English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Rabbitte comhairliúchán poiblí breise ar an Straitéis Nuálaíochta um Uathachas

Inniu, sheol an tAire Stáit um Mhíchumas, Anne Rabbitte, comhairliúchán poiblí breise ar an Straitéis Nuálaíochta um Uathachas.

Leis an comhairliúchán poiblí seo beidh deis ag páirtithe leasmhara a dtuairimí a roinnt faoin dréacht Straitéis Nuálaíochta um Uathachas sula gcuirfear i gcrích agus seolfar é.

Ullmhaíodh an dréacht Straitéis Nuálaíochta um Uathachas, a foilsíodh le fíorghairid, bunaithe ar aiseolas a fuarthas mar chuid den chéad chomhairliúchán poiblí agus tar éis chainteanna le Ranna agus Gníomhaireachtaí ar fud an Rialtais le haontú ar ghníomhaíochtaí faoin Straitéis.

Tá sé mar aidhm ag an Straitéis Nuálaíochta um Uathachas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na bacainní ar leith a bhaineann le daoine uathacha agus chun feabhas a chur ar an tuiscint agus an freastal ar an t-uathachas i measc na sochaí agus ar fud an chórais phoiblí. Cuimsítear sa Straitéis gníomhaíochtaí a dtabharfar faoi ar fud an Rialtais chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do dhaoine uathacha agus a dteaghlaigh thar thréimhse 18 mí.

Cuirfidh an Straitéis Nuálaíochta um Uathachas le gníomh níos fairsinge ar mhíchumas trí bhéim a leagan ar réimsí ina bhfuil riachtanais ar leith do dhaoine uathacha.

Cuirtear fáilte roimh gach páirtí leasmhara páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí. Cuirtear fáilte roimh daoine uathacha go háirithe. Is é a bheidh i gceist leis an gcomhairliúchán poiblí ná suirbhé ar líne chomh maith le grúpaí fócais spriocdhírithe. Táthar ag tabhairt faoi rannpháirtíocht leis an nGrúpa Comhairleach agus Faireacháin um Straitéis Nuálaíochta um Uathachas. Beidh an comhairliúchán poiblí ar siúl go dtí 4pm ar Aoine an 1 Márta 2024.

Dúirt an tAire Rabbitte:

“Tá ríméad orm deis bhreise a thabhairt do dhaoine a dtuairimí a roinnt faoin Straitéis Nuálaíochta um Uathachas sula gcuirfear i gcrích agus seolfar é. Molaim do gach páirtí leasmhar páirt a ghlacadh i dtaca le foirm dheireanach an Straitéis Nuálaíochta um Uathachas a mhúnlú. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh taithí dhaoine uathacha, a dteaghlaigh, a gcúramóirí, agus na daoine a thacaíonn leo le feiceáil sa Straitéis, ionas gur féidir linn cinntiú go bhfuil aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na bacainní go leordhóthanach. Beidh do léargais luachmhara agus do thaithí mar threoir dúinn i dtaca le Straitéis níos ionchuimsithí agus freagrúla a chumadh.”

CRÍOCH


Nótaí

Is gealltanas é Gníomh ar Uathachas i gClár an Rialtais.

Ar Lá Domhanda Feasachta ar Uathachas 2021, d'fhógair an tAire Rabbitte rún an rialtais maidir le straitéis náisiúnta faoin uathachas a fhorbairt.

Ba é an chéad chéim sa phróiseas forbartha don Straitéis Nuálaíochta um Uathachas ná an chéad chomhairliúchán poiblí, a tharla idir Aibreán agus Bealtaine 2022. Foilsíodh tuarascáil in Aibreán 2023 ina ndearnadh achoimre ar an aiseolas a fuarthas.

Seoladh an dara céim, lena n-áirítear próiseas iarratais le haghaidh ballraíocht sa Ghrúpa Comhairleach agus Faireacháin don Straitéis Nuálaíochta um Uathachas, i Meitheamh 2022. Ceapadh an grúpa i Nollaig 2022 agus bhí an cruinniú is déanaí acu i mí Eanáir 2024.

Agus an comhairliúchán poiblí seo curtha i gcrích, tabharfar an Straitéis Nuálaíochta um Uathachas chun críche bunaithe ar aiseolas a fuarthas mar chuid den chomhairliúchán poiblí agus seolfar é.

I gcomhthéacs rátaí uathachais ag ardú ar fud an domhain, tá an Straitéis á shocrú le riachtanais ar leith an phobail uathach a aithint agus le haghaidh a thabhairt orthu, lena leagtar an bhunchloch le haghaidh gnáthsheirbhísí lena mbaineann tuiscint níos fearr ar riachtanais daoine uathacha agus lena dtugann freastal níos fearr orthu. Cuirfidh an Straitéis leis na tionscnaimh náisiúnta i polasaí i dtaca le míchumas amhail an Treochlár um Sheirbhísí Míchumais a Chur Chun Cinn agus an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Míchumais 2024-26, a foilsíodh le fíorghairid, agus tá sé ag teacht leis an bhforbairt comhuaineach den chéad Straitéis Náisiúnta Míchumais eile, lena bhfuil comhairliúchán oscailte agus ar féidir breathnú air anseo.

Ba cheart aon cheisteanna maidir leis an Straitéis Nuálaíochta um Uathachas a sheoladh chuig Autism_Strategy@equality.gov.ie