English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Minister Zappone announces €2m Youth Capital Funding Scheme 2018 ga

Tá Dr Katherine Zappone TD, an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, tar éis scéim deontais caipitil €2m a fhógairt inniu i gcomhair tionscadail don óige atá dírithe agus atá faoi threoir foirne agus i gcomhair seirbhísí ar fud na tíre chun tionscadail bheaga chaipitil a mhaoiniú.

Tá an Scéim ann chun ceannach trealamh a thacú agus chun tionscadail mhionscála a mhaoiniú, lena n-áirítear uasghrádú a dhéanamh ar sheomraí folctha agus ar chistineacha i seirbhísí don aos óg.

Dúirt an tAire Zappone:

"Tá lúcháir orm bheith in ann seoladh na Scéime seo a fhógairt. Mar aon le roinnt blianta anuas, tá mé muiníneach go gcabhróidh na deontais sin le caighdeán na seirbhísí a fheabhsú ar mhaithe leis na daoine óga atá bainteach leo. Cuirfear feabhas ar na háiseanna fisiciúla go háirithe, mar tá go leor acu i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste."

"Iarrfaidh na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOO) ar sheirbhísí áitiúla incháilithe iarratas a chur isteach le haghaidh tacaíochta."

"De bharr sholáthar €2m i ndeontais, leagtar béim ar thiomantas leanúnach an Rialtais chun feabhas a chur ar chaighdeán seirbhísí a chuireann go mór lenár bpobail. Tá Infheistíocht i nDaoine Óga ina tosaíocht thábhachtach don Rialtas. Táthar ag déanamh an fógra is déanaí seo i ndiaidh €1.79m de chistiú reatha a fógraíodh le haghaidh clubanna óige atá faoi threoir oibrithe deonacha níos luaithe an mhí seo."

"I 2018, déanfaimid €61.5m san iomlán de chistiú reatha agus de chistiú caipitil a infheistiú i gclubanna, i seirbhísí agus i dtacaíochtaí le haghaidh daoine óga."

Ghabh an tAire buíochas le hOifigigh Óige sna 16 BOO as an obair a rinne siad chun tionscadail áitiúla don aos óg a thacú agus as an gcúnamh a thug siad dá Roinn maidir le dearadh agus seoladh na scéime seo. Táthar ag súil go n-osclófar an scéim i gcomhair iarratas roimh dheireadh mhí Aibreáin 2018. Beidh sonraí le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Dúirt an tAire Zappone:

"Tá ról riachtanach ag Oifigigh Óige i soláthar seirbhíse don aos óg a chomhordú do mo Roinn. Is pointe teagmhála iad ina gceantair faoi seach agus tá ról tacaíochta tábhachtaí acu do sholáthróirí seirbhísí don aos óg."

"Tá an scéim chistiú caipitil oscailte i gcomhair iarratas ó thionscadail a mhaoiníonn an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige faoin Scéim um Thionscadail Speisialta don Aos Óg, Lárionad Eolais don Ógra, Ciste Áiseanna agus Seirbhísí do Dhaoine Óga agus an Tascfhórsa Áitiúil um Dhrugaí."

CRÍOCH