Tá an Bille um Scéim Íocaíochta maidir le hInstitiúidí Máithreachais agus Naíonán ceadaithe ag an Rialtas
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 11 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
• Leis an Scéim Íocaíochta seo, soláthrófar íocaíochtaí airgeadais agus cárta leighis feabhsaithe chun aitheantas a thabhairt don fhulaingt a tharla fad is a bhí daoine ina gcónaí in Institiúidí Máithreachais agus Naíonán agus i dTeaghlach Contae araon.
• Beidh thart ar 34,000 marthanóir incháilithe le híocaíocht airgeadais agus beidh 19,000 díobh incháilithe do chárta leighis feabhsaithe faoin Scéim, ar chostas measta de €800m. Is í an scéim is mó dá leithéid a bheidh ann riamh go dtí seo i stair an Stáit ó thaobh an líon daoine a bhfuil sé beartaithe dóibh tairbhe a bhaint aisti.
• Osclófar an Scéim Íocaíochta d’iarratais a luaithe agus is féidir in 2023 tar éis don reachtaíocht a bheith achtaithe.
Tá ceadú na Rialtais faighte inniu ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, don Bhille um Scéim Íocaíochta maidir le hInstitiúidí Máithreachais agus Naíonán. Leis an mBille seo, tá foráil déanta don bhonn reachtúil le haghaidh na Scéime Íocaíochta maidir le hInstitiúidí Máithreacha agus Naíonán.
Feidhmeoidh an Scéim Íocaíochta mar seo a leanas:
- Beidh gach uile mháthair a chaith seal in Institiúid máithreacha agus naíonán incháilithe le híocaíocht, agus méadóidh téann an méid sin i méid ar aon dul leis an méid ama a d’fhan siad iontu.
- Beidh gach leanbh a chaith sé mhí nó níos mó ná sin in institiúid iomchuí incháilithe le híocaíocht bunaithe ar an méid ama a d’fhan siad ann.
- Beidh íocaíocht bhreise a bhaineann leis an saothrú ann freisin le haghaidh mná a bhí ina gcónaí in institiúidí áirithe ar feadh níos mó ná trí mhí agus a rinne obair iontu a d’fhéadfaí a rá gur obair tráchtála a bhí ann.
- Beidh cárta leighis feabhsaithe ar fáil do gach duine díobh a bhí ina cónaí in Institiúid Mháithreacha agus Naíonán nó i dTeaghlach Contae ar feadh sé mhí nó níos mó.
Táthar ag súil go gcáileoidh thart ar 34,000 duine d’íocaíocht airgeadais faoin Scéim, agus go gcáileoidh 19,000 don chárta leighis feabhsaithe freisin.
Ar dhifríocht thábhachtach atá ann idir na rátaí bunaidh a cheadaigh an Rialtas i mí na Samhna 2021 agus na rátaí atá leagtha amach sa Bhille inniu, tá feabhas curtha ag an Aire ar an gcur chuige iomlán trí bhandaí íocaíochta níos mine a thabhairt isteach. Rachaidh na bandaí níos mine seo, a shainítear trí thagairt a dhéanamh do líon laethanta agus a bhforlíontar le bandaí ráta ráithiúla breise, chun leasa na n-iarratasóirí, go háirithe más rud é go mbeidis ag teorainn banda bhliantúil ar leith faoi na tograí bunaidh a bhí ann. Déanfar an bhearna idir méideanna íocaíochta d’iarratasóirí a réiteach agus a laghdú mar gheall orthu, agus cuirfidh siad leis an gcothroime agus an trédhearcacht.
Feabhsú tábhachtach eile atá ann ná go ndéantar foráil sa Bhille do thréimhsí neamhláithreachta sealadacha suas le 180 lá le cur san áireamh agus fad iomlán an ama a chaith an duine in institiúid ábhartha chun a híocaíocht airgeadais chomhfhreagrach a ríomh. Chaith go leor máithreacha agus leanaí am lasmuigh de na hinstitiúidí, chun tréimhse a chaitheamh san ospidéal, mar shampla, nó mar gheall ar an toircheas, an bhreith chlainne, tinneas nó galar tógálach. Mheas an tAire go raibh sé tábhachtach gan tréimhse chónaithe an duine (agus an íocaíocht a ghabhann leis) a laghdú mar gheall ar thréimhse ar caitheadh in ospidéal a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar dhálaí deacra sna hinstitiúidí.
Ní cháileofaí na hiarratasóirí ach amháin bunaithe ar chruthúnas gur chónaigh siad in institiúid iomchuí, gan gá aon fhianaise den mhí-úsáid ná aon fhianaise leighis a thaispeáint. I gcúinsí teoranta áirithe, d’fhéadfadh gá a bheith ann mionnscríbhinní a ghealladh faoi mhionn.
Beidh na marthanóirí agus na hiarchónaitheoirí sin atá ina gcónaí thar lear incháilithe le híocaíocht anois ar na téarmaí céanna is a bheidh daoine aonair atá ina gcónaí in Éirinn, agus beidh an rogha acu freisin cárta leighis feabhsaithe nó íocaíocht aonuaire de €3,000 a fháil in ionad an chárta mar rannchuidiú lena riachtanais sláinte pearsanta.
Leis an reachtaíocht seo, éascófar bunú Oifige Feidhmiúcháin neamhspleáiche, a bheidh suite laistigh den Roinn, chun an Scéim a riar. Osclófar an Scéim d’iarratais a luaithe is gur féidir in 2023, tar éis don reachtaíocht a bheith rite.
Sa Scéim seo, glacfar le cur chuige iomlánaíoch agus neamhsháraíochta lena chinntiú nach gcuirfear isteach arís ar mharthanóirí agus iar-chónaitheoirí mar gheall ar an gcaidreamh a mbíonn acu ina leith.
Agus fógraí an lae inniu á dtabhairt aige, dúirt an tAire Ó Gormáin an méid seo faoin Scéim:
“Anois agus go bhfuil an Rialtas tar éis Bille um Scéim Íocaíochta maidir le hInstitiúidí Máithreachais agus Naíonán a fhormheas, táim tiomanta don phíosa reachtaíochta seo atá thar a bheith tábhachtach a thabhairt trí na Tithe sna míonna beaga atá amach romhainn. Tá obair dian ar siúl freisin i mo Roinn féin chun an Oifig sin a chur i mbun ionas go mbeifear in ann déileáil le hiarratais agus táthar chun an Oifig sin a oscailt chomh luath agus is féidir tar éis don reachtaíocht a bheith rite. Rachaidh an Scéim Íocaíochta, mar bheart lárnach i bhfreagra an Rialtais ar stair na nInstitiúidí Máithreachais agus Naíonán, chun tairbhe 34,000 marthanóir, ar luach €800 milliún. Is ionann í agus garsprioc shuntasach san iarracht atá á déanamh ag an Stát chun aitheantas a dhéanamh gur teipeadh uirthi san aimsir atá imithe thart agus ar an méid sin dá saoránaigh a d’fhulaing gan ghá”.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na moltaí atá déanta maidir leis an Scéim, cliceáil anseo le do thoil.
Chun rochtain a fháil ar an bPlean Gníomhaíochta do Mharthanóirí agus Iarchónaitheoirí Institiúidí Máithreacha agus Naíonán agus Teaghlach Contae, cliceáil anseo.
Nóta d’eagarthóirí:
• I mí na Samhna 2021, d’fhoilsigh an Rialtas Plean Gníomhaíochta um Marthanóirí agus Iar-Chónaitheoirí Institiúidí Máithreacha agus Naíonán agus Teaghlach Contae chun freagra fiúntach a thabhairt ar an stair bhrónach a bhaineann leis na hInstitiúidí Máithreacha agus Naíonán agus leis na Teaghlaigh Chontae araon.
• Tá 22 beart san iomlán le bheith curtha chun cinn faoin bPlean, lena n-áirítear:
- Ceart dlíthiúil chun rochtain a fháil ar sheirbhísí faisnéise maidir leis an rianú breithe agus an luathshaol;
- Aitheantas airgeadais agus rochtain ar sheirbhísí tacaíochta;
- Oideachas agus taighde breise:
- Adhlachtaí faoina lán dínite, agus
- Cuimhneacháin.
• Cuid lárnach den Phlean ná Scéim Íocaíochta maidir le hInstitiúidí Máithreachais agus Naíonán agus tá an tAire díreach tar éis ceadú a fháil don dréacht-Bhille inniu.
• An 3 Deireadh Fómhair, osclaíodh iarratais ar sheirbhísí Faisnéise agus Rianaithe arna mbunú faoin Acht um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022, a sholáthraíonn ceart rochtana ar theastais bhreithe, ar fhaisnéis bhreithe agus ar fhaisnéis luathsaoil do gach duine a bhí uchtaithe, a cuireadh ar bord amach iad, a ndearnadh a bhreith a chlárú go mídhleathach, nó a bhfuil ceisteanna acu maidir lena mbunús ar dhóigh eile.
• Síníodh an tAcht um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022, ar Acht é a bhfuil an-trácht air, ina dhlí an 30 Meitheamh. Cuireadh tús leis na chéad chodanna den Acht an 1 Iúil nuair a ndearnadh an Clár um Theagmháil Roghnaithe a bhunú agus Feachtas Faisnéise Poiblí cuimsitheach a sheoladh. Cuirfear tús le Seirbhísí Cuimsitheacha um Fhaisnéis agus an Rianú Breithe an 3 Deireadh Fómhair. Leis an bpíosa reachtaíochta seo, a rabhthas ag fanacht leis le fada an lá, táthar chun aghaidh a thabhairt go ar shéanadh éagórach chearta aitheantais daoine go críochnúil.
• An 4 Deireadh Fómhair, d’aontaigh an Rialtas Ordú a dhéanamh chun Oifig neamhspleách a bhunú chun maoirsiú a dhéanamh ar thochailt, ar aisghabháil, ar anailísiú, ar shainaithint (más féidir) agus ar athadhlacadh iarsmaí leanaí ag suíomh na sean-Institiúide Máithreachais agus Naíonán i dTuaim, Co. na Gaillimhe faoin Acht um Adhlacthaí Forais, 2022. Rinneadh an tOrdú tar éis achtú agus thosach feidhme an Achta um Adhlacthaí Forais, 2022 i mí Iúil agus rúin a ritheadh sa Dáil agus sa Seanad an mhí seo caite lenar bhfaomhadh an dréacht-Ordú arna aontú ag an Rialtas i mí Iúil.
• An 29 Márta, cheadaigh an Rialtas tograí ardleibhéil le haghaidh Lárionad Náisiúnta um Thaighde agus Cuimhneachán ar shuíomh an tsean-Níocháin Mhaigdiléana. Tá sé beartaithe don Lárionad Náisiúnta seo ómós a thabhairt go cothrom dóibh siúd go léir a bhí ina gcónaí in Árais Mháithreacha agus Naíonán, i Scoileanna Tionscail, i Scoileanna Ceartúcháin, i Níocháin Mhaigdiléana agus in institiúidí gaolmhara leo. Beidh músaem agus spásanna taispeántais cuimsithe leis, chomh maith le taisclann lárnach de thaifid a bhaineann leis an tráma institiúideach agus ionad taighde. Soláthrófar áit thiomnaithe leis le bheith ar fáil le haghaidh an mhachnaimh agus an chuimhneacháin sollúnta freisin.
• Tá an Rialtas iomlán tiomanta do fhreagra a thabhairt ar riachtanais agus imní na ndaoine sin a chaith am in Institiúidí na n-Áras Mháithreachais agus Naíonán agus na dTeaghlach Contae. Déantar é seo ar mhaithe le haitheantas a thabhairt don locht atá déanta san am atá imithe siar, agus chun tacaíochtaí marthanóra-lárnaithe a sholáthar, chomh maith le deiseanna athmhuintearais agus leighis a thairiscint, an mhuinín a atógáil, agus, ag an leibhéal is leithne, chun sochaí atá forásach, ómósach agus comhionann a chur chun cinn. Is eol dúinn an phráinn a ghabhann leis an obair seo atá mar thosaíocht iomlán ag an Rialtas.
• Chun comhairliúchán leanúnach le marthanóirí agus iarchónaitheoirí a éascú i ndearadh agus i seachadadh na ngníomhartha ar fad laistigh den Phlean Gníomhaíochta, tá an tAire ag tabhairt chun críche moltaí do mhúnla feabhsaithe rannpháirtíochta le marthanóirí, iar-chónaitheoirí, a dteaghlaigh, agus a ngrúpaí abhcóideachta. Tá súil aige a bheith in ann na moltaí seo a chur faoi bhráid an Rialtais go luath amach anseo.