Fuinneamh nua le hiarrachtaí na hÉireann chun deireadh a chur le Foréigean ar bhonn Inscne | €500,000 eile geallta ag Éirinn chun deireadh a chur le Foréigean ar bhonn Inscne i nGéarchéimeanna Daonnúla
- Foilsithe: 24 Bealtaine 2019
- An t-eolas is déanaí: 19 Samhain 2019
Inniu, bhí an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone, i láthair ag Comhdháil maidir le Deireadh a chur le Foréigean Gnéasach agus ar bhonn Inscne in Osló, áit ar gheall Éire €2.2 mhilliún chun aghaidh a thabhairt ar foréigean ar bhonn inscne i ngéarchéimeanna daonnúla in 2019.
Ba é aidhm na comhdhála tiomantas polaitiúil níos láidre a chur chun cinn ar mhaithe le deireadh a chur le foréigean ar bhonn inscne in éigeandálaí.
Agus í ag labhair ag an gcomhdháil, dúirt an tAire Zappone:
“Is beag coir atá níos uafásaí, níos gránna nó a dhéanann níos mó dochair ná foréigean ar bhonn inscne. Mar Aire, tá sé feicthe agam féin an obair luachmhar a dhéanann gníomhaireachtaí ar an líne thosaigh chun tacaíocht a thabhairt do mhná agus leanaí atá ag fulaingt mar gheall ar foréigean gnéasach agus foréigean ar bhonn inscne in Éirinn. Inniu, chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm agus mé ag éisteacht leis na tuairimí díograiseacha ó eagraíochtaí áitiúla faoi stiúir ban a throideann gach lá ar na línte tosaigh de ghéarchéimeanna daonnúla. Ní amháin go bhfuil teip ann ó thaobh cearta an duine agus cosanta, ach tá teip pholaitiúil ann chun comhionannas na mban a chur chun tosaigh chomh maith; teip atá fréamhaithe inár gcóras agus inár gcultúr."
Tá Éire ag obair le fuinneamh nua chun deireadh a chur le foréigean ar bhonn inscne agus tá comhionannas inscne á chur i gcroílár a polasaithe nua maidir le forbairt idirnáisiúnta, Domhan Níos Fearr. Tá sé geallta sa pholasaí go gcuirfear méadú ar an tacaíocht a thugann Éire do chláir a bhfuil baint díreach acu le comhionannas inscne a bhaint amach, lena n-áirítear cosc a chur ar agus aghaidh a thabhairt ar foréigean ar bhonn inscne in éagandálaí.
Mar chuid den mhaoiniú atá geallta ag Éirinn, tá €500,000 sa bhreis curtha ar fáil d'Achainí Speisialta ICRC maidir le hAghaidh a Thabhairt ar Foréigean Gnéasach agus ar bhonn Inscne, chomh maith le maoiniú don Chomhpháirtíocht Cúltaca Acmhainne Inscne UN. Tá clár trí bliana ag Éirinn cheana féin leis an gCoiste Tarrthála Idirnáisiúnta arb fhiú €4.5 milliún. Dírítear an clár seo ar sheirbhísí tarrthála a théann i ngleic le foréigean ar bhonn inscne agus ar chláir a chuireann ar chumas mná agus cailíní ó dhaonra atá buailte ag géarchéimeanna.
Dúirt an tAire Zappone:
"Tá na milliúin daoine i ngéarchéimeanna, mná agus cailíní den chuid is mó, fós ag fulaingt mar gheall ar an paindéim uafásach agus forleathan de fhoréigean ar bhonn inscne. Ba chóir go mbeadh cláir a bhaineann le foréigean ar bhonn inscne mar chuid de gach freagairt daonnúil”.
CRÍOCH