Seolann an tAire O'Gorman Tionscnamh um Dheontais Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí 2023
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 10 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol an tAire Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman, T.D. inniu an Tionscnamh um Dheontais Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí 2023. Tá maoiniú €250,000 faighte ag an Aire, a leithdháilfear ar Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí ar fud na tíre trí Choistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí áitiúla (CCCanna). Ón lá inniu ar aghaidh, tugtar cuireadh do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin Tionscnamh seo trína CCC áitiúil.
I mbliana beidh an bhéim ar thacú le Grúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí a chuireann fáilte roimh theaghlaigh atá nuathagtha go hÉirinn.
Ag eascairt as chomh maith is a d'éirigh leis na sruthanna maoinithe breise i dTionscnamh na bliana seo caite, tairgfidh an Tionscnamh um Dheontais Grúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí 2023 trí shruth maoinithe arís:
1. Maoiniú €800 do ghrúpaí atá ann cheana féin agus €1,100 chun grúpaí nua a bhunú.
2. Tá maoiniú suas le €300 ar fáil chun Grúpaí Siúlóide Bugaí a bhunú agus a oibriú. Eagraítear na Grúpaí Siúlóide Bugaí seo siúlóidí sóisialta do thuismitheoirí/caomhnóirí agus do leanaí óga. Tá an deontas oscailte d'aon eagraíochtaí nó grúpaí atá ann cheana féin nó nua ar mian leo sé shiúlóid eagraithe ar a laghad a thairiscint laistigh dá bpobal
3. Tá maoiniú breise suas le €300 ar fáil do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí nua nó atá ann cheana féin chun an dara seisiún a chur ar fáil chun freastal ar an éileamh.
Tá coinníollacha i bhfeidhm agus tá na CCCanna ar fáil chun riachtanais le grúpaí nua agus grúpaí atá ann cheana a phlé.
Agus Deontas Tuismitheora agus Leanaí á fhógairt aige i mbliana, dúirt an tAire O'Gorman:
"Cuireann Grúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí áit chruinnithe iontach ar fáil do thuismitheoirí/caomhnóirí le leanaí óga chun scíth a ligean agus comhrá a dhéanamh le chéile i dtimpeallacht thacúil agus a bpáistí ag súgradh. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na grúpaí ar fad atá ag tairiscint fáilte agus cairdeas do thuismitheoirí agus do pháistí ina bpobail chomh maith leo siúd nuathagtha go hÉirinn. Tá an-áthas orm a bheith in ann tacú leis an obair seo."
Tá grúpaí, lena n-áirítear go leor Ionad Acmhainní Teaghlaigh ar fud na tíre, tar éis a ndoirse a oscailt do theaghlaigh ón Úcráin. Reáchtálann Kenmare Family Resource Centre Grúpa Tuismitheora agus Leanaí seachtainiúil rathúil agus cuimsitheach.
Roinn Máire Ui Leime, comhordaitheoir an Ionaid roinnt aiseolais ó thuismitheoirí na hÚcráine ag baint úsáide as an ngrúpa:
"Tá sé ráite ag tuismitheoirí na hÚcráine liom go mbíonn sé iontach teacht chuig an nGrúpa Tuismitheoirí agus Leanaí mar go bhfuil sé chomh fáilteach sin agus is féidir leo suí go ciúin nó páirt a ghlacadh.
"'Is féidir linn dearmad a dhéanamh ar an gcogadh'; ' is féidir linn ár dtrioblóidí a fhágáil taobh amuigh den doras' agus 'is iontach an rud é na leanaí a chloisteáil ag gáire agus iad ag súgradh le leanaí eile' ar chuid de na tuairimí dearfacha eile."
CRÍOCH
Nóta d'Eagarthóirí:
Tá maoiniú ar fáil do:
- Bréagáin, trealamh agus leabhair do ghníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh, agus sólaistí do leanaí.
- Stóráil do threalamh.
- Oiliúint do thuismitheoirí, m.sh. garchabhair péidiatraice, scileanna coiste, cúrsaí tuismitheoireachta, seisiúin a éascú.
- Bileoga Bolscaireachta lena n-áirítear aon aistriúcháin riachtanacha.
- Gníomhaíochtaí leanaí, m.sh. ealaíona agus ceardaíocht, ceol.
- Beidh maoiniú teoranta ar fáil i dtreo árachais nó cíosa, suas le huasmhéid 40% den mhaoiniú iomlán do sheirbhísí atá ann cheana féin.
- Beidh maoiniú teoranta ar fáil i dtreo árachais nó cíosa, suas le 70% ar a mhéad den mhaoiniú iomlán do sheirbhísí nua agus do ghrúpaí siúlóide bugaí.
Is é €1,400 an maoiniú iomlán is incheadaithe uasta atá le deonú do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Tachráin nua agus atá ann cheana in 2023.