English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seirbhísí Faisnéise agus Rianaithe faoin Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe le hoscailt ó 3 Deireadh Fómhair ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

Tá an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, tar éis an tOrdú a shíniú inniu lena bhforáiltear do Sheirbhísí Faisnéise Breithe agus Rianaithe faoin Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe nua a bheidh ar fáil ón 3 Deireadh Fómhair.

Shínigh an tUachtarán Higgins an tAcht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe 2022 ina dhlí ar an 30 Meitheamh. Chuir an tAire O’Gorman tús leis na chéad chodanna den Acht an 1 Iúil nuair a bunaíodh an Clár Tosaíochta Teagmhála agus nuair a seoladh an Feachtas Faisnéise Poiblí. Forálann an tAcht go gcaithfidh an Clár Rogha Teagmhála a bheith oscailte ar feadh íostréimhse trí mhí sular féidir glacadh le hiarratais ar fhaisnéis bhreithe. Ag féachaint don fhráma ama sin, shínigh an tAire an tOrdú inniu a chuirfidh tús le seirbhísí faisnéise agus lorgaireachta ón 3 Deireadh Fómhair.

Bhí go leor daoine ag fanacht leis an Acht suntasach seo le fada, agus cuireann sé ceart rochtana iomlán agus soiléir ar fáil ar theastais bhreithe, ar fhaisnéis bhreithe agus ar fhaisnéis luathsaoil, nuair atá sé ar fáil, do gach duine a bhí uchtaithe nó a cuireadh ar lóistín é/í nó rinneadh clárú breithe mídhleathach orthu nó ar aon slí eile tá ceisteanna acu maidir lena mbunús. Ceadaíonn sé freisin do rochtain ar fhaisnéis atá ar fáil ag leanbh duine ábhartha i gcás ina bhfuair an tuismitheoir bás, agus cuirtear rochtain ar fáil do neasghaol linbh a fuair bás in institiúid.

Cruthaíonn an tAcht freisin seirbhís rianaithe reachtúil a osclófar le haghaidh iarratas, chomh maith le raon de bhearta saincheaptha nua chun dul i ngleic le saincheisteanna a thagann chun cinn do dhaoine a bhfuil tionchar ag clárú breithe mídhleathach orthu. Cuirfear raon leathan comhairleoireachta agus tacaíochta ar fáil freisin do dhaoine a dhéanann iarratas. Beidh na seirbhísí seo go léir saor in aisce d’iarratasóirí. Ina theannta sin, forálann an tAcht cosaint do taifid thábhachtacha agus, mar sin, is céim bhunúsach luachmhar é i bhforbairt an tIonad Náisiúnta um Thaighde agus um Chuimhneachán atá beartaithe.

I mí Iúil 2022, osclaíodh Clár Rogha Teagmhála nua, arna oibriú ag Údarás Uchtála na hÉireann, d’iarratais. Tugann an Clár seo cumhacht do dhaoine a roghanna féin a thaifeadadh maidir leis an modh teagmhála a d’fhéadfaí a dhéanamh le daoine eile agus maidir le faisnéis a roinnt agus a fháil.

Seoladh feachtas cuimsitheach faisnéise poiblí freisin i mí Iúil 2022 chun daoine a chur ar an eolas faoi na seirbhísí tábhachtacha atá le soláthar faoin Acht nua seo. Mar chuid den fheachtas scaipeadh leabhrán eolais chuig gach teaghlach sa tír, agus bhí fócas áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta mar chuid den bhfeachtas.

Ar an 3 Deireadh Fómhair 2022, osclófar seirbhísí Faisnéise agus Rianú faoin Acht. Is féidir iarratais ar thaifid a dhéanamh chuig Údarás Uchtála na hÉireann agus chuig Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Tá suíomh Gréasáin saincheaptha, www.birthinfo.ie dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh nó tuilleadh faisnéise á lorg acu.

Ag labhairt dó faoin Acht, dúirt an tAire:

“Tugann an tAcht seo aghaidh ar deireadh agus go cinnte ar shéanadh éagórach chearta aitheantais daoine le blianta fada sa Stát seo. Ar deireadh tá bealach aimsithe againn chun ceart soiléir a sholáthar do gach duine rochtain iomlán ar an bhfaisnéis (nach bhfuil aon rud bainte de) nuair a bhíonn sí ar fáil. Anois, toisc go mbeidh gach duine lena mbaineann in ann leas a bhaint as na forálacha nua seo, a cheadóidh rochtain neamhshrianta ar a gcuid faisnéise breithe, beimid in ann an tionchar dearfach, domhanda atá ag an obair atá déanta againn ar an Acht seo a fheiceáil.”

CRÍOCH