Foilsíonn an tAire Zappone an Bille um Chaomhnóirí Ad Litem
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 12 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Cuireann caomhnóirí ad litem (CALanna) feabhas ar chumas cinnteoireachta na cúirte in imeachtaí cúram leanaí trí chomhairle a chur ar fáil maidir le sárleasanna linbh agus dearcthaí an linbh a chur in iúl don chúirt.
- Cuirfidh an Bille um Chúram Leanaí (Leasú), 2019 leis an gcóras CAL chun go dtéann sé chun sochair an lín is mó leanaí agus daoine óga
- Cinnteoidh an Bille um Chúram Leanaí (Leasú), 2019 go bhfreastalaítear i gcónaí ar shárleasanna leanaí agus daoine óga in imeachtaí cúraim i gcónaí trína cheadú a nglórtha a chloisteáil
D’fhoilsigh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dr Katherine Zappone, An Bille um Chúram Leanaí (Leasú), 2019. Téitear i ngleic sa Bhille le heasnaimh shuntasacha sna forálacha reatha um Chaomhnóir ad litem (CAL) faoi Alt 26 den Acht um Chúram Leanaí, 1991. Is é a chuspóir chun an córas reatha ad hoc de cheapacháin Chaomhnóra ad litem a rialáil agus chun an córas a shíneadh chun go dtéann sé chun sochair an lín is mó leanaí agus daoine óga.
Ceapann breithiúna caomhnóirí ad litem in imeachtaí cúram leanaí. Is é an ról atá acu chun mianta, mothúcháin agus leasanna an linbh a dheimhniú go neamhspleách agus iad a chur i láthair na cúirte le moltaí.
Dúirt an tAire Zappone:
“Is deas liom a fhógairt gur foilsíodh an Bille um Chúram Leanaí (Leasú), 2019 a dhéanann foráil do sheirbhís nua Chaomhnóra ad litem laistigh d’Oifig Feidhmiúcháin mo Roinne. Foráiltear sa Bhille do thoimhde i bhfabhar Caomhnóir ad litem a cheapadh do gach leanbh agus duine óg i gcásanna cúram leanaí. Cinnteoidh é seo go gcuirtear dearcadh linbh in iúl i gcónaí go héifeachtach don Chúirt in imeachtaí cúirte cúram leanaí.
“Tá an Bille ina thoradh ar ghealltanas an Rialtais chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bhforáil a dhéantar faoi láthair do Chaomhnóir ad litem. Cuireann sé feabhas suntasach ar an reachtaíocht reatha lena chinntiú go seastar le cearta uile leanaí leochaileacha in imeachtaí cúram leanaí. I gcomhthráth leis na hathchóirithe riachtanacha reachtaíochta a thabhairt chun cinn, beartaím, le cabhair ó na páirtithe leasmhara ábhartha, chun dul i gcomhairle le leanaí agus daoine óga sna míonna amach romhainn maidir le saghas na seirbhíse Caomhnóra ad litem a sholáthrófar. Cuirfidh seo eolas ar fáil do ghnéithe nós imeachta na seirbhíse nua.
“Bronntar sa Bhille seo an bonn reachtúil orm chun seirbhís náisiúnta ardchaighdeáin, agus inbhuanaithe Chaomhnóra ad litem a chur i bhfeidhm laistigh de mo Roinn agus lena chinntiú go dtugtar an deis do na leanaí go léir atá bainteach in imeachtaí cúram leanaí go gcloistear a nglór agus go dtugtar an aird chuí ar a sárleasanna.”
An Bille um Chúram Leanaí (Leasú), 2019:
- Foráiltear sa Bhille do thoimhde i bhfabhar Caomhnóir ad litem a cheapadh do gach leanbh in imeachtaí cúram leanaí.
- Ceanglaítear sa Bhille ar an gcúirt, má dhiúltaíonn sé chun Caomhnóir ad litem a cheapadh, chun na cúiseanna a lua nár ceapadh CAL agus a thabhairt le fios conas a bheartaíonn sé éisteacht le dearcthaí an linbh.
- Sonraítear sa Bhille ról agus stádas Caomhnóra ad litem agus ceadaítear don Aire rialacháin a dhéanamh ar na cáilíochtaí agus an taithí a theastaíonn chun gníomhú mar Chaomhnóir ad litem.
- Foráiltear sa Bhille do phróiseas nua náisiúnta agus trédhearcach chun CALanna a cheapadh agus a shannadh do chásanna cúram leanaí.
- Déantar foráil, chomh maith, do Chaomhnóir ad litem a cheapadh go héigeantach i ngach imeacht faoi Alt 25 den Acht Meabhair-Shláinte, 2001, a fhorálann do chead isteach neamhdheonach a thabhairt do leanbh a bhfuil neamhord meabhrach air/uirthi chuig ionad faofa.
- Leagtar an bonn reachtúil síos sa reachtaíocht chun seirbhís Chaomhnóir ad litem a bhunú laistigh d’Oifig Fheidhmiúcháin laistigh den Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Cuirfidh seo ar chumas an Aire seirbhís a eagraítear agus a bhainistítear go náisiúnta a chur i bhfeidhm lena chumasú agus lena éascú dearcthaí an linbh a chloisteáil in imeachtaí faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991 lena chinntiú go gcuirtear seirbhís ardchaighdeáin agus inbhuanaithe ar fáil amach anseo.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Caomhnóirí ad litem (CALanna)
Ceapann breithiúna caomhnóirí ad litem (CALanna) in imeachtaí cúram leanaí faoi Alt 26 den Acht um Chúram Leanaí, 1991, arna leasú. Beartaítear go gcuirfidh CALanna feabhas ar chumas cinnteoireachta na cúirte in imeachtaí cúram leanaí. Is éard a bheidh i ról agus croífheidhmeanna an Chaomhnóra ad litem ná an chúirt a chur ar an eolas ar aon dearcthaí ar mian leis an leanbh a chur in iúl agus lena thabhairt le fios don chúirt an méid a théann chun sárleasanna an linbh, ina t(h)uairim ghairmiúil.
Foráiltear do shocruithe caomhnóra ad litem faoi láthair do leanaí atá mar ábhar imeachtaí cúram leanaí dlí phoiblí faoi Alt 26 den Acht um Chúram Leanaí, 1991, dar tosach feidhme an 31 Deireadh Fómhair 1995.
Is é ról an Chaomhnóra ad litem chun mianta, mothúcháin agus leasanna an linbh a dheimhniú go neamhspleách agus iad a chur i láthair na cúirte le moltaí.
Ina thaobh seo, bailíonn an Caomhnóir ad litem faisnéis faoi chás an linbh agus tugann sé/sí faisnéis don leanbh faoi phróiseas na cúirte. Déanann an Caomhnóir ad litem idirchaidreamh leis an leanbh lena dheimhniú a m(h)ianta agus a m(h)othúcháin. Téann siad i gcomhairle le hoibrithe sóisialta, tuismitheoirí, cúramóirí agus daoine eile i dtaca leis an leanbh. Freastalaíonn siad ar chomhdhálacha agus athbhreithnithe leasa, cruinnithe sa chúirt agus comhdhálacha cáis. Cuireann siad mianta, leasanna agus cearta an linbh chun cinn laistigh de limistéar na cúirte.
Tá thart ar 75 Caomhnóir ad litem ann faoi láthair a oibríonn ar fud na hÉireann.