English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Sheol an tAire O’Gorman an Creat Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga agus iad a bheith rannpháirteach i ndéanamh cinntí

  • Beidh tacaíocht ar fáil sa Chreat Rannpháirtíochta do Ranna Stáit, Gníomhaireachtaí agus Eagraíochtaí le haghaidh feabhas a chur ar rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga leis na heagrais seo.
  • Ag an am céanna seoladh sonraí maidir le Deontas Tógála Acmhainne chun tacú leis an gcur i bhfeidhm.

Sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, T.D., an ‘Creat Náisiúnta do Leanaí agus Dhaoine Óga le haghaidh iad a bheith rannpháirteach i ndéanamh cinntí’. Ina theannta sin d’fhógair an tAire sonraí maidir leis an deontas tógála acmhainne atá bainteach leis agus mar thacaíocht chun an Creat a chur i bhfeidhm.

Sa Chreat Rannpháirtíochta faightear tacaíocht do Ranna Stáit, Gníomhaireachtaí agus Eagraíochtaí chun feabhas a chur ar a gcleachtais ag éisteacht le leanaí agus le daoine óga i dtreo is go mbeidh siad mar chuid den phróiseas chun cinntí a dhéanamh. Baineann an Creat leis na gealltanais atá tugtha i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

Tháinig an Creat Rannpháirtíochta as comhoibriú idir Hub na nÓg i gcomhar leis an Ollamh Laura Lundy, Ollscoil na Banríona agus mar chuid de tá treoir agus seicliostaí ann mar chabhair do dhaoine a dhéanann cinntí chun cabhrú leo ionas go mbeidh leanaí agus daoine mar chuid den phróiseas sin (ag déanamh cinntí). Cuireadh forbairt ar an gCreat i gcomhar le daoine a bhíonn ag obair ar pholasaithe náisiúnta agus áitiúla, le múinteoirí (idir luathbhlianta agus iar-bhunscoile), oibrithe sóisialta, gardaí, oibrithe sláinte, ealaíontóirí agus daoine nach iad.

Mar chuid den tacaíocht seo don Chreat Náisiúnta d’fhógair an tAire O’Gorman sonraí maidir le Deontas Tógála Acmhainne. Baineann sé leis na heagraíochtaí atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid cleachtas a bhaineann le leanaí agus le daoine óga ionas go mbeidh ról lárnach acu agus na cinntí á ndéanamh.

Ag an seoladh dúirt an tAire:

"Tá sé ríthábhachtach go dtuigeann leanaí agus daoine óga go bhfuil siad sábháilte agus go bhfaigheann siad tacaíocht agus meas chun a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir le gnéithe an tsaoil a bhaineann leo. Tá muinín agam as an gCreat seo go gcabhraíonn sé le daoine a bhíonn ag obair le daoine óga agus le leanaí a chinntiú go mbeidh siad in ann dul i ngleic leis an bpróiseas seo (ó thaobh polasaí de) go dlúth.”

Íoslódáil anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).