Léirithe Spéise do Chomhaltaí de Chomhairle Chomhairleach Éire Óg
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 24 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 21 Bealtaine 2024
Tá an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, ag lorg léirithe spéise le Comhairle Chomhairleach Éire Óg nua a chur le chéile. Tabharfaidh an Chomhairle Chomhairleach nua comhairle neamhspleách maidir le beartas a bhaineann le leanaí agus le daoine óga.
Tabharfaidh an Chomhairle Chomhairleach príomhpháirtithe leasmhara agus saineolaithe na hearnála le chéile le daoine óga i ndáil le ceisteanna a bhfuil tionchar acu ar leanaí agus ar dhaoine óga go dtí deireadh 2028, de réir shaolré Éire Óg: an Creat Beartais Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga (0-24) 2023-2028
Féach le do thoil gov.ie/youngireland le haghaidh sonraí maidir le conas spéis a léiriú ar chomhaltas den Chomhairle seo a bhaint amach.
Roghnófar uaslíon de dheichniúr comhaltaí a bhfuil saineolas acu ar sheirbhísí agus beartas leanaí agus daoine óga, agus tá an-spéis ag an Roinn iontu siúd a bhfuil baint acu le réimsí bhochtaineacht agus fholláine na leanaí; meabhairshláinte agus folláine leanaí agus daoine óga; agus seirbhísí míchumais leanaí.
Dúirt an tAire O’Gorman:
“Is an-deis é seo don Rialtas chun obair go dlúth leo siúd a bhfuil saineolas sonrach ar leith acu agus táim ag iarraidh a chinntiú go gcloisfimid ó dhaoine éagsúla, ó dhearcthaí agus as cúlraí éagsúla. D'fhéadfadh saineolas a bheith mar thoradh ar obair i soláthar seirbhísí, i gcleachtadh gairmiúil, in abhcóideacht, sa saol acadúil, i dtaighde, nó i dtaithí phearsanta nó theaghlaigh, mar sin mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil taithí shuntasach acu ar na ceisteanna atá os comhair leanaí agus daoine óga agus a cheapann gur féidir leo cur leis an gComhairle Chomhairleach seo ar bhealach dearfach a spéis a chur in iúl. ”
Chomh maith leis sin, cuirfidh an Chomhairle Chomhairleach le maoirseacht ar chur i bhfeidhm Éire Óg agus beidh sí mar ghné thábhachtach de na struchtúir rialachais ina n-iomláine. Sa chomhthéacs sin, tá fáilte roimh léirithe spéise uathu siúd a bhfuil saineolas acu sna príomhréimsí arna leagadh amach sa chreat beartais. Seo iad na príomhréimsí: súgradh agus caitheamh aimsire; cuimsiú san oideachas; athchóiriú oideachais; rochtain ar bhreisoideachas agus ar ardoideachas; cúram altrama, cúram agus iarchúram; cosaint leanaí; leanaí agus daoine óga mar íospartaigh agus finnéithe coireachta; rochtain ar thithíocht; an timpeallacht dhigiteach; agus rannpháirtíocht sa daonlathas.
Glacfar le léirithe spéise go dtí am scoir gnó an 14 Feabhra 2024