Osclaítear Ciste Óige LADTI+ 2024 d’iarratais
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 21 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá fáilte á chur ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige roimh iarratais ó eagraíochtaí a oibríonn le daoine óga cur isteach ar mhaoiniú faoin gCiste Óige LADTI+ 2024. Tá suas le €400,000 san iomlán á chur ar fáil i ndeontais d’iarratasóirí ar an gciste, agus beidh téarma an deontais ó Dheireadh Fómhair 2024 go Nollaig 2025.
Bunaíodh an ciste chun tacú le tionscnaimh a dhéanann difríocht lena chinntiú go bhfuil daoine óga LADTI+ sofheicthe, curtha san áireamh, sláintiúil, sábháilte agus go gcaitear go cothrom leo ina bpobail.
Tacaíonn an ciste le tionscnaimh a bhaineann leis an sprioc seo ag leibhéal pobail, réigiúnach agus náisiúnta. Áirítear leis na tionscnaimh atá incháilithe do mhaoiniú na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
• Tionscnaimh chun cur le cumas seirbhísí oibre don aos óg freastal ar riachtanais daoine óga LADTI+, cibé acu i ngrúpaí tiomnaithe nó eile, lena n-áirítear trí oiliúint agus acmhainní eile;
• Tionscnaimh chun feabhas a chur ar na seirbhísí a chuireann eagraíochtaí neamhrialtasacha nó eagraíochtaí pobail ar fáil do dhaoine óga LADTI+, amhail acmhainn nó láithreacha for-rochtana breise a sholáthar;
• Tionscnaimh chun cuimsiú daoine óga LADTI+ a chur chun cinn i suíomhanna oideachais, laistigh den ionad oibre, nó sa tsochaí níos leithne;
• Tionscnaimh chun tacú le cuimsiú sóisialta agus aghaidh a thabhairt ar il-idirdhealú do dhaoine óga LADTI+ atá i mbaol níos airde imeallaithe amhail an Lucht Siúil, na Romaigh, pobail imirceacha, daoine faoi mhíchumas, etc.;
• Tionscnaimh chun dul i ngleic le tionchar iargúltacht na tuaithe ar bhaill óga den phobal LADTI+.
Tá deontais idir €20,000 agus €75,000 ar fáil chun tacú le tionscadail a mbeidh tionchar suntasach acu ar chuspóirí an chiste a chur chun cinn.
Iarrtar ar iarratais ó eagraíochtaí atá in ann cuntas teiste a léiriú maidir le bheith ag obair le daoine óga, go háirithe le daoine óga LADTI+, arna sainiú chun críocha na scéime seo mar dhaoine faoi 25 bliain d’aois, agus a bhfuil moltaí acu maidir le cláir oibre ar féidir leo fíordhifríocht a dhéanamh i saol daoine óga LADTI+.
Is féidir tuilleadh faisnéise ar incháilitheacht, an maoiniú atá ar fáil agus an próiseas iarratais a fháil i nóta treorach an Chiste Óige LADTI+ 2024 atá ar fáil anseo: Ciste Óige LADTI+ 2024
Is féidir ceisteanna a chur chuig YAUCompliance@equality.gov.ie
Is é an tAonad Gnóthaí Óige de chuid na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige a riarfaidh an ciste.