Léiríonn comhsheoladh taighde na dúshláin atá roimh dhéagóirí.
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 20 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 11 Deireadh Fómhair 2024
Tuarascáil ar Phríomhthorthaí Íogaire FAÉ & Tionscadal Anailíse Drugaí & Alcóil BTS FAÉ
Inniu, sheol an tAire Stáit sa Roinn Sláinte, Colm Burke, taighde a sholáthraíonn fianaise ar chuid de na dúshláin atá roimh dhaoine óga thar raon saincheisteanna. Cuireann an seoladh comhpháirteach seo torthaí i láthair ó dhá phríomhthionscadal taighde, an tuarascáil is déanaí ó Ag fás aníos in Éirinn de chuid RLCMLÓ, Príomhthorthaí ón Suirbhé Féinchríochnaithe le Cohórt ’08 ag 13, agus na torthaí is déanaí ó thionscadal an Bhoird Taighde Sláinte, an Staidéar Anailíse Drugaí agus Alcóil Ag Fás Aníos in Éirinn.
Tá Ag Fás Aníos in Éirinn ag leanúint dul chun cinn os cionn 6,000 leanbh a rugadh in 2008 ó bhí siad ina leanaí. In 2021/22, nuair a bhí na leanaí seo 13 bliana d’aois – agus díreach ag teacht chun cinn ó dhéine na paindéime Covid – cuireadh agallamh orthu féin agus ar a dtuismitheoirí ar raon ábhar lena n-áirítear sláinte, scoil, caidrimh agus a bhfolláine ghinearálta. Mar chuid den suirbhé sin, chuir leanaí 13 bliana d’aois agus a dtuismitheoirí féin roinnt ceisteanna i gcrích maidir le dúshláin na luath-ógántachta lena n-áirítear caitheamh tobac, ól agus vápáil; saincheisteanna gnéis agus caidrimh; bulaíocht; meabhairshláinte agus caidrimh teaghlaigh. Sa tuarascáil a seoladh inniu, Príomhthorthaí ón Suirbhé Féinchríochnaithe le Cohórt ’08 ag 13, tugtar an chéad fhéachaint ar an méid a d’inis daoine óga agus tuismitheoirí dúinn faoi na saincheisteanna dúshlánacha seo, agus léirítear cuid de na patrúin atá ag teacht chun cinn do bhuachaillí agus do chailíní, agus do theaghlaigh a bhfuil buntáiste socheacnamaíoch níos mó nó níos lú acu. Mar shampla:
• Bhain beagnach 10% de leanaí 13 bliana d’aois triail as vápáil, rud a bhí níos coitianta ná triail a bhaint as caitheamh tobac. Ba mhó an seans go ndéanfadh daoine óga a raibh tuismitheoir acu a bhí ag vápáil (nó a chaith tobac) triail a bhaint as vápáil (15%).
• Phléigh díreach os cionn leath (55%) de dhaoine 13 bliana d’aois saincheisteanna gnéis nó caidrimh le tuismitheoir. Nuair a fiafraíodh díobh cé a rachadh siad chun eolas nó comhairle a fháil uatha, ar na saincheisteanna seo, dúirt 37% de leanaí 13 bliana d’aois go rachadh siad chuig a máthair, 17% chuig a gcairde, 13% chuig an idirlíon agus 8% chuig a n-athair. Dúirt 8% eile nach raibh áit ar bith ann a rachadh siad chun eolas nó comhairle a fháil maidir le gnéas agus caidrimh.
• Nuair a fiafraíodh de leanaí 13 bliana d’aois faoin taithí a bhí acu le déanaí maidir le hiompraíochtaí bulaíochta, bhí ar 34% dul i ngleic le heisiamh (á fhágáil amach), bhí 33% faoi réir glaoch ainmneacha nó magadh agus d’fhulaing 30%, mar gheall iad a bhrú, sonc a bheith faighte acu nó clabhta a fháil. Mar sin féin, ní dhearna ach 9% de leanaí 13 bliana d’aois cur síos orthu féin mar íospartach bulaíochta.
• Dúirt tromlach (77%) de leanaí 13 bliana d’aois go réitigh siad ‘go han-mhaith’ leis an tuismitheoir a thug aire dóibh de ghnáth; ach bhí buachaillí níos dearfaí ná cailíní (83% vs 70%).
• Nuair a fiafraíodh díobh cad a bhí siad ag tnúth leis, agus iad ina ndaoine fásta, dúirt 32% de leanaí 13 bliana d’aois ‘ag taisteal go tíortha éagsúla’. Ba é seo an rogha ba choitianta, agus ina dhiaidh sin bhí ‘ina gcónaí i m’áit féin (18%) agus ‘post a fháil’ (16%).
Ar leithligh, tá coimisiúnú déanta ag an mBord um Thaighde Sláinte ar thionscadal taighde chun anailís a dhéanamh ar Ag Fás aníos in Éirinn, mar chuid den chlár monatóireachta agus tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Drugaí. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal, tosca a bhaineann le hiompar úsáide substaintí (alcóil agus drugaí) i measc leanaí agus daoine óga na hÉireann a aithint, agus na hiarmhairtí sláinte, sóisialta, cognaíocha agus mothúchánacha a bhaineann le húsáid substaintí a thuar freisin. I ndeireadh na dála, tá sé mar aidhm ag an tionscadal fianaise a sholáthar do lucht déanta beartas agus do chleachtóirí a chuirfidh ar a gcumas patrúin in úsáid substaintí a shainaithint i measc leanaí agus daoine óga agus idirghabhálacha bunaithe ar fhianaise agus spriocdhírithe a dhearadh sna suíomhanna is oiriúnaí.
Chuir an fhoireann taighde, faoi stiúir an Disciplín um Shláinte Poiblí agus an Chúraim Phríomhúil i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, torthaí nua ón tionscadal i láthair, a chlúdaigh úsáid drugaí agus alcóil san ógántacht níos déanaí, agus an ceangal idir eispéiris dhíobhálacha óige agus úsáid substaintí.
Seoladh na torthaí taighde seo ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, chuir taighdeoirí a dtorthaí faoi bhráid lucht féachana de lucht déanta beartas. Rinne daoine óga ionadaíocht ar Chomhairle na nÓg (comhairlí óige áitiúla) a chuir fáilte roimh an taighde agus labhair siad faoin gcaoi a dtacaíonn an fhianaise seo le hiarrachtaí na gcomhairlí óige seo ar fud na tíre tionchar a imirt ar bheartas an rialtais maidir le húsáid substaintí, sláinte agus folláine agus oideachas gnéis.
Dúirt an tAire O’Gorman:
"Cuireann an taighde seo fianaise cothrom le dáta ar fáil dúinn ar chuid de na dúshláin atá roimh dhéagóirí sa lá atá inniu ann. Léiríonn sé dúinn cad is gá dúinn sa rialtas díriú air ionas gur féidir linn tacú le gach duine óg a lánacmhainneacht a bhaint amach agus saol sláintiúil sona a chaitheamh."
Dúirt Colm Burke, an tAire Stáit sa Roinn Sláinte le freagracht speisialta as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí:
"Bhí lúcháir orm na torthaí taighde seo a sheoladh agus tacú leis an gcomhoibriú ar fud an dá Roinn chun iniúchadh domhain a dhéanamh ar na saincheisteanna an-tromchúiseacha a bhíonn ag daoine óga san ógántacht. Cuireann an taighde seo eolas úsáideach ar fáil dúinn chun ár mbeartais sláinte a dhíriú orthu siúd a bhfuil tacaíocht ar leith de dhíth orthu. Cuireann sé an fhaisnéis a theastaíonn uainn ar fáil dúinn freisin chun rioscaí a chosc agus chun tacú leo siúd atá i mbaol ó úsáid substaintí."
Críoch//
Nótaí d’eagarthóirí:
Maidir leis an staidéar Ag Fás Aníos in Éirinn: Is é Ag Fás Aníos in Éirinn, a bhunaigh an rialtas in 2006, an staidéar náisiúnta fadaimseartha ar leanaí agus ar dhaoine óga, arna dhéanamh i gcomhpháirt ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) agus ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tugtar cuairt arís ar leanaí agus ar a dteaghlaigh gach cúpla bliain chun agallaimh a chur i gcrích. Bhí dhá chohórt sa staidéar ar dtús, ceann a rugadh in 1998 agus ceann eile a rugadh in 2008, cuirfear an tríú cohórt leis i ndeireadh 2024.
Maidir leis an tuarascáil seo: Sa tuarascáil Ag Fás Aníos in Éirinn a sheol an fhoireann Taighde agus Meastóireachta atá lonnaithe sa Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige inniu, déantar iniúchadh ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn do dhaoine óga in Éirinn, a shroich 13 bliana d’aois in 2021, le linn thréimhse na paindéime. Cuireadh ceist ar na daoine óga seo (agus ar a dtuismitheoirí) faoina dtaithí ar chaitheamh tobac, vápáil, ól, iompraíochtaí frithshóisialta chomh maith lena meabhairshláinte, agus caidrimh le teaghlach agus piaraí. Toisc gur cuireadh ceisteanna den chineál céanna ar an gCohórt ’98 níos sine 10 mbliana roimhe sin, i gcás go leor saincheisteanna is féidir an dá shraith de leanaí 13 bliana d’aois a chur i gcomparáid, deich mbliana óna chéile.
Tá ceisteanna agus tuilleadh eolais ar fáil trí theagmháil a dhéanamh ag [ríomhphost press.office@equality.gov.ie]
Beidh an tuarascáil ar fáil le híoslódáil ó https://www.growingup.gov.ie/ ón Déardaoin ag 10.30am.
Maidir leis an tuarascáil BTS atá á cur i láthair ag an ócáid chéanna: Déanann an tionscadal arna choimisiúnú ag BTS iniúchadh ar iompraíochtaí sláinte rioscúil sa chohórt FAÉ níos sine sin (Cohórt ’98), ag tuairisciú ar a rannpháirtíocht le halcól agus drugaí beagán níos déanaí san ógántacht (17 -20 bliain). Cuirtear sonraí ó shuirbhéanna Ag Fás Aníos in Éirinn ar fáil do thaighdeoirí eile ar bhonn anaithnidithe trí Chartlann Sonraí Eolaíochtaí Sóisialta na hÉireann agus tríd an bPríomh-Oifig Staidrimh.
Grafaic eolais FAÉ (Ár leithscéal, nach bhfuil sé seo ar fáil as Gaeilge)