English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ní mór d'Eagraíochtaí a oibríonn le leanaí agus daoine óga na baoil a bhaineann le sábháilteacht ar líne a mheas. Aguisín do Threoir Thús Áite do Leanaí foilsithe ag an Aire Zappone

Ceanglaítear ar ghrúpaí, clubanna agus seirbhísí a oibríonn le daoine óga baoil ar líne a mheas agus a bhainistiú, dar leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone.

Rinne an tAire Zappone aguisín do 'Thús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí' a bhaineann le sábháilteacht ar líne a shíniú agus a fhoilsiú.

Tá sé soiléir san aguisín go gceanglaítear, de réir dlí, ar eagraíochtaí agus seirbhísí a oibríonn le daoine óga baoil agus cosaintí ar líne a chur san áireamh ina Ráitis um Chumhdach Leanaí.

Tá Ráitis um Chumhdach Leanaí ina gceanglas dlíthiúil ó Mhárta 2018 tar éis don Aire Zappone na hailt ar fad de Thús Áite do Leanaí a thosú i Nollaig 2017.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire

"Acmhainn thar a bheith luachmhar is ea an t-idirlíon agus tá go leor deiseanna dearfacha ar fhoghlaim, cruthú agus cumarsáid tugtha ar an saol mar gheall air.Mar aon leis na deiseanna nua seo, tá baoil nua ann chomh maith. Tá daoine ar líne ar mian leo díobháil, dochar nó mí-úsáid a dhéanamh dár leanaí. Tá freagracht orainn go léir cosaint agus sábháilteacht a chur ar fáil ón dainséar seo."

Baineann an fhreagracht sin le seirbhísí ábhartha a chuireann rochtain ar an idirlíon, PCanna agus wifi ar fáil. Ní mór d'eagraíochtaí a oibríonn lenár ndaoine óga a bheith ar an eolas faoi na baoil sin chun go mbeidís in ann iad a aithint agus a bhainistiú. Ba chóir go mbeidís in ann an freagra cuí a chur i bhfeidhm i gcás go bhfuil leanbh i mbaol.

Luaigh an tAire go ndearnadh 'Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí' a athbhreithniú agus a fhoilsiú in 2017 chun go mbeadh sé ag teacht le forálacha an Achta. Dúirt sí,

"Ní athraíonn nó ní mhéadaíonn an t-aguisín seo na hoibleagáidí atá ar eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil do leanaí faoin Acht, soiléirítear ann, áfach, gur chóir an tsaincheist maidir le sábháilteacht ar líne a chur san áireamh nuair atá measúnuithe riosca á ndéanamh agus Ráitis um Chumhdach Leanaí á n-ullmhú".

Dúirt an tAire go bhfuil ról ag réimse de Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí maidir le sábháilteacht ar líne. Dúirt sí,

"Aithnítear sa Phlean Gníomhaíochta an Rialtais maidir le Sábháilteacht ar Líne go bhfuil gá le cur chuige tras-Rialtas chun dul i ngleic leis na ceisteanna maidir le sábháilteacht ar líne. Sa Phlean sin, leagtar amach réimse leathan de ghníomhartha agus de ghníomhaíochtaí atá ar siúl i roinnt Ranna Rialtais éagsúla chun sábháilteacht ar líne do leanaí agus do dhaoine fásta a thacú agus a chur chun cinn".