Tá Ciste Tacaíochta Piaraí Thuismitheoirí 2024/25 oscailte le haghaidh iarratas anois
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 30 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, Ciste Tacaíochta Piaraí do Thuismitheoirí 2024/25 inniu. Tá an ciste oscailte d’eagraíochtaí a oibríonn le tuismitheoirí agus/nó le leanaí agus daoine óga chun forbairt agus tacaíocht grúpaí tacaíochta piaraí do thuismitheoirí a éascú.
Dáileadh €75,000 san iomlán i measc 37 eagraíocht faoin gCiste Tacaíochta Piaraí do Thuismitheoirí 2023/24. D’éascaigh an maoiniú seo d’eagraíochtaí a sholáthraíonn raon éagsúil seirbhísí amhail foréigean baile, cúram gaolta, beathú cíche, míchumas, agus tacaíochtaí imirceacha tionscadal tacaíochta piaraí tuismitheoirí a sheachadadh.
I mbliana, tá an maoiniú iomlán atá ar fáil méadaithe go €100,000 agus tá sraith nua maoinithe tugtha isteach d’iarratasóirí.
• Cuirfidh Sraith 1 deontais de €2,000 ar fáil do 37 iarratasóir rathúil a oibríonn faoi láthair, nó ar mian leo tionscadal tacaíochta piaraí tuismitheora nua a bhunú.
• Cuirfidh Sraith 2 deontais de €5,000 ar fáil do 5 iarratasóir rathúla ar mian leo tionscadal tacaíochta piaraí tuismitheora atá ann cheana féin a mhéadú, rud a bhfuil tionchar dearfach aige ar thuismitheoirí cheana féin.
Agus é ag labhairt inniu dúirt an tAire O’Gorman:
“Tá ríméad orm Ciste Tacaíochta Piaraí do Thuismitheoirí 2024/25 a sheoladh. Tuigim go maith an luach a thugann an maoiniú áirithe seo d’eagraíochtaí a oibríonn le tuismitheoirí, leanaí, agus daoine óga”.
“Cuireann tionscnaimh tacaíochta idir piaraí faoi stiúir tuismitheoirí comhroinnt faisnéise chun cinn, cumhachtú tuismitheoirí a mhéadú agus folláine tuismitheoirí a fheabhsú”. Is ar na cúiseanna sin, go raibh fonn orm a chinntiú go leathnófaí an leibhéal tacaíochta atá ar fáil do sheirbhísí tríd an gCiste Tacaíochta Piaraí do Thuismitheoirí arís i mbliana. Cuidíonn méadú ar luach iomlán an chiste ó €75,000 go €100,000, mar aon le tabhairt isteach an dara sraith de chúnamh airgeadais feabhsaithe, go sonrach do thionscadail tacaíochta piaraí bunaithe, lena chinntiú go leanfaidh mo roinn ag cur ar chumas eagraíochtaí tionscnaimh tacaíochta piaraí ar ardchaighdeán a sholáthar do thuismitheoirí agus do chúramóirí ar fud na tíre”.
An chaoi le hiarratas a chur isteach:
Faigh nasc chuig foirmeacha iarratais le haghaidh na sraitheanna maoinithe €2,000 agus €5,000, mar aon leis an Treoir mhaoinithe agus Téarmaí agus Coinníollacha anseo.
Le haghaidh ceisteanna seol ríomhphost chuig: parentingsupport@equality.gov.ie
CRÍOCH
Nótaí d’eagarthóirí
Ag Tacú le Tuismitheoirí: forbraíodh Samhail Náisiúnta de Sheirbhísí Tacaíochta do Thuismitheoirí de réir gealltanais in Na Chéad 5, straitéis iomlán rialtais do leanaí, leanaí óga agus a dteaghlaigh 2019-2028. D’fhorbair grúpa oibre comhoibríoch an tsamhail faoi cheannas na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ), le hionchur ó raon leathan páirtithe leasmhara ó ranna rialtais éagsúla, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí pobail agus deonacha.
Tógann tabhairt isteach an Chiste Tacaíochta Piaraí do Thuismitheoirí ar ghealltanais atá leagtha amach in Ag Tacú le Tuismitheoirí: Samhail Náisiúnta de Sheirbhísí Tacaíochta do Thuismitheoirí, trí mhaoiniú a chur ar fáil chun tacaíochtaí a fheabhsú agus a chur chun cinn chun cabhrú le tuismitheoirí.
Seoladh an ciste den chéad uair in 2022 agus chuir sé deontais de €2,000 ar fáil do 25 seirbhís. Méadaíodh babhta maoinithe 2023/24 chun deontais €2,000 a sholáthar do 37 seirbhís san iomlán.
I mbliana, tá méadú tagtha ar luach iomlán an chiste ó €75,000 go €100,000 rud a chuirfidh deontais ar fáil do 42 seirbhís. Cuirfear 2 shraith maoinithe ar fáil faoi Chiste Tacaíochta Piaraí do Thuismitheoirí 2024/25.
• Cuirfidh Sraith 1 37 deontas de €2,000 ar fáil do sheirbhísí atá ag iarraidh tionscadail nua tacaíochta piaraí do thuismitheoirí a chur ar bun, agus cuirfidh Sraith 2 5 dheontas de €5,000 ar fáil do sheirbhísí ar mian leo tionscadal tacaíochta piaraí do thuismitheoirí atá ann cheana féin a mhéadú, rud a bhfuil tionchar dearfach aige ar thuismitheoirí cheana féin.
Is féidir ceisteanna a chur chuig an Aonad Beartais um Thacaíocht do Thuismitheoirí trí ríomhphost a sheoladh chuig: parentingsupport@equality.gov.ie