Ráiteas chun teacht le foilsiú Mholtaí an Choimisinéara um Chearta an Duine de chuid Chomhairle na hEorpa sa ‘Mheamram ar Chearta an Duine de chuid an Lucht Siúil agus na Romach in Éirinn.’
- Foilsithe: 25 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Thug an tAire Norma Foley aitheantas inniu d’fhoilsiú Mholtaí an Choimisinéara um Chearta an Duine de chuid Chomhairle na hEorpa sa ‘Mheamram ar Chearta an Duine de chuid an Lucht Siúil agus na Romach in Éirinn.’ Dúirt an tAire:
“Tá ceisteanna tábhachtacha tógtha ag an gCoimisinéir um Chearta an Duine, agus moltaí tábhachtacha curtha chun tosaigh aige, maidir le cás an Lucht Siúil agus na Romach in Éirinn. Gabhaim buíochas leis an gCoimisinéir as a thuarascáil fhiúntach agus cuirim fáilte roimh an deis freagra a thabhairt.”
Dúirt an tAire chomh maith:
“Cé go bhfuil cuid mhór déanta le blianta beaga anuas chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna os comhair an Lucht Siúil agus na Romach in Éirinn, is maith is eol dom go bhfuil tuilleadh fós le déanamh. Chuige sin, tá mo Roinn tiomanta fós do thacaíocht a thabhairt don Straitéis Náisiúnta maidir le Cuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach II 2024-2028 agus dá chur chun feidhme. Leis an Straitéis, léirítear cur chuige uile-Rialtais maidir le cuimsiú iomlán agus rannpháirtíocht ghníomhach phobail an Lucht Siúil agus na Romach a chinntiú agus a éascú i saol sóisialta, eacnamaíoch, cultúrtha, agus polaitíochta na hÉireann. Is é an cuspóir atá aige Éire shábháilte, chothrom, agus ionchuimsitheach a bhaint amach ina dtacaítear le daoine den Lucht Siúil agus le Romaigh saolta ionchuimsitheacha, sláintiúla agus fiúntacha a chaitheamh. Agus an Straitéis á cur chun feidhme, agus ag tacú leis an obair a cuireadh i gcrích ar fud an Rialtais maidir le haghaidh a thabhairt ar fhadhbanna os comhair daoine den Lucht Siúil agus Romach, leanfaidh mo Roinn léi le cinntiú gur áit ionchuimsitheach agus fháilteach í Éire do chách. Tá mé ag súil go mór le comhoibriú leanúnach agus comhrá fiúntach leis an gCoimisinéir um Chearta an Duine amach anseo.”