English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

More children receiving government funded childcare than ever before ga

  • Tá níos mó na 38,000 leanbh agus a dteaghlaigh tar éis tairbhe a bhaint as an bhfóirdheontas uilíoch nua, agus tá 45,000 leanbh eile, atá suas le cúig bliana déag d'aois, ag fáil suas le €145 sa tseachtain le haghaidh cúram leanaí.
  • Ghlac breis agus 119,000 leanbh páirt i gclár ECCE (réamhscoil saor in aisce).

Tá níos mó leanaí ná mar a bhí riamh - breis agus 200,000 (203,876) san iomlán - ag baint leas as scéimeanna chúram leanaí an rialtais. Tugadh bearta nua isteach i Meán Fómhair 2017 chun costas cúraim leanaí a laghdú agus tá ráchairt mhór orthu; tá na spriocanna sáraithe cheana féin agus tá an figiúir reatha 10,000 níos airde ná an sprioc a leagadh síos.

Tá níos mó ná 38,000 (38,756) leanbh agus a dteaghlaigh tar éis tairbhe a bhaint as fóirdheontas nua, nach bhfuil tástáilte ó thaobh acmhainne, a bhfuil luach suas le €1,040 sa bhliain air. Is féidir le teaghlaigh a bhfuil leanaí faoi trí bliana d'aois acu an fóirdheontas sin a fháil.

Na fóirdheontais spriocdhírithe atá ann chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh ag filleadh ar obair nó ar oiliúint, méadaíodh luach na bhfóirdheontas sin 50% agus mealladh an méid is mó clárúchán riamh. Tá breis agus 45,000 (45,694) leanbh tar éis leas a bhaint astu go dtí seo.

Agus í ag plé na bhfigiúirí seo, dúirt an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone:

“I Mí Aibreáin seo caite, gheall mé go ndéanfaimid athrú ó bhonn ar an gcaoi a gcuirtear cúram leanaí ar fáil sa tír seo. Tá na hathruithe casta sin á dtabhairt isteach cheana féin. An mhí seo caite, ritheadh an tAcht do Thacaíocht Cúraim Leanaí agus rinneadh an cheart atá ag tuismitheoirí ar thacaíocht airgeadais le haghaidh cúram leanaí a dhaingniú dá bharr. Cuirfimid tús le feachtas eolais nua an bhliain seo chugainn chun tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi mhaoiniú a bhfuil fáil acu air faoin Scéim Inacmhainne Cúraim Leanaí. Rinneadh an Scéim Inacmhainne Cúraim Leanaí a chumasú nuair a ritheadh an reachtaíocht nua sin. Bhí sé tábhachtach domsa go gcuirfimis faoiseamh ar fáil do theaghlaigh idir an dá linn agus tá lúcháir orm go rabhamar in ann na tacaíochtaí nua a chur ar fáil do níos mó ná 80,000 leanbh agus a dteaghlaigh, le tacaíocht ó sholáthróirí cúraim leanaí."

Chomh maith leis na scéimeanna fóirdheontais a bhaineann le cúram leanaí, bhain go leor daoine leas as an tSamhail um Rochtain agus Chuimsiú (AIM), a thugann tacaíocht do leanaí faoi mhíchumas chun go mbeidh fáil acu ar an gclár ECCE/réamhscoil saor in aisce. Tá tacaíochtaí spriocdhírithe faighte ag níos mó ná 6,000 leanbh go dtí seo agus tá i bhfad níos mó ná sin tar éis tairbhe a bhaint as seirbhísí atá níos ionchuimsithí agus níos tacúla.

Ó Mheán Fómhair na bliana seo ar aghaidh, cuirfear síneadh le hincháilitheacht ECCE go dtí dhá bhliain iomlán do gach leanbh. Tá seans ann, áfach, go mbainfidh roinnt tuismitheoirí tairbhe as bliain amháin, ag brath ar an dáta a saolaíodh a leanbh agus ar rogha na dtuismitheoirí i dtaobh na haoise a thosaíonn a leanbh ar scoil.

Arsa an tAire:

“Tá mé tiomanta earnáil cúraim leanaí a fhorbairt in Éirinn a chuireann cúram leanaí atá inrochtana, ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta ar fáil do theaghlaigh. Tá céimeanna móra tógtha againn, i gcomhpháirt le tuismitheoirí agus soláthróirí cúraim leanaí, chun an sprioc seo a bhaint amach. Leanfaimid ar aghaidh."

Is féidir teacht ar tuilleadh eolais maidir leis na fóirdheontais cúraim leanaí atá ar fáil do theaghlaigh in Éirinn ag: ncs.gov.ie.

County by County Breakdown of Take up of Funded Childcare Programmes - July 2018
Amharc amharc