English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire O’Gorman agus an tAire Humphreys Mála Leabhar Mo Leabharlann Bheag 2024

Inniu (21 Meitheamh) sheol an tAire Roderic O’Gorman agus an tAire Heather Humphreys, Mála Leabhar Mo Leabharlann Bheag 2024, a chuirfidh leabhair saor in aisce ar fáil do gach leanbh atá ag tosú ar scoil agus a thabharfaidh cuireadh dóibh a bheith ina mbaill dá leabharlann áitiúil.

Is é fócas Mo Leabharlann Bheag — tionscnamh faoi Na Chéad 5 — ná naisc láidre a chruthú idir leanaí óga, a dteaghlaigh agus a leabharlann áitiúil. Le dhá bhliain anuas, tugadh cuireadh do leanaí a d’fhág an clár réamhscoile um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLÓ) agus ag freastal ar an mbunscoil den chéad uair, cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil chun Mála Leabhar Mo Leabharlann Bheag a bhailiú agus chun an deis a thapú a bheith mar bhaill den leabharlann.

Mar thoradh air sin, tá na mílte páiste ag bailiú málaí leabhar agus ag glacadh le ballraíocht ina leabharlann áitiúil. Chomh maith le Mo Leabharlann Bheag, tugadh cuireadh chomh maith do pháistí óga agus dá dteaghlach teacht chuig a leabharlann áitiúil chun leabhar scéalta dul a luí a bhailiú agus a choinneáil, agus a bheith ina mbaill den leabharlann mar chuid den tionscnamh Mo Leabhar Bheag ag Am Luí.

Tá an seoladh ag teacht sna sála ar thionscadal píolótach rathúil in 2023.

Ón 21 Meitheamh 2024, tugtar cuireadh do gach páiste a bhfuil an clár réamhscoile COLÓ á chur i gcrích acu agus atá ag tosú ar scoil i mí Mheán Fómhair seo, cuairt a thabhairt ar a leabharlann, Mála Leabhar Mo Leabharlann Bheag a bhailiú, i nGaeilge nó i mBéarla, agus ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann mura bhfuil siad ina mbaill cheana féin. Tá málaí leabhar ar fáil sa leabharlann i rith an tsamhraidh. Tá fáilte roimh gach teaghlach glacadh le ballraíocht sa leabharlann freisin, mura bhfuil siad ina mbaill cheana féin.

Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire O’Gorman:

“Tá ríméad orm an tionscnamh nua Leabharlanna Bheaga seo a fhógairt, a chuireann leabhair saor in aisce ar fáil do gach páiste atá ag tosú ar scoil, agus iad a spreagadh glacadh le ballraíocht ina leabharlann áitiúil. Tá súil agam go dtacóidh an tionscnamh seo le leanaí na chéad chéimeanna sin a ghlacadh i dtreo grá don léitheoireacht ar feadh an tsaoil.

“Tá a fhios againn ón tionscadal píolótach gur thacaigh 99 % de thuismitheoirí agus d’fhoireann na leabharlainne go mbeadh an bronntanas leabhar ón leabharlann ina thionscnamh bliantúil. Tá diongbháilteacht an fhreagra seo mar aon le mo thuairim láidir féin maidir le tábhacht scéalta agus leabhar do leanaí óga, ina chúis áthais dom, lena a chinntiú go mbeidh Mo Leabharlann Bheag á reáchtáil gach bliain anois.”

Dúirt an tAire Humphreys inniu:

“Tá áthas orm go bhfuil mo Roinn ag soláthar tacaíochta, chun leanúint ar aghaidh le mo Leabharlann Bheag. Tá a fhios agam go bhfuil foirne leabharlainne ar fud na tíre ar aon intinn liom, maidir le mo dhíograis chun teaghlaigh óga a nascadh lenár seirbhís leabharlainne náisiúnta den scoth.

“Ní féidir an iomarca tábhachta a leagan ar sheoid na léitheoireachta, agus tú ag léamh do pháistí agus le páistí. Ní hamháin go dtacaíonn sé leis an nasc idir tuismitheoirí agus a bpáistí ach cuireann sé forbairt luath teanga agus litearthachta chun cinn freisin, rud atá ríthábhachtach chun go n-éireoidh le páistí sa luathfhoghlaim agus ina dhiaidh sin.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Uíbh Fhailí agus Cathaoirleach Choiste Forbartha na Leabharlann, Anna Marie Delaney:

“Tá leabharlanna poiblí na n-údarás áitiúil ag tnúth le fáilte a chur roimh gach páiste atá ag tosú ar scoil agus roimh a dteaghlaigh isteach ina leabharlanna áitiúla chun a gcuid málaí leabhar a bhailiú agus chun eolas a chur ar na aoibhneas a bhaineann le bheith i do bhall leabharlainne.

“Tá an léitheoireacht chomh tairbheach sin d’fhorbairt leanaí agus chun tacú leo de réir mar a fhásann siad. Tá súil againn go dtiocfaidh baill na Leabharlainne Bheaga agus a dteaghlaigh ar ais go rialta chun a málaí leabhar a athlíonadh agus chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus sna gníomhaíochtaí ar fad atá ar fáil againn.”

Rinneadh maoiniú a chuir ar fáil den tionscnamh seo, a bhí mar cheann piolótach, i dtús aimsire ag Maoiniú na gCuntas Díomhaoin. Comhlíonann príomhshruthú Thionscnamh na Leabharlainne Bheaga gealltanas maidir leis Na Chéad 5: straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh (2019-2028).

Rinneadh meastóireacht neamhspleách ar Mo Leabharlann Bheag agus léirigh na torthaí, aiseolas an-dearfach ó leanaí agus a dteaghlaigh agus ó fhoireann na leabharlainne agus ó oideoirí luathbhlianta. Thug tuismitheoirí le fios, gur thacaigh an mála leabhar lena bpáistí, agus iad ag aistriú chun na bunscoile agus thug sé cúis nua dóibh cuairt a thabhairt ar an leabharlann agus glacadh le ballraíocht sa leabharlann.

CRÍOCH


Nóta d’Eagarthóirí:

  • Tá Mála Leabhar Mo Leabharlann Bheag ar fáil anois i leabharlanna áitiúla do gach páiste atá ag tosú sa bhunscoil i mí Mheán Fómhair.
  • Beidh an tionscnamh ar fáil go bliantúil.
  • Tá leabhair ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
  • Tá físeáin de na leabhair Ghaeilge agus iad á léamh ar fáil ar láithreán gréasáin Leabharlanna Éireann.

Straitéis Uile-Rialtais deich mbliana is ea an Na Chéad 5 (a foilsíodh in 2018) do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh. Feidhmíonn an Straitéis seo chun cur leis an luath-óige agus chun cur go mór le saol leanaí óga, a dteaghlaigh agus leis an sochaí sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin Na Chéad 5 ag: Item was unpublished or removed