English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Méadú 90% ar líon na leanaí a bhaineann leas as an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí

  • Bhain 134,580 leanbh leas as tacaíochtaí faoin Scéim Náisiúnta Cúram Leanaí laistigh den chéad sé mhí de 2023 – méadú 90% ón mbliain roimhe sin;
  • Feictear fás ollmhór ar líon na leanaí in aois scoile a bhaineann leas as tacaíochtaí airgeadais faoin Scéim – le 183% níos mó éileamh curtha isteach ná an bhliain roimhe sin;
  • Fáiltíonn teaghlaigh roimh an tionchar dearfach a bhí ag athruithe le déanaí ar an Scéim Náisiúnta um Chúram Leanaí, lena n-áirítear an t-ardú ar an íosráta fóirdheontais in aghaidh na huaire go dtí €1.40;
  • Spreagtar gach teaghlach le leanaí faoi bhun 15 bliana d’aois leas a bhaint as a dteidlíochtaí faoin Scéim.

D’fhógair Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige inniu méadú 90% ar líon na leanaí a bhain leas as fóirdheontas ón Scéim Náisiúnta Cúram Leanaí (NCS) laistigh den chéad sé mhí de 2023 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Laistigh den chéad leath de 2023, bhain 134,580 leanbh san iomlán leas as tacaíochtaí faoin Scéim – i gcomparáid le 70,786 don tréimhse chéanna in 2022.

Bhí an méadú is mó i measc leanaí in aois scoile, i gcás inar taifeadadh méaduithe 183% ar líon na leanaí in aois scoile a bhaineann leas as fóirdheontas NCS laistigh den chéad sé mhí de 2023 - le 52,676 leanbh in aois scoile ag baint leas as i gcomparáid le 18,627 don tréimhse chéanna in 2022.

Tá an t-ardú seo á thiomáint ag athruithe a tugadh isteach le déanaí sa Scéim.

I mí Lúnasa na bliana seo caite, leathnaíodh an incháilitheacht aoise le haghaidh fóirdheontas uilíoch faoin Scéim chuig leanaí faoi 15 ó leanaí faoi 3 bliana d’aois.

I mí Eanáir na bliana seo, méadaíodh an fóirdheontas íosta in aghaidh na huaire go €1.40, san uair, in aghaidh an linbh ó €0.50 in aghaidh na huaire in aghaidh an linbh.

Is fiú suas le €3,276 in aghaidh na bliana an fóirdheontas íosta faoin Scéim anois do theaghlaigh a bhaineann leas as áit lánaimseartha i seirbhís luathfhoghlama agus cúram leanaí atá cláraithe le Tusla agus is féidir an fóirdheontas a úsáid go solúbtha chun an costas a bhaineann le roghanna éagsúla luathfhoghlama agus cúram leanaí a fhritháireamh – lena n-áirítear clubanna bricfeasta agus cúram leanaí ar aois scoile (sa téarma agus i rith na laethanta saoire scoile). Tá teaghlaigh ar ioncam íseal incháilithe le haghaidh fóirdheontas níos airde faoin Scéim, agus suas le €8,775 in aghaidh na bliana, in aghaidh an linbh ar fáil trí dhámhachtain measúnaithe ioncaim.

Tá tacaíocht tugtha do na hathruithe seo ar an Scéim ag €121m breise a d’aimsigh an tAire O’Gorman i mBuiséad 2023, rud a thugann maoiniú iomlán don Scéim go €358m in 2023.

Cuireann an líon is airde riamh de sholáthraithe luathfhoghlama agus cúram leanaí atá cláraithe le Tusla an Scéim ar fáil do thuismitheoirí ar fud na tíre – 15% níos mó ná in 2022. Tá feidhm chuardaigh luathfhoghlama agus cúram leanaí ar fáil ar www.ncs.gov.ie a shonraíonn gach soláthraí a thairgeann an Scéim ar leibhéal áitiúil – lena n-áirítear iad siúd a sholáthraíonn cúram leanaí ar aois scoile.

Moltar do thuismitheoirí cuairt a thabhairt ar www.ncs.gov.ie glaoch ar an Ionad Tacaíochta do Thuismitheoirí ar 01 906 8530, nó labhairt lena soláthraí luathfhoghlama agus cúram leanaí chun a chinntiú go bhfuil siad ag baint leasa iomlán as tacaíochtaí airgeadais faoin Scéim.

Ag fáiltiú roimh fhógra an lae inniu, dúirt an tAire:

“Tá an Rialtas seo ag comhlíonadh a ghealladh go ndéanfar luathfhoghlaim agus cúram leanaí ar ardchaighdeán níos inacmhainne do theaghlaigh agus inrochtana do gach leanbh.

“Fáiltím roimh an scéala gur bhain níos mó ná 130,000 leanbh, agus a dteaghlaigh, leas as an Scéim Náisiúnta Cúram Leanaí laistigh den chéad leath de 2023.

“Tá éileamh nach bhfacthas a leithéid riamh ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí ó fógraíodh an t-ardú ar fhóirdheontais mar chuid de Bhuiséad 2023.

“Táim tiomanta d’infheistíocht bhreise a chinntiú sa Scéim i mBuiséad 2024 chun tuilleadh athruithe ar fhóirdheontas a thabhairt isteach agus, rud atá tábhachtach, rochtain ar an Scéim a leathnú do theaghlaigh a úsáideann feighlithe leanaí, tar éis rialachán a thabhairt isteach.

“Molaim go láidir do gach teaghlach incháilithe leas a bhaint as na tacaíochtaí atá ar fáil tríd an Scéim Náisiúnta Cúram Leanaí, trí chuairt a thabhairt ar www.ncs.gov.ie, glaoch a chur ar an Ionad Tacaíochta do Thuismitheoirí ar 01 906 8530 nó labhairt lena soláthraí luathfhoghlama agus cúram leanaí”


NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ

Soláthraíonn an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (NCS) tacaíocht airgeadais chun cabhrú le teaghlaigh lena gcostais luathfhoghlama agus cúram leanaí.

Tá dhá chineál fóirdheontas ar fáil do leanaí idir 24 seachtaine agus 15 bliana d’aois:

  • Fóirdheontas uilíoch nach ndéantar tástáil acmhainne air agus a sholáthraíonn €1.40 in aghaidh na huaire, ar feadh uasmhéid de 45 uair in aghaidh na seachtaine;
  • Fóirdheontas measúnaithe ioncaim ar a ndéantar tástáil acmhainne agus déanfar é a ríomh bunaithe ar chúinsí aonair an teaghlaigh.

Laistigh den chéad leath de 2023, bhain 134,580 leanbh san iomlán leas as tacaíochtaí faoin Scéim – i gcomparáid le 70,786 don tréimhse chéanna in 2022. Ba é líon na bpáistí in aois scoile a raibh éileamh curtha isteach acu faoin NCS sa chéad leath de 2022 ná 52,676 i gcomparáid le 18,627 an bhliain roimhe sin.

Ón 2 Eanáir 2023, is é an fóirdheontas íosta in aghaidh na huaire do theaghlaigh a úsáideann luathfhoghlaim agus cúram leanaí cláraithe ná €1.40 in aghaidh an linbh - fritháireamh suas le €3,276 i gcostais bhliantúla as póca don luathfhoghlaim agus cúram leanaí in aghaidh an linbh. Leibhéil níos airde fóirdheontais – a ndéantar measúnú acmhainne orthu – atá ar fáil do theaghlaigh ar ioncam níos ísle, suas go huasmhéid de €8,775 in aghaidh an linbh.

Is féidir le tuismitheoirí iarratas a chur isteach ar an Scéim ar ncs.gov.ie nó glaoch ar an Ionad Tacaíochta do Thuismitheoirí ar 01 906 8530 chun iarratas a dhéanamh tríd an bpost.