Is féidir iarratais a chur isteach ó inniu (25ú Feabhra) i gcomhair €6m de chistiú caipitil Cúraim Leanaí | Cistiú ar fáil le haghaidh áiteanna sa bhreis agus sábháilteacht dóiteáin
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 25 Feabhra 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone, ag fógairt gur féidir iarratais a chur isteach le haghaidh na gclár caipitil 2019 a bhaineann le Luathfhoghlaim agus Cúram agus le hAois Scoile, atá ag tosú inniu, Dé Luain 25ú Feabhra.
Is féidir iarratais i gcomhair níos mó ná €6m de chistiú a dhéanamh tríd an Ardán um Chur i bhFeidhm Clár (PIP).
Glacfar le hiarratais go dtí Dé Céadaoin 27ú Márta 2019 ag 3pm.
Táthar ag súil go gcuirfear cinntí ar fáil i Meitheamh 2019.
Seo mar a leanas na sraitheanna cistithe atá ar fáil:
- Sraith A: Áiteanna nua a chruthú le haghaidh leanaí idir 0-3 bliana d'aois- €4.231m (Uasmhéid: €50,000 an deontas).
- Sraith B: Sábháilteacht Dóiteáin do sheirbhísí luathfhoghlama agus cúraim pobail - €0.875m (Uasmhéid: €15,000 an deontas)
- Sraith C: Áiteanna nua a chruthú le haghaidh leanaí atá ar aois scoile - €1m (Uasmhéid: €20,000 an deontas).
Iarrtar ar sholáthróirí cúraim leanaí a bhíonn ag plé le luathfhoghlaim agus cúram agus dóibh siúd a bhíonn ag plé le leanaí ar aois scoile iarratas a chur isteach.
Dúirt an tAire Zappone:
"Is bliain mhór í seo do chúram leanaí agus do luathfhoghlaim. Rinneamar go leor ullmhúcháin le blianta beaga anuas agus méadaíodh infheistíocht an Rialtais 117% ó 2015. Déanfaidh sé sin an bealach a réiteach don Scéim Inacmhainne Cúraim Leanaí (ACS), a sheolfar níos déanaí i mbliana.
"Tá ról tábhachtach ag soláthróirí agus ag tuismitheoirí araon. Mar gheall ar an gcistiú caipitil seo, beidh siad in ann spásanna sa bhreis a chur ar fáil agus feabhas a chur ar cháilíocht. Nuair a chuirfear tús leis an scéim nua, beidh an dara sraith de chistiú caipitil ar fáil.
"Táim ag tnúth le tuilleadh eolais a fhógairt maidir le seoladh na scéime nua sna seachtainí atá amach romhainn".
Moltar do pháirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh lena gCoiste áitiúil Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí (CCC) má tá ceisteanna ar bith acu faoin bpróiseas
CRÍOCH