Spreagann an tAire O’Gorman teaghlaigh rochtain a fháil ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí mar go léiríonn suirbhé nach bhfuil níos mó ná leath acu ar an eolas faoi Thacaíochtaí Stáit
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 5 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu mhol Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige do thuismitheoirí leas a bhaint as na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, lena n-áirítear tacaíochtaí nua a tugadh isteach le cúpla lá anuas.
Ó 29 Lúnasa, leathnaíodh fóirdheontais uilíocha faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí chuig gach pháiste faoi 15 a úsáideann cúram leanaí cláraithe. Meastar go mbeidh tairbhe ar luach €1,170 in aghaidh na bliana ar fáil do nach mór 40,000 leanbh.
Dúirt an tAire O’Gorman:
“Bíonn deacracht ag go leor tuismitheoirí íoc as cúram leanaí. Léiríonn torthaí suirbhé a rinneadh le déanaí, áfach, nach bhfuil go leor tuismitheoirí fós ag éileamh a dteidlíochta faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí agus nach bhfuil an eolas ag a lán daoine faoi na tacaíochtaí an Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí.
Tá feachtas múscailte feasachta, faoi stiúir mo Roinne, ar siúl anois.
Spreagfainn ar thuismitheoirí cúirt a dhéanamh ar [external-link https://www.ncs.gov.ie/en/ | www.ncs.gov.ie], glaoch a chur ar an Ionad Tacaíocht Tuismitheora ar 01 906 8530 nó labhairt lena soláthraí cúram leanaí chun a chinntiú go bhfuil siad ag baint leas iomlán as na tacaíochtaí airgeadais nua agus reatha faoin Scéim.”
Fuarthas amach i dtorthaí ó shuirbhé náisiúnta ionadaíoch ar níos mó ná 500 teaghlach a rinne Ipsos MRBI i mí Iúil:
• Go raibh níos lú ná leath (48%) de thuismitheoirí ar an eolas faoi thacaíochtaí a bhí ar fáil faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí.
• Gur thuairiscigh 32% de thuismitheoirí a úsáideann luathfhoghlaim rialaithe agus cúram leanaí nach bhfuil ar scoil fós, nach bhfuair siad aon fhóirdheontas Stáit, in ainneoin go raibh go leor acu i dteideal tacaíochta faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí.
• Gur thuairiscigh 80% de thuismitheoirí a úsáideann cúram leanaí rialaithe d’aois scoile nach bhfuair siad aon fhóirdheontas Stáit.
Ó 29 Lúnasa, tá gach páiste faoi 15 i gcúram leanaí rialaithe d’aois scoile i dteideal tacaíochtaí faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí a fháil.
Ag breathnú ar aghaidh chuig Buiséad 2023, dúirt an tAire O’Gorman:
“Tá infheistíocht shuntasach á déanamh ag mo Roinn chun tacú le tuismitheoirí le costais na luathfhoghlama agus cúraim leanaí.
Aithním, áfach, go bhfuil an t-ualach ar roinnt teaghlach fós ard agus táim tiomanta d’infheistíocht bhreise a chinntiú sa Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí i mBuiséad 2023.
In éineacht leis an Scéim Croímhaoinithe nua €221m, a éilíonn ar sholáthróirí luathfhoghlama agus cúram leanaí táillí a reo chomh maith leis an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí agus an Clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) a thairiscint do gach páiste incháilithe, táim ag súil le laghduithe suntasacha i costais as póca don luathfhoghlaim agus cúram leanaí do thuismitheoirí sa todhchaí.”
CRÍOCH