Seolann an tAire O’Gorman samhail mhaoinithe nua, ‘Níos Fearr Le Chéile’ le haghaidh Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Leanaí ar Aois Scoile mar chonarthaí Croímhaoinithe do 4,000 seirbhís
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 18 Deireadh Fómhair 2022
- Is é Níos Fearr Le Chéile an tsamhail nua mhaoinithe d’Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige (ELC) agus don Chúram Leanaí ar Aois Scoile (SAC) a sheol an tAire O’Gorman inniu.
- Cuimsítear an scéim Croímhaoinithe nua €221 milliún, chomh maith leis an gclár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) agus an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (NCS) sa samhail mhaoinithe nua.
- Tá conarthaí le haghaidh an Bhunmhaoinithe sínithe faoin am seo ag naonúr as gach deichniúr soláthraithe ELC agus SAC – nó beagnach 4,000 seirbhís – agus tá siad tiomanta don obair a dhéanamh i gcomhpháirtíocht leis an Stát ar mhaithe le leas an phobail, agus do reo táillí ar tháillí tuismitheoirí.
- Soláthraíonn Níos Fearr Le Chéile ardán le haghaidh na hinfheistíochta san earnáil chun ar a laghad €1 billiún a chaitheamh faoi 2028 chun feabhas a chur leis an gcáilíocht, an inacmhainneacht agus an inrochtaineacht, chomh maith leis an inbhuanaitheacht.
Inniu (15 Meán Fómhair 2022), sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, an tsamhail mhaoinithe nua le haghaidh ELC agus SAC, Níos Fearr Le Chéile.
Tá trí ghné phríomhúla tugtha le chéile le Níos Fearr Le Chéile, an clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige, lena n-áirítear an tSamhail Rochtana agus Chuimsithe (AIM), an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí agus an Croímhaoiniú, agus tá sé á sheoladh ag an am a bhfuil an Croímhaoiniú ag teacht isteach i bhfeidhm, agus 90% den líon seirbhísí incháilithe ag síniú suas leis.
Dúirt an tAire O’Gorman, inniu,
“Is údar áthais dom Níos Fearr Le Chéile, an tsamhail mhaoinithe nua chun athrú ó bhonn a thabhairt don earnáil ríthábhachtach seo, a sheoladh inniu. Tacaíonn Níos Fearr Le Chéile le hinacmhainneacht níos fearr do thuismitheoirí; le pá agus coinníollacha níos fearr don fhoireann; le hinfhaighteacht fheabhsaithe do theaghlaigh tríd an soláthar méadaithe; agus le cobhsaíocht airgeadais níos fearr do na soláthraithe seirbhíse.
Tá creat cobhsaí don infheistíocht amach anseo curtha ar fáil le Níos Fearr Le Chéile tríd an scéim nua Chroímhaoinithe a thabhairt isteach, i dteannta leis an infheistíocht leanúnach sa chlár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige, AIM agus an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí.
Is athrú céime ar bhainistíocht phoiblí na hearnála é Croímhaoiniú, a thosaíonn inniu. Tá lúcháir orm gur roghnaigh 90% de na seirbhísí teacht i gcomhpháirtíocht leis an Stát trí chlárú. Leis an méid suntasach airgid phoiblí bhreise seo, cuirfear leasanna leanaí, a dteaghlach agus a n-oibrithe chun cinn agus ag an am céanna deimhneofar an inbhuanaitheacht leanúnach do sholáthraithe, agus tacófar leis an inacmhainneacht mhéadaithe.”
Fógraíodh Croímhaoiniú den chéad uair i mBuiséad 2022, agus leithdháileadh iomlán de €221 milliún in aghaidh na bliana ag gabháil leis. Leis an gCroímhaoiniú, tugtar ráthaíocht nach dtiocfaidh ardú ar tháillí tuismitheoirí i Seirbhísí Comhpháirtithe Croímhaoinithe i dtaca leis an méid a gearradh orthu anuraidh. Tugann sé sin cinnteacht shuntasach do thuismitheoirí, agus deimhnítear dá réir freisin gur féidir le tuismitheoirí leas iomlán a bhaint as infheistíochtaí sa Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí amach anseo, lena n-áirítear síneadh a chur leis an bhfóirdheontas uilíoch do leanaí de gach aois a tháinig i bhfeidhm i mí Lúnasa, gan riosca go n-ídeofar fóirdheontais mhéadaithe ón Stát gan mar gheall ar tháillí méadaithe do thuismitheoirí.
Cuirtear tús leis an scéim inniu, ar aon dul le tosú na nOrduithe Rialaithe Fostaíochta (EROanna) don earnáil. Mar gheall ar na EROanna, fágfar go mbeidh pá feabhsaithe ag breis agus 70% de na hoibrithe san earnáil, agus go dtabharfar aitheantas sonrach do róil agus cáilíochtaí éagsúla, agus go mbunófar struchtúr pá don fhoireann. Tá an t-éacht stairiúil seo cumasaithe ag an infheistíocht atá déanta i gCroímhaoiniú.
Tá fianaise shuntasach ann go bhfuil an acmhainneacht leathnaithe laistigh den earnáil freisin. D’iarr an líon is mó seirbhísí riamh ar Athrú Cúinsí ar chlár Tusla, go príomha chun na huaireanta oibriúcháin nó líon na n-áiteanna leanaí atá á dtairiscint acu a mhéadú. Suas go lár mhí Lúnasa, bhí méadú 31% ar an líon iarratas ar Athrú Cúinsí ó sheirbhísí Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus méadú 261% ar an líon athrú ar chúinsí maidir le seirbhísí Cúraim Leanaí ar Aois Scoile i gcomparáid le 2021.
Dúirt an tAire Ó Gormáin,
“Tá Níos Fearr Le Chéile á sheoladh go hoifigiúil inniu agus tá na comharthaí go léir ann cheana féin go bhfuil athrú suntasach á bhaint amach aici san earnáil maidir leis an inacmhainneacht, an cháilíocht agus an inrochtaineacht, rud atá thar a bheith sásúil. Is é seo an chéad chéim i dtreo forbairtí suntasacha breise san earnáil atá le tabhairt isteach sna blianta beaga amach romhainn.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Céard é Níos Fearr Le Chéile?
Is é Níos Fearr Le Chéile an tsamhail mhaoinithe nua don earnáil ELC agus SAC. Ag tosú inniu, tá trí phríomhghné i gceist leis, an clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige, an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí agus an Croímhaoiniú.
Táthar chun sraith moltaí a chur i bhfeidhm leis atá nochta i dtuarascáil an tSainghrúpa le haghaidh Comhpháirtíocht ar mhaithe le Leas an Phobail. Cuireadh tuarascáil an tSainghrúpa faoi bhráid an Rialtais i mí na Nollag. Tar éis mionscrúdú a dhéanamh ar an tsamhail mhaoinithe don earnáil chomh maith le fianaise náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus tar éis dul i mbun comhairliúchán agus rannpháirtíocht fhairsing, rinne an Sainghrúpa moltaí maidir le cur chuige nua i ndáil leis an maoiniú atá á sheoladh inniu faoin teideal Níos Fearr Le Chéile.
Céard is Croímhaoiniú ann?
Snáithe nua maoinithe do sheirbhísí foghlaim agus cúram na luathóige is ea Croímhaoiniú a bheidh mar chuid den tsamhail mhaoinithe nua de réir mar a mhol Sainghrúpa agus arna fhormheas ag an Rialtas i mí na Nollag 2021.
Íocaíocht le soláthraithe is ea Croímhaoiniú atá saincheaptha chun na comhchuspóirí seo a leanas a bhaint amach:
- Inacmhainneacht fheabhsaithe do thuismitheoirí trína chinntiú nach méadaítear táillí;
- Cáilíocht feabhsaithe tríd an bpá agus coinníollacha níos fearr, gan ach dhá bhuntáiste a lua, a thabhairt don fhórsa saothair;
- Tacú le tabhairt isteach Ordú Rialaithe Fostaíochta tríd an gComhchoiste Oibreachais;
- Tacú le baill foirne a earcú a bhfuil céimeanna bainte amach acu; agus
- An inbhuanaitheacht agus an chobhsaíocht fheabhsaithe do sheirbhísí.
Is bealach nua agus difriúil é seo chun maoiniú a sholáthar don earnáil agus tá sé beartaithe tacú le forbairt caidreamh comhpháirtíochta idir soláthraithe agus an Stát ina mbeidh gné leas an phobail den ELC agus SAC le brath.
Tá €221 milliún in aghaidh na bliana ar fáil do Chroímhaoiniú.
Cad é an toradh a bheidh ag an gCroímhaoiniú i dtaobh ioncam na soláthraithe?
Le Croímhaoiniú, cuirfear le hinbhuanaitheacht seirbhísí agus méadófar ioncam fhormhór mór na seirbhísí go suntasach, agus anuas air sin soláthrófar an chobhsaíocht mhaoinithe níos fearr.
Déanfar Croímhaoiniú a leithdháileadh de réir acmhainne, go bunúsach. Tabharfaidh Croímhaoiniú foinse ioncaim chobhsaí do sholáthraithe de réir an chineáil seirbhíse a sholáthraíonn siad. Is éard a bheidh in ioncam an tsoláthraithe anois ná an Croímhaoiniú, fóirdheontais NCS agus COLÓ, agus táillí tuismitheora. Má dhéantar an Croímhaoiniú a Struchtúr bunaithe go príomha ar acmhainní, beidh leithdháileadh ag seirbhísí gach bliain ar mhéid nach n-athraíonn de réir tinreamh leanaí.
Tiocfaidh méadú ar an maoiniú a fhaigheann formhór mór na seirbhísí, agus ní bheidh aon athrú ar chomhréir an-bheag de na seirbhísí. Ní laghdófar an maoiniú i leith seirbhís ar bith. I gcás aon seirbhíse a bhfuil deacrachtaí airgeadais aici, beidh Ciste Inbhuanaithe ann di. Táthar chun an tsraith nua seo den Chiste Inbhuanaitheachta, atá nasctha le Croímhaoiniú, a shaindearadh chun líontán sábhála breise a chur ar fáil do sholáthróirí. Beidh sé seo oscailte do sholáthróirí príobháideacha agus pobail araon.
Cad é an toradh a bheidh ag an gCroímhaoiniú do sheirbhísí CÓLO?
Le Croímhaoiniú, cuirfear méadú 9.5%, ar a laghad, leis an gcistiú do sheirbhísí COLÓ nach bhfuil faoi cheannas Príomhoideachasóir Iarchéime. Ar a laghad, tá €78.75 in aghaidh na seachtaine ar fáil anois do gach leanbh COLÓ (i gcomparáid le €71.90 roimhe seo, nuair a cuireadh caipitíocht chaighdeánach COLÓ agus PSP le chéile).
Toisc go n-íoctar Croímhaoiniú i leith áiteanna seachas leanaí, d’fhéadfadh méadú imeallach níos mó ‘in aghaidh an linbh’ a bheith i gceist leis seo má tá acmhainn neamhlíonta ag an tseirbhís. Agus 9 leanbh COLÓ in aghaidh an bhall foirne, ar an meán, is ionann Croímhaoiniú agus caipitíocht sheachtainiúil €80.92 in aghaidh an linbh.
Le Croímhaoiniú, bainfidh formhór mór na seirbhísí COLÓ le Teagascóirí Ceannasaithe a bhfuil céim acu tairbhe amach freisin agus ní chaillfear aon seirbhís.
Cad iad na coinníollacha a ghabhann le Croímhaoiniú?
Tá sonraí iomlána na gcoinníollacha leagtha amach sa Chomhaontú Maoinithe atá foilsithe.
I measc na príomhchoinníollacha, gan ach cúpla ceann díobh a lua, tá:
- Páirt a ghlacadh i bPróifíl Earnála Bliantúil na Luathbhlianta (PAEYSP).
- Córas bainistithe táillí a oibriú, nach dteastaíonn aon ardú ar tháillí in 2022/23 os cionn rátaí Mheán Fómhair 2021.
- Creataí cleachtais a chur i bhfeidhm
- Plean gníomhaíochta cáilíochta a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a thuairisciú.
- Tuarascálacha airgeadais trédhearcacha agus bailíochtaithe a sholáthar.
- Ráiteas Tuismitheora a eisiúint chuig gach tuismitheoir a úsáideann an tseirbhís ina leagtar amach cad is féidir leo a bheith ag súil leis.
- An NCS agus an clár COLÓ a thairiscint do gach leanbh incháilithe.
Cad iad na coinníollacha maidir le táillí agus cad a chiallaíonn siad do thuismitheoirí?
Mar choinníoll chun Croímhaoiniú a fháil, ní mór don tSeirbhís Comhpháirtí a aontú gan an táille a ardú d’aon Chineál Seirbhíse a bhí ar marthain ar 30 Meán Fómhair 2021 ná táille breise a thabhairt isteach ar aon chomhpháirt den Chineál Seirbhíse sin.
Sáróidh muirear méadaithe de chineál ar bith do Chineál Seirbhíse atá ann cheana agus nach bhfuil aon athrú ar na rialacha Croímhaoinithe.
Cuimsítear imthosca ina mbeadh méadú ar tháillí do thuismitheoirí mar thoradh ar athrú ar an bpolasaí táillí leis seo freisin, mar shampla, ní féidir le seirbhís a thairg asbhaint linbh iolrach í a tharraingt siar.
Ní féidir táille aonair a ghearradh anois ar aon mhír “charntha” i dtáille an 30 Meán Fómhair 2021; mar shampla má bhí béilí san áireamh sa táille, ní féidir iad a ghearradh ar leith anois. Ní féidir na táillí ar earraí agus seirbhísí a tairgeadh saor in aisce nó ar rátaí lascainithe an 30 Meán Fómhair 2021 a mhéadú thar na leibhéil sin.
Féadfaidh Seirbhís Comhpháirtí a bhfuil aon Chineálacha Seirbhíse aici nár athraigh ón 30 Meán Fómhair 2021 muirear a laghdú d’aon cheann de na Cineálacha Seirbhíse sin. Féadfaidh siad an soláthar a mhéadú gan táillí a mhéadú freisin, nó athrú ar bheartais táillí a thabhairt isteach dá laghdódh an t-athrú sin an muirear ar thuismitheoirí/chaomhnóirí, e.g. lascaine i leith leanaí iolracha a thabhairt isteach.
Sa bhealach sin, deimhneofar go n-aireoidh tuismitheoirí go hiomlán aon fhorbairtí ar an gCúram Leanaí Náisiúnta maidir le hinacmhainneacht.
Ar na garspriocanna tábhachtacha agus na hamlíne atá ar an mbealach i dtreo na samhla maoinithe nua go dtí seo tá:
- Lúnasa 2020-Iúil 2021: Roinnt céimeanna rannpháirtíochta le geallsealbhóirí ar an tsamhail mhaoinithe nua lena n-áirítear seimineáir ghréasáin, aighneachtaí poiblí, imeachtaí comhairliúcháin ar líne le tuismitheoirí, soláthraithe agus an lucht saothair, agus suirbhé náisiúnta ar theaghlaigh agus sraith imeachtaí éascaithe le heagraíochtaí ionadaíocha.
- Deireadh Fómhair 2021: Infheistíocht €207 milliún daingnithe i mBuiséad 2022 le haghaidh sruth nua Croímhaoinithe le tabhairt isteach i Meán Fómhair 2022
- Nollaig 2021: An Chomhpháirtíocht ar mhaithe le Leas an Phobail: Samhail Mhaoinithe Nua do ELC agus SAC formheasta lena cur i bhfeidhm ag an Rialtas agus foilsithe
- Nollaig 2021: Comhchoiste Saothair (CCO) do Sheirbhísí Luathbhlianta a bhunú le hionadaithe fostóirí ó Sheirbhísí Leanaí Éireann (CSI) agus Cónaidhm na Soláthraithe Luath-Óige (FECP), agus ionadaithe oibrithe ó SIPTU.
- Márta 2022: €14 milliún breise a athdháileadh ar an gCroímhaoiniú chun an infheistíocht iomlán bhliantúil a thabhairt suas go dtí €221 milliún.
- Márta 2022: Réríomhán seolta chun léiriú a thabhairt ar luach féideartha an Chroímhaoinithe in aghaidh na seirbhíse bunaithe ar an bhfaisnéis atá curtha ar fáil.
- Bealtaine 2022: Bailiú sonraí Phróifíl Earnála na Luathbhlianta, réamhriachtanas le conraitheoireacht do Chroímhaoiniú, le ráta rannpháirtíochta 90% go dtí seo.
- Bealtaine-Lúnasa 2022: Ciste Aistrithe i bhfeidhm chun deimhniú nach bhfuil aon ardú táillí ó rátaí Mheán Fómhair 2021 le 95% ag glacadh le seirbhísí incháilithe.
- Meitheamh 2022: An Comhaontú um Maoiniú Seirbhíse Comhpháirtí Chroímhaoinithe a fhoilsiú chun na sonraí a leagan amach faoin gcaoi a n-oibreoidh Croímhaoiniú ina chéad bhliain, an tiomantas ón Aire i dtaobh an mhaoinithe agus na riachtanais ghaolmhara atá ag Seirbhísí Comhpháirtithe.
- Iúil 2022: An Próiseas Iarratais um Chroímhaoiniú a oscailt, lena gcuimseofar Próifíl Seirbhíse agus Modúl Feidhmchláir.
- Lúnasa 2022: An Comhaontas Cistiúcháin Seirbhíse Comhpháirtí um Maoiniú Eatramhach a fhoilsiú chun foráil a dhéanamh do mhaoiniú na hearnála i gcás nach mbeidh Orduithe Rialaithe Fostaíochta (EROs) i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2022.
- Lúnasa 2022: Tréimhse chonartha na Seirbhíse Comhpháirtí Croímhaoinithe a oscailt a cheadaíonn glacadh leis na Comhaontuithe Croímhaoinithe agus Maoinithe Eatramhaigh.
- Meán Fómhair 2022: Fógraíodh teacht i bhfeidhm na EROanna ón 15 Meán Fómhair agus tabhairt isteach scéime Croímhaoinithe nua ar an dáta sin.