English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas le bheith i gcomhthráth le foilsiú an Chúigiú Tuairim ón gCoiste Comhairleach maidir le cur chun feidhme an Chreat-Choinbhinsiúin maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint ag Éirinn

Thug an tAire Norma Foley T.D. dá haire foilsiú an Chúigiú Tuairim ó Choiste Comhairleach Chomhairle na hEorpa inniu ar chur chun feidhme an Chreat-Choinbhinsiúin maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint ag Éirinn. Dúirt an tAire:

Tharraing an Coiste Comhairleach ceisteanna tábhachtacha anuas maidir le pobal an Lucht Siúil agus an pobal Romach in Éirinn. Bíonn Éire an-dáiríre maidir lena freagrachtaí i leith Chomhairle na hEorpa agus tá an Cúigiú Tuairim ón gCoiste Comhairleach á breithniú aici go cúramach.”

Dúirt an tAire chomh maith:

Tá go leor déanta le blianta beaga anuas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair pobail an Lucht Siúil agus an phobail Romaigh. Leanfar leis an obair chun tacaíocht a thabhairt do phobal an Lucht Siúil agus don phobal Romach sna blianta amach romhainn. Go háirithe, leis an Dara Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus an Phobail Romaigh II 2024-2028 léirítear cur chuige uile-Rialtais chun cuimsiú iomlán agus rannpháirtíocht ghníomhach pobail an Lucht Siúil agus an phobail Romaigh a áirithiú agus a éascú i saol sóisialta, eacnamaíoch, cultúrtha agus polaitiúil na hÉireann. Is é an cuspóir atá léi Éire atá sábháilte, cothrom agus ionchuimsitheach a fhorbairt ina dtacaítear le pobal an Lucht Siúil agus leis an bpobal Romach ionas gur féidir leo saolta ionchuimsitheacha, sláintiúla agus fiúntacha a chaitheamh.”

Nóta d’Eagarthóirí

Tuarascáil na hÉireann faoin gCreat-Choinbhinsiún

Dhaingnigh Éire Creat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint i 1999. Is é seo an cúigiú timthriall de mhonatóireacht na hÉireann faoin gCoinbhinsiún.

An Cúigiú Timthriall Tuairiscithe

D’ullmhaigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an Cúigiú Tuarascáil Stáit tar éis dul i gcomhairle le Ranna eile agus le Gníomhaireachtaí Stáit ábhartha, agus cuireadh isteach í i mí Iúil 2023. Thug toscaireacht ón gCoiste Comhairleach cuairt ar Éirinn i mí Mheán Fómhair 2023, agus bhí tionchar ag an gcuairt sin ar an ullmhúchán don Chúigiú Tuairim.

Glacadh leis an gCúigiú Tuairim i mí Dheireadh Fómhair 2024, agus tugadh an deis do Stát na hÉireann freagra a thabhairt ina leith. Is é an cleachtas é go bhfoilseoidh Comhairle na hEorpa an Cúigiú Tuairim agus Freagra an Stáit le chéile.

Ábhar an Chúigiú Tuairim

Leis an gCúigiú Tuairim aithnítear go leanann Éire ar aghaidh le meas foriomlán ar an éagsúlacht agus ar an íogaireacht a léiriú i leith trasnachais. Go háirithe, tugtar faoi deara sa Tuairim na hiarrachtaí a rinne údaráis na hÉireann chun straitéisí náisiúnta agus pleananna gníomhaíochta a ghlacadh, lena n-áirítear an Dara Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus an Phobail Romaigh II 2024-2028 (SNILSPR II) agus a gcéad Phlean Gníomhaíochta don tréimhse 2024-2026.

Mar sin féin, leis an gCúigiú Tuairim leagtar béim ar shraith moltaí (30 san iomlán) chun réimsí éagsúla a fheabhsú, lena n-áirítear an t-idirdhealú, mná agus cailíní, an cultúr agus an oidhreacht a chur chun cinn, fostaíocht agus geilleagar, iostas, oideachas agus sláinte an Lucht Siúil.

Le freagra na hÉireann leagtar amach na gníomhaíochtaí a rinneadh agus atá le déanamh, mar fhreagra ar na moltaí ón gCoiste Comhairleach. Cuirfear an chuid is mó de na moltaí i bhfeidhm mar chuid de chur i bhfeidhm an Dara Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus an Phobail Romaigh II 2024-2028 (SNILSPR II) trí chomhpháirtíocht idir Ranna Rialtais ábhartha, Ghníomhaireachtaí Stáit agus Eagraíochtaí Neamhrialtasacha.

Le SNILSPR II léirítear cur chuige uile-Rialtais chun cuimsiú iomlán agus rannpháirtíocht ghníomhach pobail an Lucht Siúil agus an phobail Romaigh a áirithiú agus a éascú i saol sóisialta, eacnamaíoch, cultúrtha agus polaitiúil na hÉireann. Is é an cuspóir atá léi Éire atá sábháilte, cothrom agus ionchuimsitheach a fhorbairt ina dtacaítear le pobal an Lucht Siúil agus leis an bpobal Romach ionas gur féidir leo saolta ionchuimsitheacha, sláintiúla agus fiúntacha a chaitheamh.

Cuimsítear 80 gníomh faoi 9 dtéama sa chéad Phlean Gníomhaíochta, lena n-áirítear an t-oideachas, an fhostaíocht, an tsláinte agus an t-iostas, chun saolta pobail an Lucht Siúil agus an phobail Romaigh a fheabhsú agus chun rannpháirtíocht ghníomhach agus comhionannas rochtana agus deiseanna a éascú.

Chomh maith le SNILSPR II, tá roinnt straitéisí glactha ag an Rialtas chun dul i ngleic leis na moltaí a leagtar amach sa Chúigiú Tuairim. Áirítear leo an Straitéis Oideachais don Lucht Siúil agus na Romaigh 2024-2030 agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais 2023-2027, ina bhfuil gníomhartha iontu araon chun dul i ngleic leis na príomh-mholtaí i ndáil leis na míbhuntáistí oideachasúla agus an t-idirdhealú a bhíonn os comhair pobail an Lucht Siúil agus an phobail Romaigh in Éirinn.