Suas le 1,150 áit saor in aisce fógartha ag an Aire Zappone ar an gClár Ardoideachais 'Ceannaireacht um Chuimsiú sna Luathbhlianta' (LINC)
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 5 Márta 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá suas le 1,150 áit oiliúna saor in aisce á cur ar fáil do chleachtóirí réamhscoile chun a chinntiú go bhfuil a seirbhísí réamhscoile cuimsitheach agus inrochtana do leanaí faoi mhíchumas, dar leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone.
Táthar ag glacadh le hiarratais anois, agus bhí ó inné 4ú Márta 2019, don cheathrú iontógáil le haghaidh an chláir ardoideachais do chleachtóirí réamhscoile, 'Ceannaireacht um Chuimsiú sna Luathbhlianta' (LINC). Cuirfear tús leis an gclár i mí Mheán Fómhair. Tionscnamh tábhachtach is ea an clár LINC faoin tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú (AIM) do leanaí réamhscoile.
Cuireann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maoiniú ar fáil le haghaidh an chláir LINC agus déanann cuibhreannas an clár a sholáthar. Tá Coláiste Mhuire gan Smál i gceannas ar an gcuibhreannas seo, i gcomhpháirtíocht le Luath-Óige Éireann agus an Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas in Ollscoil Mhá Nuad.
Agus í ag cur fáilte roimh an bhfógra maidir leis an gceathrú iontógáil don chlár LINC, dúirt an tAire:
"Cuid ríthábhachtach de AIM is ea cultúr cuimsitheach agus nósanna cuimsitheacha a chothú i réamhscoileanna. Nuair atá sin leabaithe i gcleachtas réamhscoileanna, beidh sé ann amach anseo. Mar gheall air sin, leagtar béim san AIM ar bhaill fhoirne a oiliúint agus a uas-sciliú, chomh maith le meantóireacht a dhéanamh orthu, chun cur lena scileanna. Beidh an misneach acu chun leanaí faoi mhíchumas a thacú dá bharr. Tá béim láidir sa chlár LINC ar ceannairí cuimsithe i seirbhísí a oiliúint. Cuirfidh na ceannairí sin ceannaireacht agus meantóireacht ar fáil ina seirbhísí féin agus sa chaoi sin tabharfaidh siad tacaíocht do fheabhsaithe leathana agus buanseasamhacha i gcleachtas".
Ar fud na tíre, tá breis agus 1,250 céimí ón gcéad dhá bhliain den chlár ag obair mar Chomhordaitheoirí Cuimsithe ina suíomh réamhscoile. Tuilltear méadú sa ráta caipitíochta ECCE atá iníoctha do shuíomh dá bharr. Chomh maith leis sin, comhlíonann céimithe LINC an riachtanas oideachais chun ról an cheannaire seomra ECCE a dhéanamh ina suíomh réamhscoile.
Thug Mr Fintan Breen, Comhordaitheoir Náisiúnta Cláir LINC, achoimre maidir leis an gcaoi a bhfuil seisiúin ar líne agus i seomraí ranga mar chuid den chlár LINC chun a chinntiú go bhfuil taithí foghlamtha ag daltaí atá solúbtha agus ar ardchaighdeán. Tá cleachtóirí réamhscoile atá i bhfostaíocht lánaimseartha ábalta páirt a ghlacadh sa chlár mar gheall air sin. Dúirt sé chomh maith gur bronnadh an Duais Cumarsáide agus Rannpháirtíocht Mac Léinn ar LINC ag na Duaiseanna Oideachais 2019. Sin an tríú duais a bronnadh ar LINC ó cuireadh ar bun é in 2016. Tá roinnt duaiseanna náisiúnta buaite ag an tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú freisin.
Is é Déardaoin, 4 Aibreán 2019 an spriocdháta iarratais le haghaidh áite ar an gclár LINC. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.lincprogramme.ie.
CRÍOCH
Nóta d'eagarthóirí
An tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú (AIM)
Tugann AIM tacaíocht do leanaí faoi mhíchumas chun go mbeidís in ann teacht ar oideachas réamhscoile saor in aisce, agus páirt bhríoch a ghlacadh, faoin gClár um Chúram agus Oideachas na Luath-óige (ECCE). Tá sé mar aidhm aige a chur ar a gcumas do sholáthraithe seirbhíse eispéireas cuimsitheach réamhscoile a chur ar fáil.
Samhail leanbhlárnach is ea AIM, a bhfuil seacht leibhéal de thacaíocht fhorchéimnitheach ag baint leis, ó thacaíocht uilíoch go dtí tacaíocht dhírithe, atá bunaithe ar riachtanais an linbh agus an tsuímh réamhscoile.
Lorgaíonn AIM Leibhéal 1 chun cultúr cuimsitheach i suíomhanna réamhscoile a threisiú agus a leabú. Áirítear leis an leibhéal seo Cairt Náisiúnta Chuimsithe lena mbuntacaíonn Treoirlínte maidir le hÉagsúlacht, Comhionannas agus Cuimsiú nuashonraithe agus neartaithe agus oiliúna ar fud na tíre do chleachtóirí réamhscoile.
Forbraíodh clár nua ardoideachais, Ceannaireacht don Chuimsiú do Luathbhlianta (LINC) in 2016 agus cuirtear oiliúint ar chéimithe an Chláir seo chun glacadh le ról Comhordaitheoir Cuimsithe ina suíomh réamhscoile.
Lorgaíonn AIM Leibhéal 2 a chinntiú go bhfuil faisnéis faoi sheirbhísí agus tacaíochtaí réamhscoile do thuismitheoirí agus cleachtóirí ar fáil, soiléir, comhsheasmhach agus cothrom le dáta (féach www.aim.gov.ie).
Lorgaíonn AIM Leibhéal 3 chun forbairt bhreise a dhéanamh ar lucht saothair cáilithe agus muiníneach trí chlár oiliúna ilbhliantúil do chleachtóirí réamhscoile, oiliúint Lámh, oiliúint ar chomhtháthú céadfach agus Clár Hanen d’Oideachasóirí Luath-Óige ina measc.
Soláthraíonn AIM Leibhéal 4 rochtain ar chomhairle agus tacaíocht oideachas luathbhlianta ó fhoireann de Speisialtóirí tiomnaithe Luathbhlianta.
Soláthraíonn AIM Leibhéal 5 rochtain ar threalamh, fearais agus deontais do mhionathruithe do shuíomhanna réamhscoile.
Cuireann AIM Leibhéal 6 rochtain ar fáil ar idirghabháil theiripeach sa chás go mbaineann ríthábhacht leis seo lena chur ar chumas an linbh a chlárú, agus chun páirt iomlán a ghlacadh, i gClár ECCE.
Cuireann AIM Leibhéal 7 cúnamh breise ar fáil sa seomra réamhscoile nuair a bhíonn seo ríthábhachtach i dtaobh rannpháirtíocht linbh a chinntiú i gClár ECCE. is féidir an tacaíocht airgeadais seo a úsáid chun an cóimheas idir daoine fásta agus leanaí sa seomra réamhscoile a laghdú nó chun cúnamh breise a cheannach isteach don seomra réamhscoile. Acmhainn roinnte don suíomh réamhscoile is ea an cúnamh a bhaineann le AIM Leibhéal 7.
Ó cuireadh AIM ar bun in 2016, cuireadh tacaíochtaí dírithe ar fáil do 8,500 leanbh faoi mhíchumas i mbreis agus 2,900 réamhscoil. Tá na mílte eile leanaí réamhscoile ag baint leas as na tacaíochtaí uilíocha a chuirtear ar fáil faoi AIM.