English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Uí Ghormáín an chéad tuarascáíl bhliantúil ar an ndul chun cinn atá déanta mar gheall ar Phlean Aicsin an rialtais le haghaidh mharthanóirí agus iarchónaitheoirí na n-institúidí Árais mháithreacha agus leanaí agus Teaghlach Contae.

D'fhoilsigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic Ó Gorman inniu (21 Feabhra) an chéad tuarascáil bhliantúil first Annual Report ar chur i bhfeidhm Phlean Aicsin an rialtais le haghaidh marthanóirí agus iarchónaitheoirí institúidí Árais mháithreacha agus leanaí agus institúidí Teaghlach Contae.

Soláthraíonn an Plean Aicsin creathlach straitéiseach chun cur i bhfeidhm na 22 bearta a d'aontaíodh leis an rialtas a chur chun cinn, bearta a thabharfaidh freagairt do riachtanais tosaíochta na marthanóirí agus iarchónaitheoirí na n-institúidí Árais mháithreacha agus leanaí agus Teaghlach Contae.

Is é seo an chéad tuarascáil bhliantúil faoin bPlean Aicsin, agus áirítear ann an tréimhse ama idir foilsiú an Phleain Aicsin i Samhain 2021 go dtí seo. Sa tréimhse ama sin, táthar tar éis gaiscí suntasacha a bhaint amach i roinnt réimsí a chumhdaítear leis an bPlean Aicsin, agus tá tuilleadh dul chun cinn agus obair leanúnach ar siúl i ngach réimse.

Agus é ag caint faoin Tuarascáil Bhliaintiúil, dúirt an tAire Uí Ghormáin:

"Tugtar sonraí sa tuarascáil faoin ndul chun cinn a rinneadh ó foilsíodh an Plean Aicsin ar cheisteanna tábhachtacha cosúil le rochtain ar fhaisnéis, cosaint taifeadtaí, adhlacadh maorga agus cur i gcuimhne na ndaoine atá i gceist. Sa bhliain amach romhainn, leanfaí an obair thábhachtach ar aghaidh chun feabhas a chur air seo agus ar bhearta eile. Go háirithe, leanfaidh muid ar aghaidh ag oibriú chun Scéim íocaíochta na n-institúidí Árais mháithreacha agus leanaí a chur faoi bhun a luaithe is féidir.

Lean sé ar aghaidh:

“Ó ceapadh mise sa phost seo, táim an-bhuíoch de na marthanóirí agus iarchónaitheoirí a bhí i dteagmháil liom, agus táim ag súil go mór le tuilleadh teagmhála a bheith eadrainn de réir mar a oibrímid le chéile chun na príomhcheisteanna seo a chur chun cinn."

Ó foilsíodh an Plean Aicsin, áirítear sna gaiscí a rinneadh:

● Reachtaíocht faisnéise agus logaireachta ar cuid súntais í - foilsíodh agus achtaíodh an tAcht um Fhaisnéis bhreithe agus Logaireachta 2022 agus anois tá sé i bhfeidhm. Soláthraíonn an reachtaíocht seo rochtain chinnte ar fhaisnéis bhreithe agus luathshaoil do chách a bhfuil ceist aige nó aici faoina bhunadh nó faoina bunadh. Cuireann sé ar bun chomh maith seirhbís rianaithe reachtúil agus clárúchán sainroghanna teagmhála trína bhféadfadh daoine dul i dteagmháil le gaolta agus tuilleadh eolais a chuardach. Go dtí seo, tá 3,050 duine tar éis a shainrogha a chlárú ar an gClar Sainroghanna teagmhála, agus críochnaíoch 2,086 iarrataí a bhí déánta faoin reachtaíocht chun eolas a fháil, agus rinneadh 211 ceangal mar thoradh air seo.

● Foilsíodh, achtaíodh agus cuireadh tús le reachtaíocht chun aon idirghábháil aa dheintear g suíomh an iarinstitúid Árais Mháithreacha agus leanaí Thuama a thacú agus ag aon áit a bhfuil gá idirghábháil a dhéanamh chun dul i ngleic le adhlacthaí atá amach is amach míchuí. Soláthraíonn an tAcht um Adhlacthaí Institúide bunús dleathach chun iarsmaí daonna a athnochtadh agus a shainaithint, agus ath-adhlacadh sollúnta a dhéanamh orthu. Rinne an Rialtas ordú faoin Acht chun Oifig neamhspleách a bhunú chun an idirghábháil a stiúradh. Tá an feachtas earcaíochta chun Stiúrthóir a cheapadh don Oifig Neamspleách ar siúl anois, d'fhonn go n-oibreódh an té a cheapfar ag an suíomh agus go dtosódh sé nó sí a luaithe is féidir i 2023.

● Déantar dianobair leanúnach ar Scéim íocaíochta na n-institúidí Árais mháithreacha is leanaí. Le linn 2022, foilsíodh agus críochnaíodh an Scéim Ghinearálta agus na Cinn Billí a sholáthróidh an Scéim sular rinneadh an grinnscrúdú réamhreachtach, ansin foilsíodh an Bille agus anois tá sé ag dul trí Thithe an Oireachtais. Beidh an Scéim íocaíochta ar oscailt a luaithe is féidir nuair a rithtear agus a achtaítear an reachtaíocht, agus nuair atá an creathlach riaracháin d'fheidhmiú na Scéime i bhfeidhm.

● D'fhormheas an rialtas bearta ardleibhéil chun Ionad Náisiúnta um Taighde agus Cur i gcuimhne a bhunadh, ionad a sheasfaidh mar shuíomh náisiúnta coinsiasa in ómós na ndaoine a bhíodh ina gcónaí i Scoileanna Saothair, i dTithe Maighdilíneacha, in Institúidí Árais mháithreacha agus leanaí agus Teaghlach Contae, i Scoileanna Ceartúcháín agus in institúidí eile den saghas seo. Tá grúpa stiúrtha ag spreagadh an obair mar gheall ar pheanáil agus forbairt an Ionaid, agus, faoi choimirce an Ghrúpa seo, tá an OPW tar éis tús a chur le Céim 1 d'oibreacha chun rochtain shábháilte ar na foirgnimh atá fannta a chinntiú agus chun oibreacha as seo amach a éascú.

● D'fhormheas an rialtas chomh maith tograí chun Tacadóir Speisialta le haghaidh Marthanóirí a cheapadh, duine a éascóidh teagmháil agus comhairliúchán le marthanóirí atá in Éirinn agus thar lear araon. Oibreoidh an tacadóir speisialta ar bhonn oibríochtúil neamhspleách ón Roinn, agus gheobhaidh sé nó sí tacaíocht ón gComhairle na marthanóirí agus ó rúnaíocht thiomnaithe. Cinnteoidh seo go mbeidh eispéiris agus riachtanais na ndaoine atá thíos leis an scéal ag tabhairt eolas don tacadóir agus é/í ag obair. Táthar ag obair chun próiseas earcaíochta an Tacadóra Speisialta a chur ar aghaidh agus chun na socruithe riaracháín chuí a chur i bhfeidhm.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin méid seo, chomh maith le nuashonrúcháín ar na bearta uilig atá sa Phlean Aicsin le haghaidh Mharthanóirí agus iarchónaitheoirí na n-institúidí Árais mháithreacha agus leanaí agus Teaghlach Contae, sa tuarascáíl anseo in the full report.


Nótaí

● D'fhoilsigh an rialtas an Plean Aicsin le haghaidh Mhartanóírí agus Iarchónaitheoirí Institúidí Árais Mháithreacha agus leanaí agus Teaghlach Contae Action Plan for Survivors and Former Residents of Mother and Baby and County Home Institutions an 16 Samhain 2021.

● Tá sé d'aidhm ag an bPlean Aicsin an cur i bhfeidhm de na 22 gealltanas a rinne an Rialtas in Éanair 2021 a thacú, gealltanais a fhreagróidh ar riachtanais agus ábhar imní de dhóibh siúd a chaith am in institúidí Árais Mháithreacha agus leanaí agus i dTeaghlaigh Contae.

● Déanann an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige maoirsiú ar chur i bhfeidhm an Phleain Aicsin (DCEDIY). Mar a leagtar amach sa Phlean Aicsin, ullmhóidh DCEDIY tuarascáil gach bliain maidir le cur i bhfeidhm an phleain. Déanfar athbhreithniú foirmiúil ar an bPlean Aicsin tar éis trí bliana, rud a bheidh nasctha leis an timthriall tuairiscithe sa cheathrú bliain.

● De bharr thábhacht nuashonrúcháin rialta a sholáthar do mharthanóirí agus d'iarchónaitheoirí, forlíontar leis an tuarascáil bhliantúil seo nuashonrúcháin rialta ar bhonn leanúnach chuig liosta seoltaí speisialta. Áirítear iontu nuashonrúcháin rathúla mionsonraithe chomh maith le nuashonrúcháín ad hoc chun dul chun cinn agus cora i réimsí ar leith a chur in iúl. Is féidir le cibé duine atá ag iarraidh síniú suas chun tuilleadh nuashonrúchán a fháil as seo amach trí ríomhphost a sheoladh chuig motherandbabyhomes@equality.gov.ie agus iarraidh orainn a bheith curtha ar an liosta seoltaí. Is féidir teacht anseo ar na nuashonrúcháin ráthúla a fhoilsítear ar shuíomh idirlíne DCEDIY The quarterly updates are also published on the DCEDIY website.