English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Plean mionsonraithe um Chur i bhFeidhm do Chéad 5, Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh

Inniu, d'fhoilsigh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone, an chéad phlean cur i bhfeidhm atá ullmhaithe ag an Rialtas don 'Chéad 5', an chéad straitéis riamh in Éirinn do luath-óige.

Straitéis radacach deich mbliana is ea Céad 5 agus leis an straitéis sin, bainfear amach an méid seo a leanas:

  • Réimse níos fairsinge de roghanna do thuismitheoirí chun cothromaíocht a bhaint amach idir oibriú agus cúram
  • Samhail nua de thacaíocht tuistithe
  • Forbairtí nua ar shláinte leanaí, lena n-áirítear lucht saothair a bheidh tiomnaithe ar shláinte leanaí
  • Athchóiriú an chórais Luathfhoghlama agus Chúraim (LFC), lena n-áirítear samhail nua chistithe
  • Pacáiste beart chun dul i ngleic le bochtaineacht luath-óige

Leagtar amach sa Phlean um Chur i bhFeidhm na céimeanna uaillmhianacha a thógfar sa chéad tréimhse den chur i bhfeidhm - ó 2019 go 2021. Rinne an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige cathaoirleacht ar Ghrúpa Idir-Rannach agus d'fhorbair an grúpa sin an plean um chur i bhfeidhm.

Agus í ag labhairt inniu mar gheall ar fhoilsiú an phlean, dúirt an tAire Zappone:

"Mar Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, tá lúcháir orm an Plean um Chur i bhFeidhm na Chéad 5 a fhoilsiú.

"Tá cur síos déanta sa phlean trí bliana seo ar na céimeanna a thógfaimid sa ghearrthéarma chun ollstruchtúr na seirbhísí luath-óige a athchóiriú sna deich mbliana atá amach romhainn, chun a dheimhniú go mbeidh na tacaíochtaí uile atá de dhíth ag leanaí ar fáil acu agus barr a gcumais a bhaint amach.

"Sa Phlean seo, leagtar amach an chonair chun an fhís atá sa Chéad 5 a bhaint amach".

Sainaithnítear sa Chéad 5 breis agus 150 gníomh a dhéanfar a thabhairt chun cinn sa chéim thosaigh um chur i bhfeidhm ó 2019 go 2021. Seo achoimre de na gníomhartha agus garspriocanna tábhachtacha:

i. Teacht ar réimse níos fairsinge de roghanna do thuismitheoirí chun cothromaíocht a bhaint amach idir oibriú agus cúram a thabhairt

Mar gheall ar sceidil na ngarspriocanna a bhainfear amach faoi 2021, déanfar cinnte de go mbeidh teidlíocht aonair ag tuismitheoirí do sheacht seachtaine de shaoire thuismitheoireachta íoctha, a d’fhéadfadh a chur ar chumas leanaí tairbhe a bhaint as cúram tuismitheora breise 14 seachtaine ina gcéad bhliain. Aithníodh réimse de garspriocanna chun go mbainfear an méid seo a leanas amach faoi 2021:

  • Tá máithreacha a dhéanann cothú cíche sa lucht saothair i dteideal sosanna cothaithe cíche/lachta a fháil ar feadh a fhad le 104 seachtain i ndiaidh go saolaítear a leanbh.
  • Tá tuismitheoirí gach linbh a shine le 12 bhliain d’aois i dteideal 26 seachtain de shaoire thuismitheoireachta neamhíoctha a ghlacadh.
  • Cuireann reachtaíocht, cultúr agus cleachtas fostaíochta ar shárchumas tuismitheoirí leanaí óga cothromaíocht a bhaint amach idir róil oibre agus chúraim.

Déanfaidh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí an obair seo a stiúradh agus déanfaidh an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige é a thacú.

ii. Samhail nua de thacaíocht tuistithe

Tá clár oibre sa Phlean um Chur i bhFeidhm na Chéad 5 chun go mbainfear amach an méid seo a leanas faoi 2021:

  • Acmhainní faisnéise maidir le tuistiú atá ar ardchaighdeán agus atá comhsheasmhach a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais tuismitheoirí.
  • Feachtas faisnéise náisiúnta poiblí ar thuistiú dearfach; agus
  • Samhail náisiúnta de sheirbhísí tuistithe - ó sholáthar spriocdhírithe go huilíoch - cláir thuistithe ar ardchaighdeán san áireamh.

Déanfaidh an tAonad Tuistithe nua, a bhunaigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige le déanaí, an obair seo a stiúradh agus déanfaidh roinnt Ranna Rialtais eile é a thacú.

iii. Forbairtí nua ar shláinte leanaí

Mar gheall ar na garspriocanna a aithníodh sa Phlean um Chur i bhFeidhm na Chéad 5, déanfar tacaíochtaí sláinte leanaí a neartú sna trí bliana atá amach romhainn. Beidh na garspriocanna sin ag cuir leis agus ar aon dul leis na polasaithe sláinte atá ann cheana, lena n-áirítear an Creat Polasaí um Éire Shláintiúil agus an Beartas Náisiúnta nua Sláinte Bhéil, Smile agus Sláinte.

Sa chéad chéim um chur i bhfeidhm, faoi stiúir na Roinne Sláinte, beidh an méid seo a leanas:

  • Treoirlínte nua maidir le Bia Sláintiúil do Leanaí 1-5 Bliana d’Aois,
  • Caighdeáin Náisiúnta Chothaithe a fhoilsiú do LFCanna do Leanaí 1-5 Bliana d’Aois, sraith straitéisí ina measc do chur i bhfeidhm.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar agus scóip na Scéime Cúram Máithreachais agus Naíonán,
  • pacáistí chúram sláinte béil coisctheacha a chur ar fáil do pháistí faoi bhun a sé agus,
  • cur leis an gClár Náisiúnta Óige Sláintiúla, a chuimsíonn scagthástáil athbhreithnithe sláinte leanaí, vacsaínithe agus eile.

Déanfar dul chun cinn suntasach i bhforbairt lucht saothair a bheidh tiomnaithe ar shláinte leanaí. Beidh sin dírithe i dtosach ar cheantair ina bhfuil ard-dlús daonra agus míbhuntáiste. Déanfar an obair bhunúsach atá de dhíth chun an gníomh bunathraitheach seo a bhaint amach sa chéad chéim den chur i bhfeidhm.

iv. Athchóiriú an chórais Luathfhoghlama agus Chúraim (LFC)

Leagtar amach conair shoiléir chun inacmhainneacht, inrochtaineacht agus cáilíocht Luathfhoghlamtha agus Cúraim agus Cúraim Leanaí ar Aois Scoile. Tá sceidil garspriocanna ann chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

  • an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí a thabhairt isteach,
  • druidim de réir a chéile i dtreo lucht saothair gairmiúil i Luathfhoghlaim agus Cúram atá faoi stiúir céimithe,
  • rialacháin a thabhairt isteach maidir le feighlí leanaí atá íoctha agus cúram leanaí ar aois scoile, agus
  • chun cur leis an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, déanfar obair bhunúsach chun samhail nua chistithe a fhorbairt do Luathfhoghlaim agus Cúram - tacófar sin le cáilíocht níos fearr ach ní bheidh costais níos airde le híoc ag tuismitheoirí nó fadhbanna maidir le hinbhuanaitheacht ag soláthróirí.

Déanfaidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus an Roinn Oideachais agus Scileanna an obair seo a stiúradh.

v. Pacáiste beart chun dul i ngleic le bochtaineacht luath-óige, lena n-áirítear bochtaineacht a bhaineann le hioncam, fuinneamh agus bia.

Sainaithnítear sa Phlean um Chur i bhFeidhm na Chéad 5 bearta nua a rachaidh i ngleic le bochtaineacht sa luath-óige. Beidh bearta maidir le bochtaineacht ioncaim, bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht bia le fáil ann. Déanfar cinnte de go mbainfear an méid seo a leanas amach faoi 2021:

  • teacht níos fairsinge ar LFC saor in aisce agus fóirdheonaithe chun go mbeidh teaghlaigh in ann poist a fháil.
  • cuirfear síneadh leis na Scéimeanna Teasa agus Folláine agus Tithe Níos Teo.
  • Triail phíolótach a bhaint as cláir bhainne agus bhéile i suíomhanna luathfhoghlamtha agus cúraim.
  • teacht níos fearr ar Chláir Phobalbhunaithe Chócaireachta.

Déanfar obair tosaigh ar shamhail de chineál DEIS a thabhairt isteach do shuíomhanna LFC.

Déanfaidh roinnt Ranna Rialtais an obair seo a stiúradh, lena n-áirítear Leanaí agus Gnóthaí Óige; Sláinte; Cumarsáid, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaol; Talmhaíocht, Bia agus Mara; agus Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Agus í ag déanamh tráchta ar an bPlean um Chur i bhFeidhm, labhair an tAire Zappone faoin dul chun cinn atá déanta cheana - agus cuid mhaith de na gníomhartha á gcur i bhfeidhm cheana féin:

"Tá dul chun cinn suntasach déanta cheana féin ar na gealltanais atá sa Chéad 5, ó foilsíodh i dtús é i mí na Samhna 2018.

"I mo Roinn féin, tá tús curtha leis na blocanna tógála, atá riachtanach chun an plean a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear Aonad Tacaíochta Tuistithe, Oifig um Chur i bhFeidhm na Chéad 5 agus Plean Meastóireachta agus Taighde Céad 5.

"Le déanaí, d'fhoilsigh mé na baill agus na téarmaí tagartha don Ghrúpa Stiúrtha ar an bPlean Forbartha don Fhórsa Oibre le haghaidh na hEarnála Luathfhoghlamtha agus Cúraim agus Cúraim Leanaí ar Aois Scoile. Déanfar na baill agus na téarmaí tagartha don Sainghrúpa le haghaidh athchóiriú ar an tsamhail chistithe a fhoilsiú taobh istigh de mhí.

"Chomh maith leis sin, leanfar ar aghaidh le hullmhúchán dian chun an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí a sheoladh níos déanaí i mbliana".

Chuir an tAire fáilte roimh na hiarrachtaí comhoibríocha agus an uaillmhian atá againn ar fad an fhís atá sna Chéad 5 a bhaint amach - ar fud an Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit agus an Earnáil Pobail agus Dheonach.

"Straitéis uile-Rialtais, uile-shochaí fiú, is ea Céad 5 - beidh ról ag gach duine.

"Agus muid ag baint amach na spriocanna atá sa Phlean um Chur i bhFeidhm seo, beidh mo Roinn i gcónaí ag obair chun an iarracht chomhoibríoch seo a stiúradh.

"Táim ag tnúth go mór le hobair a dhéanamh le comhghleacaithe i Ranna Rialtais eile, i nGníomhaireachtaí Stáit, san Earnáil Pobail agus Dheonach agus páirtithe eile chun torthaí níos fearr a bhaint amach do naíonáin, leanaí óga agus a dteaghlaigh".

Tá sé beartaithe ag an Oifig um Chur i bhFeidhm na Chéad 5 tuarascáil bhliantúil a fhorbairt agus beidh an tuarascáil sin bunaithe ar an bPlean um Chur i bhFeidhm. Bhunaigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige an Oifig sin le déanaí chun monatóireacht agus tuairisciú a mhaoirsiú ar chur i bhfeidhm na Chéad 5.

CRÍOCH