Foilsíonn an tAire O’Gorman Tuarascáil Spotsolais ar na Romaigh in Éirinn
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 8 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhoilsigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, tuarascáil inniu ina dtiomsaítear sonraí atá ar fáil maidir leis an bpobal Romach in Éirinn. Scrúdaítear sa tuarascáil na sonraí atá ar fáil ón Daonáireamh is déanaí (2022), inar áiríodh Romaigh mar chatagóir ar leith maidir le ceist na heitneachta den chéad uair.
Ag trácht dó ar an tuarascáil sin, dúirt an tAire O’Gorman
“Tá an rialtas seo tiomanta do shláinte agus folláine ghrúpaí eitneacha in Éirinn a fheabhsú. I mí Iúil na bliana seo, d’fhoilsigh mo roinn ár Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus an Phobail Romaigh II (NTRIS II), a bhfuil d’aidhm léi leanúint dár dtiomantas chun dearcthaí a athrú agus teacht ar réiteach maidir le neamhionannais don Lucht Siúil agus do Romaigh atá ina gcónaí in Éirinn. Tá sé mar aidhm againn riachtanais Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chomhlíonadh, agus bealaí a mholadh chun feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí a bhailítear ar na pobail seo, i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Sonraí Comhionannais atá le teacht.
”Tugann tuarascáil an lae inniu léargas níos dlúithe dúinn ar phobal na Romach in Éirinn — comhdhéanamh a dteaghlaigh, a sláinte agus a n-oideachas, chomh maith le forbhreathnú ar dhearcadh foriomlán na hÉireann i leith daoine a bhfuil eitneachtaí éagsúla acu. Is ábhar dóchais dom é, go leanfaidh an rochtain atá ar shonraí sainiúla maidir le heitneachtaí mhuintir na hÉireann ag dul chun tairbhe chun feabhas a chuir ar na seirbhísí agus tacaíochtaí atá ar fáil do na pobail seo.”
Item was unpublished or removed i sraith Spotsolais Staidrimh. Tá na foilseacháin Spotsolais seo tráthúil maidir leis an gcineál ábhair de agus is díol spéise iad do shainléitheoirí agus do léitheoirí ginearálta araon. Fuarthas na sonraí sa Spotsolas seo ón bPríomh-Oifig Staidrimh, Daonáireamh 2022, Pobal, Nasc, an Roinn Oideachais, agus Pavee Point, chomh maith le foinsí eile.
Is iad seo a leanas cuid de phríomhthorthaí na tuarascála:
- Tugann an Daonáireamh is déanaí (2022) le fios go bhfuil 16,059 Romach ina gcónaí in Éirinn. Is é seo an chéad uair a ainmníodh Romaigh mar eitneachas ar leith agus dá bhrí sin an chéad uair a taifeadadh figiúr oifigiúil.
- Tá bunáite na Romach atá ina gcónaí in Éirinn lonnaithe i mBaile Átha Cliath (6,144) agus i gCorcaigh (1,251). Is lú líon na Romach atá ina gcónaí i ngach ceann de na 24 chontae eile.
- Tá an tsláinte go maith ag tromlach foriomlán na Romach atá ina gcónaí in Éirinn rud atá ag teacht leis an treocht chéanna leis an bpobal i gcoitinne. Luaigh 87 % de na Romaigh in Éirinn go raibh a sláinte go maith nó go han-mhaith. I gcomparáid leis sin, thug 83 % de dhaonra ginearálta na hÉireann faoi deara go raibh a sláinte go maith nó go han-mhaith.
- Tá oideachas meánscoile uachtaraí curtha i gcrích ag bunáite na Romach in Éirinn. Tá ráta aistrithe 89 % ó bhunoideachas go hiar-bhunoideachas ag daoine óga Romacha, ráta atá níos ísle ná ráta aistrithe ginearálta an daonra atá 96 %, ach níos airde ná ráta aistrithe 83 % an Lucht Siúil.
- Is daoine atá ag an obair iad bunáite an daonra Romaigh os cionn 15 bliana d’aois, agus is ionann iad agus 61 % den daonra san aoisghrúpa sin. Tá beagán faoi bhun 10 % den phobal Romach os cionn 15 bliana d’aois i bhfeighil an tí/teaghlaigh.
- Maidir le hinfhostaitheacht, tugadh faoi deara go gcreideann 63 % díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu go mbeadh duine faoi mhíbhuntáiste dá n-aithneofaí é mar bhall den phobal Romach agus é/í á f(h)ostú le haghaidh róil. Ba é pobal na Romach an dara grúpa eitneach is airde a chreideann na daoine a ndearnadh suirbhé orthu a bheadh faoi mhíbhuntáiste agus iad á bhfostú do ról (ba iad baill den Lucht Siúil an grúpa eitneach ab airde, agus chreid 67 % díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu go mbeadh duine faoi mhíbhuntáiste dá n-aithneofaí mar bhall den phobal taistil iad).
[document 316227 ]