Seolann an tAire O’Gorman na Deontais Forbartha um Fheighlíocht Leanaí don bhliain 2024
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 16 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2024
- Méadaíodh an maoiniú a bhí ar fáil go €500,000
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu gur osclaíodh Deontas Forbartha um Fheighlíocht Leanaí 2024.
Tá an buiséad iomlán de €500,000 dhá oiread an bhuiséid a fógraíodh in 2023. Léiríonn an méadú seo an t-éileamh ard ar an Deontas in 2023. Léiríonn sé freisin tiomantas an Rialtais tacaíocht a thabhairt d’fheighlithe leanaí chun ullmhú don leathnú pleanáilte ar rialáil, ar fhóirdheontais agus ar thacaíochtaí d’fheighlithe leanaí ón bhfómhar seo, de réir an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí 2021-2028.
Soláthraíonn an Deontas Forbartha um Fheighlíocht Leanaí suas le €1,000 chun cabhrú le feighlithe leanaí atá ag cur seirbhís feighlíochta leanaí ar fáil ina dtithe féin.
Tá sé mar aidhm ag an Deontas tacú le feighlithe leanaí cáilíocht agus sábháilteacht a gcuid seirbhíse a fheabhsú trí na cinn seo a leanas a cheannach: bréagáin, trealamh cúram leanaí, trealamh sábháilteachta, trealamh chun tacú le cuimsiú agus oideachas STEAM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Ealaíona agus Mata), chomh maith le trealamh TF chun cabhrú le feighlithe leanaí dul i ngleic le próisis oiliúna agus clárúcháin níos déanaí sa bhliain.
Tá na deontais oscailte do gach feighlí leanaí, lena n-áirítear iad siúd atá ag beartú gnó feighlíochta leanaí a oscailt in 2024. Íoctar 75% den deontas roimh ré chun cabhrú le feighlithe leanaí leis na costais tosaigh a bhaineann le trealamh a cheannach.
Agus é ag déanamh fógra inniu, dúirt an tAire Roderic O’Gorman:
“Tá lúcháir orm seoladh Deontas Forbartha um Fheighlíocht Leanaí 2024 a fhógairt. Táim tiomanta do thacaíochtaí dearfacha a chur ar fáil chun cabhrú le feighlithe leanaí, agus léiríonn dúbailt an bhuiséid don Deontas i mbliana é sin.
“Chomh maith le bearta cáilíochta agus sábháilteachta, is féidir le feighlithe leanaí iarratas a dhéanamh i mbliana ar dheontas TF, roimh chlárú a bheidh á oscailt d’fheighlithe leanaí níos déanaí i mbliana. Tá clárú feighlithe leanaí ina phríomhchuid den Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí 2021-2028.”
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Deontas Forbartha Feighlíochta Leanaí nó faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí, tabhair cuairt ar Item was unpublished or removed nó déan teagmháil le do Choiste um Fheighlíocht Leanaí Cathrach nó Contae áitiúil.