English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas faoi Thaifeadtaí Fuaime d’fhianaise ó bhéal a tugadh don Choimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán

Ar an Luan 22 Feabhra chuir an Coimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán in iúl don Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige go raibh aisghafa déanta ar na téipeanna cúltaca, a bhí stóráilte lasmuigh de láthair, ina bhfuil na taifeadtaí fuaime d’fhianaise ó bhéal a tugadh don Choimisiún Imscrúdúcháin.

Scrúdaigh speisialtóir TF sampla randamach de na téipeanna chun a chinntiú gur féidir éisteacht leo agus go mbeidh fáil ag daoine orthu. Tá sé aontaithe ag an gCoimisiún anois go bhfuil siad chun na téipeanna a chur i dtaisce leis an Roinn, beidh sé seo ar aon dul leis na gealltanais eile atá socraithe maidir leis an Roinn ina mbeidh an chartlann go hiomlán faoi stiúradh an Aire agus beidh an tAire ag feidhmiú mar rialaitheoir sonraí ar na taifeadtaí ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh.

D’iarr thart ar 80 duine ar an gCoimisiún go mbeadh na hagallaimh le Coiste an Choimisiúin coimeádta mar agallamh folaithe. Tá machnamh á dhéanamh ag an gCoimisiúin faoin gceist seo faoi láthair agus tá an Coimisiún tiomanta go gcloífidh siad leis an ngealltanas nach mbeidh aon sárú ar neamhainmníocht na ndaoine seo.

Idir an dá linn, tá an Roinn ag leanúint ar aghaidh leis na réamhullmhúcháin chun a bheith ceaptha mar aonad rialaithe sonraí ar an gcartlann Choimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán agus tá an Roinn i dteagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí le haghaidh sin.

Sa chumarsáid a bhí idir an tAire agus an Coimisiún a tharla le déanaí rinne an Coimisiún cur síos faoi na gníomhaíochtaí a atá déanta acu ionas go mbeidh tuairiscí agus fulaingt atá déanta ag daoine (550 san iomlán) chuig an gCoimisiún faoi chosaint agus ar fáil do na glúnta atá le teacht. Bhí beirt bhall foirne ón gCoimisiún i láthair ag gach agallamh.

Dar leis an gCoimisiún an t-aon chúis go ndearnadh an taifeadadh ná go mbeadh sé ag feidhmiú mar aide memoire le haghaidh a chinntiú go mbeadh fulaingt gach marthanóra scríofa i gcáipéis, agus go mbeidís mar chuid de thuarascáil a bheadh le foilsiú faoin ábhar agus go mbeadh an tuarascáil ar aon dul leis an bhfianaise phearsanta a tugadh don Choimisiún. Cé gur scriosadh ní ba dhéanaí na taifeadtaí fuaime, dar leis an gCoimisiún mar thoradh ar an bpróiseas bhí córas leagtha amach chun fianaise phearsanta na ndaoine a thaifeadadh, é a scríobh go cruinn i gcáipéis agus le foilsiú i dtuairisc achomair.

Dúirt an tAire O’Gorman:

"Toisc go rabhamar in ann na taifeadtaí fuaime a athshlánú ó na téipeanna cúltaca agus beidh siad aistrithe go gairid go dtí an Roinn beidh bealach eile ann do dhaoine a tháinig os comhair an Choimisiúin a bhfuil ag iarraidh fáil a bheith acu ar a sonraí pearsanta. Tá iarratas déanta ag thart ar 80 duine go mbeidh a n-agallamh le Coiste an Choimisiúin coimeádta mar agallamh folaithe agus beidh meas ag an Roinn ar na hiarratais seo. Beimid i dteagmháil leis an gCoimisiún atá fós ag feidhmiú mar aonad rialaithe ar na sonraí faoi láthair faoin gcás. Má cheapann duine go bhfuil an taifead/sonraí atá ann míchruinn nó go bhfuil rud éigin ar lár, is féidir leis an duine brath ar a chearta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí leis an Roinn nuair a bheidh an Roinn ceaptha mar rialaitheoir ar na sonraí. Le haghaidh sin beidh ar an duine iarratas a dhéanamh leis an Roinn (nuair a bheidh an chartlann aistrithe faoi stiúradh na Roinne) chun taifead a cheartú.”

Foilseoidh an Roinn an t-eolas maidir leis an mbealach gur féidir le daoine fáil a bheith acu ar na sonraí chomh luath is a bheidh an Roinn ceaptha mar rialaitheoir an tseachtain seo chugainn.

DEIREADH