Seolann an tAire O'Gorman an 15ú Comhdháil Bhliantúil Ag Fás Aníos in Éirinn
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 8 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 2 Eanáir 2024
- Is í seo an chéad Chomhdháil faoin tsamhail seachadta nua ina ndéanann an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige bainistiú ar an Staidéar Ag Fás Aníos in Éirinn
- Chomh maith leis sin, is í an bhliain seo an chéad uair, ó bhí 2008 ann, a roghnóidh Ag Fás Aníos in Éirinn teaghlaigh agus leanaí nua le cur faoi agallamh, agus tosóidh an chéim phíolótach de ghrúpa breithe nua leanaí 9 mí d'aois agus a dteaghlaigh (Cohórt ’24) i mí Dheireadh Fómhair 2023
Inniu, tiocfaidh breis is 220 toscaire ó shaol an taighde agus an bheartais le chéile in Óstán an Gibson i mBaile Átha Cliath chun foghlaim faoi thaighde nua ar shaol leanaí agus daoine óga, taighde a úsáideann na sonraí ón Staidéar Ag Fás Aníos in Éirinn.
Labhróidh taighdeoirí ó áiteanna éagsúla in Éirinn ar ábhair a bhaineann le lucht déanta beartas an Rialtais agus le gach duine ar spéis leo saol leanaí agus daoine óga a fheabhsú.
Léiríonn fairsinge agus éagsúlacht na n-ábhar taighde, lena n-áirítear topaicí ar an ngaol idir an cearrbhachas agus an mheabhairshláinte, tionchar na paindéime ar leanaí, leasú sochair tuismitheora aonair, bulaíocht agus aimhréideanna toirchis agus meabhairshláinte na hóige go léir an luach a bhaineann leis na sonraí foinseacha ó Ag Fás Aníos in Éirinn.
Léiríonn na cuir i láthair freisin raon leathan d'aoiseanna ó naíonacht go dtí na luath-aosachta. Tá trí aoisghrúpa ag Ag Fás Aníos in Éirinn anois; Cohórt ’98 atá 25 bliain d'aois anois, Cohórt ’08 atá 15 bliana d'aois anois agus Cohórt ’24 a earcófar an bhliain seo chugainn nuair a bheidh siad 9 mí d'aois chomh maith lena dteaghlaigh. Cuireadh tús leis an gcéim phíolótach do Chohórt ’24 i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo agus is í an chéad uair ó bhí 2008 ann a roghnaíodh teaghlaigh agus leanaí nua le cur faoi agallamh.
Agus é ag labhairt ag an gcomhdháil, dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman,
“Le fada an lá measaim gurb é an staidéar Ag Fás Aníos in Éirinn an tseoid is luachmhara maidir le hacmhainní náisiúnta sonraí ar leanaí agus daoine óga. Chuir sé eolas ar fáil do cheapadh beartais ar fud an Rialtais maidir le saincheisteanna chomh héagsúil le leordhóthanacht tithíochta, rochtain ar na healaíona do leanaí óga, éifeachtaí na srianta paindéime ar aosaigh óga agus an tionchar atá ag an méid ama a chaitheann leanaí ag féachaint ar scáileáin ar a bhforbairt shíceasóisialta. Is cúis ceiliúrtha é go bhfuil trí aoischohórt againn anois.”
Mar chuid den chomhdháil beidh eochairóráid ón Ollamh Morag Treanor, ó Ollscoil Ghlaschú atá ina saineolaí ar thionchar na bochtaineachta ar fholláine leanaí. Labhróidh an tOllamh Treanor faoina taighde ar dhinimic idirnasctha na bochtaineachta, fostaíocht tuismitheoirí, agus meabhairshláinte theaghlaigh, agus úsáid á baint aici as sonraí ó Ag Fás Aníos in Albain (GUS), staidéar fadaimseartha ionadaíoch náisiúnta.
Ina ráitis tosaigh, dúirt Kevin McCarthy, Ard-Rúnaí na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an méid seo a leanas
“Is ardtosaíocht do Rialtas é deireadh a chur le bochtaineacht leanaí, agus mar sin táimid ag éisteacht go géar le torthaí taighde an Ollaimh Treanor ar an tábhacht a bhaineann le béim a chur ar an ngá atá le cur chuige atá curtha i gcomhthéacs don teaghlach ar fad i leith na bochtaineachta agus na meabhairshláinte. Tá an-suim againn freisin a fhoghlaim faoin gcaoi a ndearna an Staidéar Ag Fás Aníos in Albain eolas dá torthaí de réir mar a fheicimid poitéinseal breise do shonraí Ag Fás Aníos in Éirinn eolas a dhéanamh dár n-iarrachtaí bochtaineacht leanaí a dhíothú”
Nótaí don eagarthóir
Is é Ag Fás Aníos in Éirinn (GUI), an staidéar fadaimseartha ionadaíoch náisiúnta ar leanaí a bunaíodh in 2006, an tionscadal suaitheanta taighde de chuid na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) agus léiríonn sé infheistíocht iontach suntasach ón Stát i dtaighde agus sonraí ar ardchaighdeán ar shaol leanaí, daoine óga agus a dteaghlaigh.
Ó bhí Eanáir 2023 ann, is iad an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíocht agus Óige agus an Phríomh-Oifig Staidrimh a reáchtálann an staidéar Ag Fás Aníos in Éirinn. Tá an Roinn freagrach as gnéithe taighde agus beartais an Staidéir agus tá an Phríomh-Oifig Staidrimh freagrach as bailiú sonraí.
Roimh Eanáir 2023, rinne cuibhreannas taighdeoirí faoi stiúir na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) agus Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD) an staidéar. Ba í an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an t-urraitheoir.
Áirítear sa staidéar trí chohórt leanaí. Cohórt ’98 a rugadh in 1998 agus atá 25 bliain d'aois anois agus Cohórt ’08 a rugadh in 2008 agus atá 15 bliana d'aois anois. I mí an Mheithimh 2022, fuarthas faomhadh an rialtais do chohórt tríú breithe, Cohórt ’24– leanaí a bheidh 9 mí d’aois in 2024. I mí Dheireadh Fómhair 2023, chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh tús leis an gcéim phíolótach do Chohórt ’24. Is é seo an chéad rogha de theaghlaigh agus leanaí nua a cuireadh faoi agallamh, ó bhí 2008 ann.
Naisc chabhracha
Clár na Comhdhála Bliantúla Ag Fás Aníos in Éirinn 8 Samhain 2023
(Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).
Leabhar Achoimre na Comhdhála Bliantúla Ag Fás Aníos in Éirinn 8 Samhain 2023
(Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).