Foilsíonn an tAire O’Gorman tuarascáil Spotlight ar Rannpháirtíocht Daoine Óga in Eagraíochtaí Óige
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 28 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhoilsigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige, Roderic O’Gorman, tuarascáil inniu, a chomhordaíonn sonraí atá ar fáil ar rannpháirtíocht daoine óga in eagraíochtaí óige.
Ag labhairt faoin tuarascáil seo, Dúirt an tAire O’Gorman
“Tá a fhios againn go bhfuil rannpháirtíocht i seirbhísí óige ar cheann de na príomhbhealaí a chuireann ar chumas daoine óga cúinsí díobhálacha a shárú, agus a lánacmhainneacht a bhaint amach,trína n-inniúlachtaí pearsanta agus sóisialta a neartú. Soláthraíonn tuarascáil an lae inniu príomhshonraí dúinn ar rannpháirtíocht daoine óga in eagraíochtaí óige bunaithe ar fhachtóirí mar staid airgeadais, tionacht tithíochta agus míchumas, a bheidh mar bhonn eolais d’fheidhmiú leanúnach na mbeartas agus na straitéisí a bhaineann leis an óige. Cuidíonn sé linn freisin súil a choinneáil ar an gcaoi a bhfuilimid ag déanamh comparáide lenár gcomharsana san Aontas Eorpach agus tá áthas orm a thabhairt faoi deara go bhfuil rannpháirtíocht daoine óga in eagraíochtaí óige na hÉireann le deich mbliana anuas fós sách ard i gcomparáid leis na meáin Eorpacha.”
Is í an tuarascáil seo ar Rannpháirtíocht Daoine Óga in Eagraíochtaí Óige an naoú tuarascáil i sraith Spotsoilse Staidrimh. Is ábhar tráthúla iad na foilseacháin Spotlight seo agus is díol spéise iad do shainléitheoirí agus do léitheoirí ginearálta araon. Faightear na sonraí ó shuirbhéanna Eorpacha agus ó Ag Fás Aníos in Éirinn, an staidéar náisiúnta fadaimseartha ar leanaí agus daoine óga.
Seo cuid de phríomhthorthaí na tuarascála:
• D’fhan rannpháirtíocht daoine óga in eagraíochtaí óige in Éirinn le deich mbliana anuas measartha ard i gcomparáid le meáin Eorpacha.
• In 2021, thuairiscigh 23% de dhaoine 16-30 bliain d’aois in Éirinn go ndeachaigh siad isteach in eagraíocht óige riamh, i gcomparáid le 14% san AE27 ina iomláine.
• In Éirinn agus san AE27, bhí rátaí comhchosúla rannpháirtíochta ag fir agus mná in eagraíochtaí óige, agus rannpháirtíocht beagán níos airde d’fhir ná do mhná i 2021, an bhliain suirbhé is déanaí.
• In Éirinn agus san AE27 araon, bhí céatadáin níos airde rannpháirtíochta ag daoine óga (15-19 mbliana d’aois) in eagraíochtaí óige ná iad siúd a bhí níos sine (20-30 bliain d’aois).
• In Éirinn agus san AE27 araon, bhí céatadáin rannpháirtíochta níos airde ag daoine óga a bhí fós ag staidéar in eagraíochtaí óige ná iad siúd a raibh deireadh lena n-oideachas.
• San AE27, thuairiscigh céatadán níos airde de fhreagróirí féinfhostaithe gur chuaigh siad isteach in eagraíocht óige riamh i gcomparáid le grúpaí eile freagróirí - fostaithe, oibrí láimhe, nó gan a bheith ag obair.
• Bhí céatadán na ndaoine idir 15-30 bliain d’aois in Éirinn a ghlac páirt in eagraíocht óige is airde i measc freagróirí a bhí ina gcónaí i mbailte beaga/meánmhéide i gcomparáid leo siúd a bhí ina gcónaí i sráidbhailte tuaithe nó i mbailte móra.
• In Éirinn, nuair a rangaíodh staid airgeadais an teaghlaigh mar “gan dóthain airgid do bhunbhillí”, thuairiscigh céatadán níos airde de na freagróirí gur chuaigh siad isteach in eagraíocht óige riamh i gcomparáid leo siúd i gcásanna airgeadais teaghlaigh eile.
• San AE27, bhí céatadán na ndaoine idir 16-30 bliain d’aois a chuaigh riamh isteach in eagraíocht óige i bhfad níos airde i measc freagróirí a labhraíonn níos mó ná teanga Eorpach amháin ná i measc na bhfreagróirí nach labhraíonn ach teanga amháin nó teanga ar bith.
Ó dhaoine óga sa staidéar “Ag Fás Aníos in Éirinn”:
• Ghlac níos mó mná 13 bliana d’aois (36%) páirt i gclubanna óige i gcomparáid le fir (32%). Thuairiscigh mná agus fir 17/18 bliana d’aois agus 20 bliain d’aois leibhéil chomhchosúla rannpháirtíochta i gclubanna óige.
• Thuairiscigh leanaí ó theaghlaigh le hioncam bliantúil níos ísle rannpháirtíocht níos mó i gclubanna óige ná leanaí ó theaghlaigh le hioncam bliantúil níos airde.
• Bhí rannpháirtíocht daoine óga i gclubanna óige níos airde dóibh siúd a bhí ina gcónaí i dtithíocht ar cíos ná iad siúd a bhí ina gcónaí i dtithíocht faoi úinéireacht.
• Ghlac níos mó daoine 17 mbliana d'aois agus 20 bliain d'aois nach bhfuil faoi mhíchumas páirt i gclubanna óige i gcomparáid leo siúd a bhí faoi mhíchumas.