English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leabhair scéalta am luí saor in aisce ar fáil do gach leanbh 4 bliana d'aois nó níos óige

Inniu, d'fhógair Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus Heather Humphries, an tAire Forbartha Tuaithe an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil an tionscnamh Leabhar Beag ag Am Luí de chuid an Chéad 5 i gcomhar le leabharlanna poiblí agus an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil.

Tá leabhair scéalta am luí agus sparáin do chártaí leabharlainne saor in aisce ar fáil le bailiú agus le coimeád do gach leanbh 4 bliana d'aois nó níos óige. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh spreagúil seo tuismitheoirí leanaí óga acu a spreagadh chun scéalta a léamh leo ag am luí.

Ón 6 Deireadh Fómhair ar aghaidh, beidh tuismitheoirí agus a leanaí in ann bualadh isteach ina leabharlann áitiúil chun a leabhar scéalta am luí saor in aisce a bhailiú agus ballraíocht a ghlacadh ann. Tá leabhair scéalta am luí ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.

Agus an tionscnamh á sheoladh aige, dúirt an tAire O’Gorman:

“Baineann go leor buntáistí le leabhair am luí a léamh do leanaí lena n-áirítear dáimh tuismitheoirí a neartú chomh maith le teanga agus samhlaíocht leanaí a fhorbairt. Agus an geimhreadh ag druidim linn, is am iontach é do thuismitheoirí agus do leanaí óga chun éirí deas compordach agus léamh le chéile mar chuid den ghnáthamh laethúil am luí. Tá súil agam go dtapóidh gach teaghlach a bhfuil leanaí óga acu an deis seo chun leabhar scéalta am luí saor in aisce a bhailiú ón leabharlann”.

Dúirt an tAire Humphreys freisin:

“Tá scéalta am luí réidh le bailiú ag tuismitheoirí agus leanaí i ngach leabharlann sa tír. Molaim go hard an obair dhian a rinne na leabharlanna chun tacú leis an tionscnamh seo. Ba bhreá liom go mbeadh gach leanbh sa tír ina b(h)all de leabharlann agus go mbeidís go léir in ann an t-eispéireas álainn sin a bhaineann le scéalta a bheith á léamh dóibh ag am luí a roinnt. Is ceann de na bronntanais is fearr ar féidir le tuismitheoir a thabhairt do leanbh ná an lúcháir sin a bhaineann le scéalta agus le scéalta a léamh le chéile a chur ina láthair.

Tá a fhios agam go bhfuil leabharlannaithe ar fud na tíre ag súil go mór le fáilte a chur roimh na leanaí óga sin go léir nuair a thagann siad chun a Leabhar Beag ag Am Luí a bhailiú”.

Thar ceann leabharlanna poiblí na hÉireann, dúirt Pauline Brennan, Leabharlannaí Contae Liatroma agus Cathaoirleach an Choiste um Chláir Náisiúnta:

“Táimid ar bís páirt a ghlacadh sa tionscnamh Leabhar Beag ag Am Luí. Cuireann sé gliondar ar ár gcroí tuismitheoirí agus leanaí a fheiceáil agus iad ag roghnú leabhar le léamh le chéile, go háirithe nuair is eol dúinn na buntáistí éagsúla a bhaineann leis sin do fholláine agus litearthacht leanaí, chomh maith le grá don léitheoireacht.

Mar sin, ní féidir linn fanacht le fáilte a chur roimh na teaghlaigh go léir chuig an leabharlann chun a gcuid leabhar saor in aisce a bhailiú. Bíonn foireann ár leabharlainne i gcónaí ann chun moltaí leabhar a thabhairt do thuismitheoirí agus dá leanaí, agus táimid ag súil go bhfillfidh na teaghlaigh ar ais ar an leabharlann agus níos mó leabhar a fháil ar iasacht tar éis dóibh a Leabhar Beag Am Luí saor in aisce a fháil.”


Nótaí don Eagarthóir:

  • Is gníomh é Na Chéad 5, Leabhar Beag ag Am Luí den Straitéis Uile-Rialtais an Chéad 5 do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh.
  • Tá 190,000 leabhar scéalta am luí saor in aisce ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge le bailiú ag tuismitheoirí agus a leanaí i leabharlanna áitiúla ar fud na tíre.
  • Moltar do theaghlaigh ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann nuair a thagann siad chun na leabhair a bhailiú. Chun ballraíocht sa leabharlann a ghlacadh, ní mór duit cruthúnas fótagrafach (cé tú féin) agus cruthúnas ar do sheoladh reatha (an áit a bhfuil cónaí ort) a sholáthar chun do bhallraíocht a chur i gcrích agus do chárta leabharlainne a fháil.