Tá an Rialtas tar éis tograí chun cumhachtaí forfheidhmithe Chigireacht Luathbhlianta Tusla a neartú agus an bealach a réiteach chun feighlithe leanaí a rialáil
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 31 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, fuair Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, ceadú ón Rialtas chun leasuithe reachtacha a chur ar aghaidh maidir le cumhachtaí forfheidhmithe Chigireacht Luathbhlianta Tusla.
Leis na moltaí a chuir an tAire faoi bhráid na Comh-Aireachta, táthar ag iarraidh a chinntiú go bhfuil na cumhachtaí forfheidhmithe cuí ag Tusla chun aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh tromchúiseach na Rialachán ag seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí agus go bhfuil rochtain ag tuismitheoirí ar fhaisnéis maidir le cáilíocht na seirbhísí sin.
Eascraíonn na moltaí as athbhreithniú ar chumhachtaí forfheidhmithe an rialtóra a tionscnaíodh in 2019 tar éis Clár Imscrúduithe le RTÉ ina ndearnadh líomhaintí maidir le sáruithe tromchúiseacha agus suntasacha ar rialacháin i dtrí sheirbhís luathfhoghlama agus cúraim leanaí.
Tá an t-athbhreithniú bunaithe ar chomhairliúchán poiblí cuimsitheach, ar chomhairliúchán leanúnach le Tusla, agus ar thaighde maidir leis an maoirseacht rialála i ndlínsí eile agus in earnálacha eile in Éirinn. Táthar i mbun an tuarascáil ar an gcomhairliúchán poiblí a thabhairt chun críche faoi láthair agus tá sé i gceist ag an Aire an tuarascáil a fhoilsiú sna míonna beaga amach romhainn.
I measc na mbeart atá á moladh, áirítear cumhachtaí nua chun Tusla a chur ar a chumas seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí neamhchláraithe a dhúnadh láithreach, seirbhísí cláraithe a chur ar fionraí go sealadach i gcás go bhfuil imní ann maidir le riosca suntasach do leanaí, faisnéis a roinnt le tuismitheoirí faoi ghníomh forfheidhmithe, roinnt bearta forfheidhmithe breise a chur i bhfeidhm ar bhonn reachtach, agus chun rialachán “Duine Oiriúnaigh” a thabhairt isteach.
Fuair an tAire O’Gorman faomhadh freisin i leith tograí chun stádas dlíthiúil feighlithe leanaí a athrú, agus fágfaidh sé sin go mbeidh feighlithe leanaí á rialáil amach anseo agus lena gceadófar rochtain ar an Scéim Náisiúnta um Chúram Leanaí a chur ar fáil amach anseo do thuismitheoirí a úsáideann feighlithe leanaí cláraithe, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí 2021-2028. Sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí, leagtar amach conair incriminteach agus tacúil chun feighlithe leanaí a rialáil agus tacaíochtaí agus fóirdheontais a chur ar fáil dóibh. Táthar tar éis Sainghrúpa Comhairleach Cigireachta agus Rialála a bhunú chun ábhar na rialachán feighlíochta leanaí a scrúdú. Tá sé i gceist go dtabharfaidh an tAire dréacht-rialacháin a bhaineann go sonrach leis an bhfeighlíocht leanaí faoi bhráid an Rialtais lena mbreithniú níos déanaí i mbliana d’fhonn iad a thabhairt i bhfeidhm uair éigin eile amach anseo.
Inniu, dúirt an tAire O’Gorman:
“Tá sábháilteacht agus cosaint leanaí fós mar thosaíocht don Rialtas. Tá forfheidhmiú na Rialachán atá láraithe ar leanaí ríthábhachtach chun é sin a chinntiú.
“Sílim go bhfuil sé tábhachtach béim a leagan air nach é rún na moltaí atá curtha faoi bhráid an Rialtais agam inniu gníomh forfheidhmithe a mhéadú, ní sin, ach, ina ionad sin, chun é a shruthlíniú nuair is cuí agus aghaidh a thabhairt ar chuid de na teorainneacha a bhaineann leis an reachtaíocht reatha, rud a fhágann go mbeidh an próiseas forfheidhmithe níos éifeachtaí, agus comhlíonadh foriomlán na Rialachán a fheabhsú, dá réir, laistigh den earnáil luathfhoghlama agus cúraim leanaí.
“Tríd an reachtaíocht a leasú chun na moltaí beartais a chur i gcrích, tabharfar deis freisin aghaidh a thabhairt ar an díolúine ó rialachán d’fheighlithe leanaí atá áirithe sa reachtaíocht faoi láthair. Sa tslí sin, réiteofar an bealach chun rialacháin chuí agus chomhréireacha a bhaineann go sonrach le feighlí leanaí a thabhairt isteach amach anseo. Cabhróidh an rialáil agus tacaíocht d’fheighlithe leanaí amach anseo chun aitheantas a thabhairt don ról luachmhar atá acu leanaí agus ag an tseirbhís a chuireann siad ar fáil do leanaí agus do theaghlaigh. Rud atá tábhachtach ná go réiteofar leis an mbealach chun an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí a chur ar fáil d’fheighlithe leanaí, agus fóirdheontais faoin Scéim seo a leathnú amach lena gcur ar fáil do theaghlaigh a úsáideann feighlithe leanaí.”
CRÍOCH
NÓTA D’EAGARTHÓIRÍ:
In 2019, cuireadh tús le hathbhreithniú iomlán ar chumhachtaí forfheidhmithe Chigireacht Luathbhlianta Tusla. Cuireadh an t-athbhreithniú ar fionraí mar gheall ar Covid-19 ach cuireadh tús leis arís go déanach in 2021. Bhí comhairliúchán poiblí ar siúl in 2022 agus tá an tuarascáil maidir leis an gcomhairliúchán sin á tabhairt chun críche faoi láthair.
Déanfar na leasuithe reachtaíochta a eascraíonn as an athbhreithniú a thabhairt isteach sa Scéim Ghinearálta atá á hullmhú cheana féin ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige maidir le hathbhreithniú níos leithne ar an Acht um Chúram Leanaí, 1991. Mí Iúil 2021, cheadaigh an Rialtas go ndréachtófar Scéim Ghinearálta Bhille Leasaithe ar an Acht um Chúram Leanaí, 1991. Tabharfar an Scéim Ghinearálta, lena n-áirítear gach athrú molta ar an Acht, ar ais chuig an Rialtas lena faomhadh.
An Fheighlíocht Leanaí
Tá an chuid is mó d’fheighlithe leanaí díolmhaithe faoi láthair ón gceanglas clárú le Tusla, mar thoradh ar dhíolúintí fadbhunaithe san Acht um Chúram Leanaí, 1991.
Sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chúram Leanaí 2021-2028, leagtar amach cur chuige céimnithe maidir leis an athchóiriú:
• Céim 1, ar céim ullmhúcháin í a mhaireann 2-3 bliana, lena gcuimsítear: athbhreithniú ar rialacháin, oiliúint agus tacaí saincheaptha a fhorbairt, costálacha mionsonraithe, agus tuilleadh comhairliúcháin.
• Céim 2, ar céim aistrithe í a mhairfidh 3-5 bliana, ina tiocfaidh rialacháin nua i bhfeidhm, lena gcuirfear rochtain ar fáil ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, chomh maith le riachtanais oiliúna idirthréimhseacha, agus lena leathnófar na tacaíochtaí.
• Céim 3, ina mbeidh feidhmiú iomlán i gceist, agus ina gcuirfear deireadh le socruithe idirthréimhseacha, agus ina ndéanfar feighlithe leanaí a rialáil agus a chumasú chun teacht a fháil ar thacaíochtaí iolracha.