Seolann an tAire O'Gorman Próiseas Comhairliúcháin ar fhorbairt Scéime um Aitheantas Aisiríoch d'Iar-Chónaitheoirí Árais Máithreacha agus Naíonán agus Teaghlaigh Contae
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 10 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Márta 2021
Sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman, TD, Próiseas Comhairliúcháin inniu maidir le Scéim um Aitheantas Aisiríoch ex-gratia a fhorbairt d’iar-chónaitheoirí Árais Máithreacha agus Naíonán agus Teaghlaigh Contae. Bunófar an Scéim mar chuid de fhreagra cuimsitheach an Rialtais ar Thuarascáil Deiridh an Choimisiúin Imscrúdúcháin (Árais Máithreacha agus Naíonán agus Nithe Áirithe Gaolmhara).
Beidh an Próiseas Comhairliúcháin oscailte go dtí an 31 Márta 2021. Tá dhá bhealach ann do dhaoine a dtuairimí a chur in iúl - trí aighneacht i scríbhinn agus/nó trí pháirt a ghlacadh i gceann de roinnt cruinnithe comhairliúcháin ar líne a eagrófar idir an 18 agus an 31 Márta 2021. Osclófar clárú do na cruinnithe comhairliúcháin ar líne láithreach agus iarrtar ar dhaoine clárú a luaithe is féidir.
Agus an Próiseas Comhairliúcháin á sheoladh aige, dúirt an tAire O'Gorman:
“Beidh ról tábhachtach ag torthaí an Phróisis Chomhairliúcháin seo maidir le forbairt na Scéime um Aitheantas Aisiríoch a threorú. Dá bhrí sin, ba mhaith liom iarraidh ar gach páirtí leasmhar, go háirithe iar-chónaitheoirí, a dteaghlaigh, agus grúpaí abhcóideachta agus ionadaíocha, páirt a ghlacadh sa phróiseas agus a dtuairimí a chur in iúl maidir le dearadh na Scéime. Agus é seo á dhéanamh, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí leanúnacha gach duine a chuir fianaise agus ionchur ar fáil i gcineálacha éagsúla comhairliúchán le blianta beaga anuas agus an méid cruatain a bhí i gceist chun é sin a dhéanamh. Tá súil agam gur céim dhearfach é an próiseas seo chun aghaidh a thabhairt ar éagóir an ama a chuaigh thart agus chun cuidiú le leigheas agus compord, a bhfuil súil leo le fada, a sholáthar."
“Tá an Rialtas tiomanta an Scéim um Aitheantas Aisiríoch a bhunú a luaithe is féidir agus ar an ábhar sin tá fráma ama daingean ann don chomhairliúchán seo le páirtithe leasmhara. Mar aitheantas air seo, cuirfear an próiseas comhairliúcháin chun cinn go forleathan in Éirinn agus thar lear trí theagmháil dhíreach le grúpaí leasmhara, fógraíocht nuachtáin agus na meáin shóisialta, agus trí rannpháirtíocht lenár líonra fairsing ambasáidí thar lear a dhéanfaidh an próiseas seo a phoibliú ar ár son."
Déanfar torthaí an phróisis chomhairliúcháin seo a dhoiciméadú agus a chur isteach i dtuarascáil chuig an nGrúpa Idir-rannach (IDG) a bunaíodh chun tograí mionsonraithe a fhorbairt ar Scéim um Aitheantas Aisiríoch lena mbreithniú ag an Rialtas.
Fostaíodh seirbhísí OAK, cuideachta neamhspleách comhairleoireachta-bhunaithe, chun an comhairliúchán poiblí seo a dhéanamh thar ceann an Ghrúpa Idir-rannaigh.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le conas páirt a ghlacadh sa Phróiseas Comhairliúcháin, féach anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).
CRÍOCH//
Nóta d'Eagarthóirí:
Beidh dhá ghné leathana sa Scéim um Aitheantas Aisiríoch:
- Soláthróidh sí íocaíochtaí aitheantais aisiríoch a chuirfidh san áireamh moltaí an Choimisiúin Imscrúdúcháin maidir le cúiteamh (ach níl sí teoranta do na moltaí sin).
- Soláthróidh sí, mar a chomhaontaigh an Rialtas, cineál cárta leighis feabhsaithe, i.e. incháilitheacht do shraith seirbhísí sláinte oiriúnaithe cosúil leis na cinn a cuireadh ar fáil d’iar-chónaitheoirí Neachtlanna Mhaigdiléana, do gach duine a raibh cónaí orthu in Áras Máithreacha agus Naíonán nó i dTeaghlach Contae ar feadh tréimhse sé mhí nó níos mó.
Foilsíodh Tuarascáil Deiridh an Choimisiúin Imscrúdaithe (Árais Máithreacha agus Naíonán agus Nithe Áirithe Gaolmhara) an 12 Eanáir 2021. Is féidir teacht ar an Tuarascáil anseo.
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil faoi fhreagra an Rialtais ar an Tuarascáil Deiridh anseo.) (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).
Comhairliúchán Poiblí ar an Scéim um Aitheantas Aisiríoch- Ceisteanna Coitianta
Is féidir na Téarmaí Tagartha don Ghrúpa Idir-Rannach a fháil anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).