Níos mó teaghlach ná riamh ag baint leas as an luathfhoghlaim agus cúram leanaí fóirdheonaithe
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 19 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Breis is 105,000 leanbh anois ag baint tairbhe as tacaíochtaí faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí
- Tá méadú 95% tagtha ar an líon leanaí a bhaineann leas as tacaíochtaí faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí anois i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2022
- Fáiltíonn teaghlaigh roimh thionchar dearfach na n-athruithe atá curtha leis an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí le déanaí i ndáil lena rannpháirtíocht san obair nó sa staidéar agus ar chúrsaí airgid an teaghlaigh
Inniu, d’fhógair Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige go bhfuil níos mó ná 105,000 leanbh ag baint tairbhe anois as an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, arb ionann é agus méadú 95% ar an tréimhse chéanna in 2022.
Ón 2 Eanáir i leith, is é €1.40 an fóirdheontas íosta in aghaidh na huaire faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí do gach leanbh faoi 15 bliana d'aois – ar méadú €0.90 é in aghaidh na huaire i gcoinne an ráta an bhliain seo caite.
I gcás teaghlach a úsáideann an luathfhoghlaim agus cúram leanaí atá cláraithe le Tusla, is ionann an méadú fóirdheontais seo agus laghdú breise costais suas le €2,106 (nó laghdú suas le €3,326 san iomlán) i gcoinne costas bliantúil na luathfhoghlama agus an chúraim leanaí i ndáil le gach aon leanbh.
Mar gheall ar na hathruithe seo atá curtha leis an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí - atá tacaithe le €121 milliún arna dhaingniú i mBuiséad 2023 ag an Aire O’Gorman, a thugann an maoiniú iomlán don Scéim suas go €358 milliún in 2023 – tá fás gan fasach tagtha ar an éileamh ó thuismitheoirí ar thacaíocht faoin Scéim.
Labhair tuismitheoirí a bhfuil leanaí acu ag freastal ar Ionad Cúraim Leanaí Oasis in Achadh Úr, Co. Chill Chainnigh agus in Waterville's Little Stars i mBaile Átha Cliath 15 faoin tionchar a bhí ag athruithe atá curtha leis an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí le déanaí i ndáil lena rannpháirtíocht san obair nó sa staidéar agus ar chúrsaí airgid an teaghlaigh, agus labhair na leanaí faoi na rudaí is mó a thaitníonn leo faoina a bheith ag freastal ar na seirbhísí seo.
Deir Katie, a bhfuil leanbh aici ag freastal ar Ionad Cúraim Leanaí Oasis in Achadh Úr, Co. Chill Chainnigh, "gan an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, ní bheinn in ann dul ag obair toisc go n-ídeofaí luach mo thuarastail le costas an chúraim leanaí... Mholfainn an Scéim Náisiúnta Cúraim go mór do gach tuismitheoir."
Dúirt Cristina, a bhfuil mac aici a fhreastalaíonn ar Waterville’s Little Stars i mBaile Átha Cliath 15
"Ceapann go leor tuismitheoirí, go háirithe máithreacha, go gcaithfidh siad rogha a dhéanamh idir a ngairmeacha beatha agus an máithreachas, mar gheall ar chostais chúraim leanaí a bheith chomh hard sin. Seans gur cinneadh amhrasach ó thaobh airgeadais de a bheadh i gceist le dul ar ais ag obair. Leis an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, bíonn sé sin inacmhainne.' Maidir leis an méadú ar an ráta fóirdheontais ‘fágtar, mar gheall orthu, go mbíonn níos mó airgid agat, airgead ar féidir é a chaitheamh ar bhia, éadaí agus riachtanais teaghlaigh eile."
Dúirt Rob, a bhfuil iníon aige ag freastal ar Waterville’s Little Stars "gur mhór an fóirdheontas dúinn ó thaobh cúrsaí airgid de, anois agus costas gach uile ní ag méadú: is mór an faoiseamh é an laghdú atá i gceist."
Labhair leanaí atá ag freastal ar Ionad Cúraim Leanaí Oasis in Achadh Úr, Contae Chill Chainnigh faoi na rudaí is fearr leo a dhéanamh ann, agus ina measc siúd, luadh 'ag imirt le dineasáir', 'ag spraoi ar an luascán' agus 'ag éisteacht le hinsint scéalta'. Nuair a fiafraíodh díbh 'cad a fhoghlaimíonn tú gach lá?' luadh 'amhráin agus dathanna an bhogha báistí', ‘conas mo chóta a chur orm féin, an áit a ghlanadh inár ndiaidh, mo lámha a ní', 'uimhreacha', ‘bácáil' agus 'iománaíocht.'
Luaigh an tAire, agus é ag cur fáilte roimh fhógra an lae inniu:
“Tá an Rialtas seo ag déanamh mar a ghealladh go mbeidh an luathfhoghlaim agus cúram leanaí ar ardchaighdeán níos inacmhainne do theaghlaigh agus inrochtana do gach leanbh.
"Gabhaim fáilte roimh an scéala go bhfuil breis agus 105,000 leanaí agus a dteaghlaigh, ag baint leasa as an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí anois.
"Tá éileamh mór feicthe againn ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí ón am a fógraíodh an méadú ar fhóirdheontais mar chuid de Bhuiséad 2023, mar chuid d’infheistíocht €1 billiún atá á dhéanamh ag an Rialtas sa luathfhoghlaim agus cúram leanaí don bhliain 2023.
"Molaim do gach teaghlach incháilithe leas a bhaint as na tacaíochtaí atá á dtairiscint tríd an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, agus cuairt a thabhairt ar www.ncs.gov.ie, ghlaoch a chur ar an Ionad Tacaíochta do Thuismitheoirí ar 01 906 8530, nó labhairt leis an soláthraí luathfhoghlama agus cúram leanaí atá á úsáid aige nó aici”
Cabhraíonn an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí le go leor teaghlach a bheadh ag streachailt murach sin chun costas na luathfhoghlama agus cúraim leanaí a íoc. Tá sé sainaitheanta ag an ESRI go bhfuil an méadú ar rannpháirtíocht na mban sa bhfórsa saothair ar chéim ríthábhachtach le spriocanna a bhaint amach chun an bhochtaineacht leanaí a laghdú, arb é an idirghabháil beartais is mó tionchair ghrúpaí atá i mbaol bochtaineachta, b’fhéidir.
Nótaí don Eagarthóir:
Is í an Tuarascáil de chuid an ESRI ina ndéantar tagairt don tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do rannpháirtíocht na mban sa bhfórsa saothair ná 'Headline Poverty Target Reduction in Ireland and the Role of Work and Social Welfare', Meitheamh 2022.