English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Neartóidh an tAire Zappone riachtanais um chosaint leanaí agus cháilíochta i measc seirbhísí luathbhlianta

Neartóidh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dr Katherine Zappone, riachtanais cháilíochta i measc seirbhísí luathbhlianta. Léiríonn seo athuair an gealltanas a rinne sí in Na Chéad 5, (an Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh), agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Rialacháin do sheirbhísí luathbhlianta.

Scríobh an tAire Zappone chuig Cathaoirleach Tusla le hiarraidh go dtugann siad cuntas ar na hathruithe riachtanacha chun a gcumhachtaí forfheidhmithe a neartú. Teastaíonn athruithe chun an próiseas a bhrostú ina bhfreagraíonn an rialálaí do chaighdeáin nach féidir glacadh leo.

Scrúdú ar chumhachtaí breise do Tusla

D’iarr an tAire Zappone ar oifigigh ina Roinn chun scrúdú a dhéanamh ar cén cumhachtaí breise is féidir a bhronnadh ar Tusla chun seirbhísí a dhúnadh nó a chur ar fionraí láithreach, nuair a bhíonn buarthaí criticiúla orthu. D’fhéadfadh leasuithe a bheith ag teastáil uaidh seo a dhéanfar ar an Acht um Chúram Leanaí chun gur féidir dúnadh buan nó sealadach a dhéanamh.

D’iarr an tAire ar oifigigh chun breithniú a dhéanamh ar dhea-chleachtas go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta nuair a bhíonn scrúdú á dhéanamh ar na cumhachtaí atá ar fáil di. D’iarr sí ar oifigigh, chomh maith, chun scrúdú a dhéanamh ar conas is féidir tuismitheoirí a chur ar an eolas a luaithe agus is féidir ar bhuarthaí atá á n-imscrúdú. Ní féidir le Tusla tuairiscí a fhoilsiú faoi láthair ach i ndiaidh próis chuí agus d’fhéadfadh an próiseas seo roinnt ama a ghlacadh, agus d’fhéadfadh go mbíonn tuismitheoirí go hiomlán aineolach i rith na tréimhse seo go mbíonn buarthaí ar an rialálaí.

Taispeáint éigeantach deimhniú Clárúcháin agus coinníollacha

Cuirfidh an tAire rialacháin nua leis go mbeidh sé éigeantach go dtaispeánann Soláthraithe Luathbhlianta deimhniú Clárúcháin in áit fheiceálach ina n-áitreabh, anuas ar sonraí faoi aon choinníollacha a ordaíonn Tusla.Cheangail Rialacháin nua a tháinig i bhfeidhm in 2016 go ndéanfar gach seirbhís Luathfhoghlama agus Chúraim a chlárú agus bhronn siad an chumhacht ar Chigireacht Luathbhlianta Tusla chun seirbhísí a dhíchlárú, nó chun coinníollacha a cheangal lena gclárúchán. Cheangail Tusla coinníollacha i mbliana le 95 Seirbhís Luathbhlianta.

Dúirt an tAire Zappone:

“Bhí déistin orm nuair a chonaic mé an bealach uafásach a caitheadh le leanaí a taispeánadh ar an gclár teilifíse RTÉ Investigates an tseachtain seo caite. Bhí sé gránna an saghas seo iompair a thabhairt faoi deara, cé gur fheabhsaíomar caighdeáin agus rialacháin agus cé gur mhéadaíomar na líon cigireachtaí.

“Mar an tAire Leanaí, thug mé tús áite riamh anall agus tabharfaidh choíche, do chosaint an linbh. Ba cheart go mbeadh muinín ag tuismitheoirí i gcónaí nuair a fhágann siad a leanaí i saoráid chúram leanaí atá cláraithe leis an Stát. Tá sé an-tábhachtach go dtuigeann tuismitheoirí nach mbíonn saincheisteanna cosúil leo siúd a taispeánadh an tseachtain seo caite i gceist le gach saoráid chúram leanaí sa tír. Oibríonn formhór na soláthraithe seirbhíse gan stad gan staonadh chun seirbhís iontach a sholáthar agus molaim na seirbhísí siúd.

“Ba mhaith liom teachtaireacht láidir a chur in iúl, áfach, don líon fíor-bheag seirbhísí nach n-oibrítear chun sárleas na leanaí - ní ghlacfaidh an rialálaí leis seo, agus ní ghlacfaidh mé féin leis.

“Táimse tiomanta chun an t-údarás a sholáthar, nuair is gá agus nuair is féidir ó thaobh an dlí de, chun cumhachtaí Tusla a neartú lena chinntiú go gcuireann gach soláthraí cúram luathfhoghlama seirbhís ardchaighdeáin atá dírithe ar an leanbh.”

Rialálaí Gairmiúil

D’ordaigh an tAire go dtabharfaí tús áite do Rialálaí Gairmiúil a bhunú. Leag sí amach roimhe go raibh sé beartaithe aici Rialálaí Gairmiúil a bhunú, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, don earnáil luathfhoghlama agus chúraim in Na Chéad 5. Tá breithniú á dhéanamh air seo faoi Ghrúpa Forbartha an Lucht Saothair, a bunaíodh le déanaí. Ta súil leis go n-oibreodh an tAire feidhm um fheidhmiúlacht chun cleachtadh. Bhainfeadh é seo aon chleachtóirí nach gcuireann an caighdeán ceart cúraim ar fáil.

Infheistíocht i gcúram leanaí

Tá méadú 117% tagtha ar infheistíocht an Rialtais le ceithre Bhuiséad anuas. Chuir seo ar chumas infheistíochtaí breise a dhéanamh i gcáilíocht, agus feabhsúcháin mhóra á soláthar, i gcomhthráth, ar inacmhainneacht agus rochtain. I measc cuid de na hinfheistíochtaí i gcáilíocht, tá an méid seo a leanas:

  • Méadú suntasach ar chistiú do chigireacht Tusla, óna n-eascraíonn méadú ar an líon cigirí (coibhéis lánaimseartha) aníos ó 37 in 2014 go 58 inniu. Mar thoradh air sin, tá méadú 90% tagtha ar an líon cigireachtaí a dhéantar gach bliain. In 2018, thug Tusla faoi 2,513 cigireacht. (Tá 4,435 seirbhís luathfhoghlama agus cúraim cláraithe le Tusla faoi láthair). Tugann Tusla faoi chigireachtaí gan fhógra anois.
  • In Eanáir 2018, bhunaigh Tusla oifig ‘faisnéise gan iarraidh’ chun faisnéis, buarthaí agus gearáin faoi sheirbhísí luathbhlianta a phróiseáil. Is féidir leo seo faisnéis a sholáthar faoin bpróiseas cigireachta agus clárúcháin. Fuarthas 413 píosa faisnéise in 2018.
  • I Nollaig 2018, shínigh an tAire Zappone na chéad Rialacháin sa dlí riamh do Seirbhísí Cúram Leanaí ar Aois Scoile. Tháinig na Rialacháin siúd i bhFeabhra i bhFeabhra i mbliana, agus tá an próiseas cláraithe do gach seirbhís chúram leanaí ar aois scoile ar bun díreach anois. Beidh Tusla in ann cigireacht a dhéanamh anois ar sheirbhísí ar aois scoile – níorbh fhéidir é seo a dhéanamh roimhe seo.

Samhail nua de chistiú poiblí a fhorbairt

Fógróidh an tAire Zappone go luath gur bunaíodh sainghrúpa ar a ndéantar cathaoirleacht neamhspleách chun súil a chaitheamh ar shamhail nua de chistiú poiblí. Rachaidh sé i ngleic le hinacmhainneacht agus cáilíocht. Caithfidh an gealltanas seo, a leagadh amach i dtosach in Na Chéad 5, súil ar conas is féidir táillí a ghearrtar ar thuismitheoirí a rialú, agus conas is féidir seirbhísí a dhreasú d’ardchaighdeáin. Ní bheidh an Scéim Cúram Leanaí Náisiúnta a thabharfar isteach níos déanaí i mbliana ach trí sholáthraithe cláraithe, atá bunaithe in ionad (naíolanna) agus sa bhaile (feighlithe leanaí).

Idirbheartaíocht Bhuiséad 2020 - gá le breis infheistíochta

Mar ullmhú d’idirbheartaíocht Bhuiséad 2020, tá pacáiste infheistíochta á lorg ag an Aire Zappone do bhearta méadaithe cáilíochta. Áirítear leo seo, breis acmhainní do chlárú agus cigireacht; cistiú méadaithe d’Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach - oiliúint ina measc sa churaclam luathbhlianta; feabhsúcháin bhreise ar an gCiste Foghlaimeoirí; meicníochtaí a fhorbairt chun cistiú a aistarraingt ó sholáthraithe seirbhíse nach mbaineann na riachtanais cháilíochta amach; agus treoir a fhorbairt do thuismitheoirí lena chinntiú gur féidir leo ardchaighdeáin a aithint i seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim. Tugann sí tús áite d’Infheistíocht Mhéadaithe in uasoiliúint a chur ar an lucht saothair.

Mar fhocal scoir, luaigh an tAire Zappone arís eile go bhfuil sí tiomanta do leanúint le scrúdú a dhéanamh ar chosaintí breise chun deireadh a chur leis an iompar gránna a thug sí faoi deara an tseachtain seo caite.

“Tacaíonn tromlach mór iad siúd a oibríonn i Luathfhoghlaim agus Cúram le leanaí. Cuireann siad cúram agus oideachas ar fáil do leanaí agus is ábhar bróid dóibh a bpáirt a ghlacadh i bhforbairt leanaí. Mar gheall gurb ann do Roinn thiomnaithe Leanaí agus Gnóthaí Óige in Éirinn, léirítear an tiomantas do dhíriú ar an méid a dhéanamh is gá chun na torthaí linbh is fearr a sholáthar. Beidh mé go hiomlán dírithe ar an sprioc nuair a bhíonn cáilíocht an chúraim agus an oideachais i gceist a chuirimid ar fáil dár leanaí is óige. Is eol dúinn gur féidir le heispéiris ardchaighdeáin a chur ar fáil ag an aois óg seo tionchar ollmhór dearfach a imirt ar shaol ár leanaí is óige agus ar na torthaí a bhainfidh siad amach anseo. Tá sé bunriachtanach go mbaineann 100% de na seirbhísí an caighdeán amach a leagamar amach, faoi mar is gá dóibh.”

CRÍOCH


Nótaí d’Eagarthóirí:

Áirítear leis na hathchóirithe a rinneadh ó craoladh an clár faisnéise A Breach of Trust de chuid RTÉ Prime Time Investigates in 2013, an méid seo a leanas:

  • Gach tuarascáil chigireachta a fhoilsiú. (Déantar foilsiú ag deireadh próisis dhaingin ina mbronntar ceart ar an soláthraí chun freagra a thabhairt.)
  • Tugadh riachtanas cáilíochta íosta isteach don fhoireann a oibríonn go díreach le leanaí i seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim. (Cáilíocht iomlán i gCúram agus Oideachas na Luath-Óige ar Leibhéal 5 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí is ea an riachtanas íosta. Tá céimeanna bainte amach ag 22% den fhoireann san earnáil agus déantar é seo a dhreasú trí íocaíochtaí caipitíochta níos airde ón RLGÓ do chéimithe a sholáthraíonn clár COLÓ.)
  • Aistriú chun tabhairt faoi chigireachtaí go córasach gan fhógra.
  • Méadú suntasach ar chistiú do chigireacht Tusla, óna n-eascraíonn méadú ar an líon cigirí (coibhéis lánaimseartha) aníos ó 37 in 2014 go 58 inniu. Mar thoradh air sin, tá méadú 90% tagtha ar an líon cigireachtaí a dhéantar gach bliain. In 2018, thug Tusla faoi 2,513 cigireacht. (Tá 4,435 seirbhís luathfhoghlama agus cúraim cláraithe le Tusla faoi láthair).
  • Rinneadh athchóiriú mór ar struchtúr rialachais agus bainistíochta Chigireacht Tusla in 2015. Oibríonn an Chigireacht ar bhonn náisiúnta, le beartais agus nósanna imeachta oibríochtúla, agus le struchtúir fheabhsaithe bhainistíochta líne agus mhaoirseachta.
  • Bunaíodh oifig Faisnéise gan Iarraidh laistigh de Chigireacht Luathbhlianta Tusla in Eanáir 2018, chun faisnéis, buarthaí agus gearáin faoi sheirbhísí luathbhlianta a phróiseáil. Fuair Tusla 413 píosa faisnéise gan iarraidh anuraidh.
  • Tugadh isteach na chéad Rialacháin riamh do Sheirbhísí Cúram Leanaí ar Aois Scoile agus tháinig siad i bhfeidhm i bhFeabhra 2019. Mar thoradh ar na Rialacháin nua, tá an próiseas clárúcháin do gach seirbhís chúram leanaí ar aois scoile ar bun faoi láthair, agus beidh Tusla in ann cigireacht a dhéanamh anois ar sheirbhísí ar aois scoile. Níorbh fhéidir é seo a dhéanamh roimhe seo.
  • Réimse tionscnaimh ardchaighdeáin a thabhairt isteach agus cistithe an-mhéadaithe a chur ar fáil dóibh, lena n-áirítear: an tSeirbhís Forbartha Cáilíochta Tús Níos Fearr (a bunaíodh in 2014) a fhostaíonn 130 meantóir chun comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil do sheirbhísí luathfhoghlama agus cúraim; cigireachtaí atá dírithe ar an oideachas á ndéanamh ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar chlár COLÓ (a tosaíodh in 2016); “Ciste Foghlaimeora” tiomnaithe chun tacú le huasoiliúint a chur ar an bhfoireann (ón mbliain 2014 ar aghaidh); agus méadú suntasach ar chistiú chun oiliúint a chur ar an bhfoireann.
  • Foilsíodh Na Chéad 5 in 2018 agus is é an Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh ina leagtar amach fís 10 mbliana chun feabhas a chur ar cháilíocht san earnáil Luathfhoghlama agus Chúraim agus áirítear leis gealltanas chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Rialacháin, lucht saothair faoi stiúir céimithe a bheith ann agus chun infheistíocht phoiblí a dhúbailt.