English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Sheol an tAire O’Gorman Tionscnamh Dheontais na nGrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán 2024

Sheol an tAire páistí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige, Roderic O’Gorman, Tionscnamh Deontas an Ghrúpa Tuismitheoirí agus Tachrán 2024 inniu mar chuid de Chéad 5 Straitéis an Rialtais. Tá maoiniú de €250,000 faighte ag an Aire, a leithdháilfear ar Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán ar fud na tíre trí Choistí Cúraim páistí Cathracha/Contae (CCCanna). Ón lá inniu, tugtar cuireadh do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin Tionscnamh seo trína CCC áitiúil.

I mbliana beidh an bhéim arís ar thacú le Grúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán a chuireann fáilte roimh theaghlaigh Úcránacha agus roimh gach teaghlach a tháinig go hÉirinn le déanaí.

Agus tógáil á déanamh ar rathúlacht Dheontais na bliana seo caite, tairgfidh Tionscnamh Dheontais na nGrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán 2024 dhá shruth maoinithe:

1. Maoiniú €800 do Ghrúpaí reatha agus €1,000 chun Grúpaí nua a bhunú.

2. Maoiniú suas le €300 chun Grúpaí Bogshiúl le Bugaí a bhunú agus a fheidhmiú. Is siúlóidí sóisialta eagraithe iad na Grúpaí Bogshiúl le Bugaí seo do thuismitheoirí/chaomhnóirí agus do pháistí óga. Tá an sruth seo oscailte d’aon eagraíochtaí nó Grúpaí reatha nó nua ar mian leo sé shiúlóid eagraithe ar a laghad a thairiscint laistigh dá bpobal.

Tá coinníollacha i bhfeidhm agus tá na CCCanna ar fáil chun iad seo a phlé le Grúpaí nua agus le Grúpaí atá ann cheana féin. Is féidir sonraí teagmhála gach CCC a fháil ar myccc.ie.

Agus Tionscnamh Dheontais na nGrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán na bliana seo á fhógairt aige dúirt an tAire O’Gorman;

“Tuigtear sna Chéad 5, straitéis iomlán an rialtais do pháistí faoi 6 bliana d’aois gur tréimhse ríthábhachtach ar leith í luathbhlianta páistí ar chóir taitneamh a bhaint aisti.

“Cabhraíonn mo Roinn le teaghlaigh chun leanaí agus páistí óga a chothú, le cúnamh a chur ar fáil dá bhforbairt agus tugtar tacaíocht bhreise dóibh siúd a dteastaíonn sí uathu.

“Soláthraíonn Grúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán áit iontach cruinnithe do thuismitheoirí agus chaomhnóirí a bhfuil páistí óga acu chun a scíth a ligean agus a gcomhrá a dhéanamh le chéile i dtimpeallacht thacúil mar ar féidir le páistí súgradh.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Grúpaí go léir a chuireann fáilte roimh agus a dhéanann cairdeas le tuismitheoirí agus le páistí ina bpobail chomh maith leo siúd a tháinig go hÉirinn le déanaí. Tá lúcháir orm a bheith in ann tacú leis an obair seo.”

Comhroinn roinnt tuismitheoirí a dtaithí ar Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán:

“A bhuí leis an gclub páistí seo, chuaigh m’iníon i dtaithí go tapa [ar an saol in Éirinn] agus réitigh sí leis na páistí, d’fhoghlaim sí an chaoi le bheith ag súgradh, le cairdeas a dhéanamh, le roinnt, agus le go leor rudaí eile a dhéanamh. Ós rud é nach bhfuil m’iníon ach 2.5 bliain d’aois, ní fhreastalaíonn sí ar naíonra lánaimseartha; Is maith linn, mar thuismitheoirí, an cineál seo de chlub páistí. Arís eile ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil, tá sibh go hiontach!” - Tuismitheoirí ó Ghrúpa Tuismitheoirí agus Tachrán Lios Dúin Bhearna.

“Tá sé iontach an deis seo a bheith agat teagmháil a dhéanamh le teaghlaigh eile, comhrá a dhéanamh le tuismitheoirí eile agus cabhrú lenár bpáistí foghlaim an chaoi le bheith ag súgradh agus an chaoi le cumarsáid a dhéanamh lena chéile.” - Tuismitheoir ó Ghrúpa Tuismitheoirí agus Tachrán Leacht

CRÍOCH


Nóta d’Eagarthóirí:

Tá Maoiniú don Deontas um Grúpa Tuismitheoirí agus Tachrán ar fáil le haghaidh:

  • Bréagáin, trealamh agus leabhair le haghaidh gníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh, agus sólaistí páistí.
  • Stóráil do threalamh.
  • Oiliúint do thuismitheoirí, e.g. garchabhair phéidiatraiceach, scileanna coiste, cúrsaí tuismitheoireachta, seisiúin a éascú.
  • Bileoga Cur Chun Cinn le haon aistriúcháin riachtanacha san áireamh.
  • Gníomhaíochtaí páistí, e.g. ealaíona agus ceardaíocht, ceol.
  • Beidh maoiniú teoranta ar fáil i dtreo árachais nó cíosa, suas le huasmhéid 50% den mhaoiniú iomlán do sheirbhísí reatha.
  • Beidh maoiniú teoranta ar fáil i dtreo árachais nó cíosa, suas le 70% ar a mhéid den mhaoiniú iomlán le haghaidh seirbhísí nua agus grúpaí bogshiúl le bugaí.

Is é €1,300 an t-uasmhaoiniú iomlán incheadaithe atá le deonú do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán nua agus reatha i 2024.