Seoladh An Ghairdín Súgartha Comóraidh Do Leanaí 1916
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 13 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 19 Samhain 2019
Maidin inniu, sheol an tArdmhéara McAuliffe ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, i gcomhar leis an Aire Katherine Zappone, Gairdín Súgartha Comóraidh do Leanaí 1916 ag Páirc San Audoen, Sráid na gCócairí, Cé na gCeannaithe, Baile Átha Cliath 8.
Dhear Bloom Fringe an Gairdín Súgartha Comóraidh do Leanaí 1916, le hinchur ó leanaí agus daoine óga, agus ba é ailtirí tírdhreacha Dermot Foley agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a thóg é.
Chuaigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige i gcomhairle le 220 leanbh agus duine óg mar chuid de Chlár Comóraidh 1916 ar an téama Ár dtodhchaí a cheapadh, thar ceann na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Thaifead foireann taighde ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a dtuairimí agus cuireadh iad san áireamh agus an Gairdín Súgartha Comóraidh do Leanaí 1916 á dhearadh.
Bhí na leanaí agus na daoine óga den tuairim nach raibh aon oidhreacht bhuan do na leanaí a cailleadh le linn Éirí Amach na Cásca. Bhí rud éigin uathu a thabharfadh onóir do na leanaí 1916 agus a thabharfadh pléisiúr do leanaí agus daoine óga na linne seo.
Dúirt an tArdmhéara, Paul McAuliffe:
"Tá an sonas agus an brón ag baint leis an searmanas inniu san áit álainn seo, Páirc San Audoen. Agus muid ag déanamh ceiliúradh ar an nGairdín Súgartha Comóraidh do Leanaí 1916, cuimhnímid na saolta gearra dearmadta a bhí ag na daichead leanbh a cailleadh le linn Éirí Amach na Cásca 1916. Ba iad na leanaí agus na daoine óga a ghlac páirt sna comhairliúcháin 1916 a cheap an smaoineamh maidir le gairdín agus is é seo an chéad chuimhneachán do na leanaí a cailleadh go tubaisteach ag an am sin. Ní dhéanfar dearmad fúthu arís”.
Agus í ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire Zappone:
"Nuair a dearadh an gairdín súgartha, ba í an fhís a bhí ann ná suíomh a chruthú ina féidir smaoineamh siar ar sheanchuimhní agus ina féidir cuimhní nua a dhéanamh. Léiríonn an spás seo an t-am atá caite, an t-am i láthair agus an t-am atá le teacht. Tá súil agam go mbainfidh cuairteoirí sásamh as an ngairdín súgartha seo agus go gcuirfear spás ar fáil chun meas a léiriú do chuimhne na leanaí ó 1916."
D'aontaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go gcuirfeadh an bheirt acu €150,000 ar fáil, i gcistiú caipitil chun gairdín súgartha nua a fhorbairt do leanaí agus déagóirí i lár Chathair Bhaile Átha Cliath.
Ag an seoladh inniu, bhí daoine gaolta leis na leanaí a cailleadh i 1916, bhí Joe Duffy, údar an leabhair Children of the Rising - the forgotten casualties of 1916, agus bhí go leor leanaí a raibh páirt acu i bhforbairt an ghairdín súgartha ó Scoil Náisiúnta San Audeon agus Scoil Náisiúnta San Francis, chomh maith leis na daoine óga a bhí ar an gcoiste stiúrtha don tionscadal.
Beidh an gairdín súgartha ar oscailt ó inniu, agus tá sé ann chun taitneamh a bhaint as agus chun meas a léiriú do chuimhne na leanaí 1916.
CRÍOCH