:
“Tá an stát tar éis a cuid freagrachta féin a ghlacadh as an méid a tharla do mhná agus dá leanaí sna hÁrais Máithreacha agus Naíonán trí leithscéal a ghabháil ar dtús, agus Scéim Íocaíochta a bhunú chomh maith. Cuireadh próiseas i bhfeidhm chun ranníocaíocht airgeadais a lorg i dtreo chostas Scéim Íocaíochta na bhForas Máithreacha agus Naíonán ó fhorais reiligiúnacha atá bainteach le hInstitiúidí Máithreacha agus Naíonáin agus Teaghlach Contae
Cé go n-aithním an ranníocaíocht ó na Siúracha Bon Secours, creidim gurbh fhéidir leis na forais reiligiúnacha eile lena mbaineann i bhfad níos mó a dhéanamh.
Mholfainn d’fhorais reiligiúnacha eile tabhairt faoi mhachnamh breise ar a dtoilteanas ranníocaíocht fhiúntach a dhéanamh i leith na Scéime Íocaíochta agus tugaim le fios go bhfuil mo Roinn ar fáil chun dul chun cainte leo ar an ábhar seo ag céim ar bith.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hIníon Sheila Nunan as a cuid oibre iontaí agus suntasaí ar na hidirbheartaíochtaí. Thug sí faoin tasc go macánta agus léirigh sí tuiscint dhomhain ar na mionsonraí, agus is léiriú ar na tréithe sin í a tuarascáil. Tuigtear dom gur phróiseas dúshlánach a bhí ann, go háirithe toisc gur phróiseas deonach a bhí ann, de bharr riachtanas dlíthiúil, nuair nárbh fhéidir leis an idirbheartaí iallach a chur ar fhorais faisnéis a chuir ar fáil nó ranníocaíochtaí a thairiscint. Dá bharr sin, iarrfaidh mé ar m’oifigigh tabhairt faoi idirchaidreamh le hOifig an Ard-Aighne chun a mheas cé acu an bhfuil aon roghanna breise ar fáil don Stát ina leith seo.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a thabhairt le fios arís eile go bhfuil an Rialtas tiomanta do gach gné den Phlean Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm. Tá na leasa a cuireadh ar fáil faoin Scéim Íocaíochta, chomh maith leis na gealltanais agus na tionscnaimh atá á gcur i bhfeidhm go forleathan faoin bPlean Gníomhaíochta, ar fáil fós, beag beann ar fhreagairt na bhforas reiligiúnacha ar an bpróiseas seo.”
Thug Iníon Nunan a cuid oibre chun críche agus chuir sí a tuarascáil ar fáil ar an 31 Márta 2025. Is féidir féachaint uirthi anseo.
Nótaí d’Eagarthóirí:
• Tháinig an Coimisiúin Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán ar thorthaí suntasacha maidir le teipeanna an Stáit agus na n-eagraíochtaí reiligiúnacha, a bhí i gcomhcheannas ar Institiúidí Máithreacha agus Naíonán agus Árais Teaghlach Contae. Creideann an rialtas go bhfuil freagracht chomhchoiteann ar gach páirtí ábhartha freagairt d’oidhreacht na hÉireann maidir leis na hinstitiúidí sin.
• Go luath in 2021, gheall an Rialtas Scéim Íocaíochta na bhForas Máithreacha agus Naíonán a fhorbairt, agus chuir an tAire ag an am, Roderic O’Gorman, tús le próiseas rannpháirtíochta le gach ceann de na heagraíochtaí a bhí i gceist, d’fhonn ranníocaíochtaí airgeadais a fháil i leith chostas na Scéime Íocaíochta.
• Scríobh sé i dtús báire chuig ocht bhforas reiligiúnacha a bhí luaite san obair a rinne an Coimisiúin Imscrúdúcháin.
1. Cuallacht Mhuire an Aoire Mhaith,
2. Cuallacht Chroí Rónaofa Mhuire agus Íosa
3. Iníonacha na Carthanachta Naomh Uinseann de Pól
4. Siúracha Bons Secours
5. Cuallacht Shiúracha na Trócaire
6. Siúracha Eoin Dé
7. Léigiún Mhuire
8. Eaglais na hÉireann (Foras Ionadaithe Eaglaise)
• De réir mar a thosaigh oifigigh na Roinne ag díriú go príomha ar reachtaíocht a dhréachtú agus bonneagar oibríochtúil a fhorbairt don Scéim Íocaíochta, d’iarr an tAire O’Gorman cead an Rialtais ansin chun duine a raibh taithí acu a fhostú chun an próiseas idirbheartaíochta a reáchtáil ar a shon. Leis seo, cinntíodh go mbeadh an t-am agus an aird a bhí ag teastáil ar fáil don tasc, sé sin iarracht a dhéanamh ranníocaíocht airgeadais a fháil ó eagraíochtaí reiligiúnacha. Ina theannta sin, chuir an duine a ceapadh i mBealtaine 2023, Iníon Sheila Nunan, iar-Uachtarán Chomhdháil Cheardchumann na hÉireann, saineolas suntasach, speisialaithe ar fáil don tasc.
• Lean Iníon Nunan leis an bpróiseas idirbheartaíochta, a cuireadh tús leis faoin Aire O’Gorman, chomh fada lena cheann scríbe nuair a cuireadh a tuarascáil ar fáil don Aire Foley ar an 31 Márta 2025.
• Chun ról Iníon Nunan ina cuid idirbheartaíochta a éascú, cheap an Roinn saineolaithe airgeadais – Seirbhísí Comhairleacha Airgeadais Ernst & Young (EY) - chun cabhrú léi. Tar éis gur ceapadh iad go déanach in 2023 thug EY faoi mheasúnú airgeadais neamhspleách ar acmhainní gach eagraíocht lena bhain. Bhí measúnú san áireamh anseo, ar aon fhaisnéis airgeadais maidir leis na heagraíochtaí reiligiúnacha, a bhí ar fáil go poiblí, agus iarratas ar fhaisnéis airgeadais shonrach agus mhionsonraithe ó gach ceann. Níor thug ach dhá eagraíocht freagra ar na hiarratais mhionsonraithe seo. Ar deireadh thiar thall, ba é toradh na hoibre a chuir EY i gcrích ná gur éascaíodh Iníon Nunan dul i mbun idirbheartaíochta airgeadais go hiomchuí leis na heagraíochtaí.