English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá Deontas do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán le haghaidh 2025 á sheoladh ag an Aire Foley

D’fhógair Aire na Roinne Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, leithdháileadh méadaithe de €350,000 de mhaoiniú deontais do líon na nGrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán atá ag dul i méid.

Tá lúcháir ar an Aire a fhógairt gur cinntíodh an maoiniú breise de €100,000 anuas ar an leithdháileadh anuraidh de €250,000, mar fhreagra ar fhás na ngrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán le blianta beaga anuas.

Is féidir an maoiniú a úsáid le haghaidh aidhmeanna éagsúla, lena n-áirítear bréagáin, trealamh agus leabhair leanaí chomh maith le sólaistí agus sneaiceanna do leanaí. Is féidir é a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí do leanaí amhail ealaíona agus ceardaíocht agus ceol. Is féidir tacú le tuismitheoirí freisin le cúrsaí tuismitheoireachta agus cúrsaí maidir le garchabhair do leanaí.

Leithdháilfear an maoiniú ar Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán ar fud na tíre trí Choistí Cathrach/Contae i gCúram Leanaí (CCLanna).

Ón lá inniu, Dé Céadaoin, an 26 Feabhra, tugtar cuireadh do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin Tionscnamh sin trína CCC áitiúil.

I ndiaidh an ratha a tháinig mar thoradh ar na sruthanna maoinithe breise i ndeontais na bliana seo caite, tairgfidh Tionscnamh Dheontais na nGrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán 2025 trí shruth maoinithe:

1. €800 do ghrúpaí atá ann cheana

2. €1,000 chun grúpaí nua a bhunú.

Maoiniú breise suas le €300 chun Grúpaí Siúlóide le Bugaithe a bhunú agus a fheidhmiú. Is siúlóidí sóisialta eagraithe iad na Grúpaí Siúlóide le Bugaithe seo do thuismitheoirí/chaomhnóirí agus do pháistí óga. Is féidir an deontas a úsáid chun costais amhail sólaistí, bileoga faisnéise agus árachais a chlúdach. Tá sé oscailte d’aon eagraíocht nó d’aon ghrúpaí nua nó atá ann cheana ar mian leo sé shiúlóid eagraithe ar a laghad a thairiscint laistigh dá bpobal.

Tá an tAire Foley ag freastal ar chruinniú inniu den Fhóram Páirtithe Leasmhara Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí i gceanncheathrú na Roinne Leanaí, Míchumais agus Comhionannais.

Dúirt an tAire Foley:

“Tá lúcháir orm babhta na ndeontas do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán le haghaidh 2025 a fhógairt, rud a thacóidh le hobair iontach na ngrúpaí sin a chuireann deis luachmhar ar fáil do thuismitheoirí/feighlithe le leanaí óga acu bualadh le chéile sa phobal. Tá sé an-spreagúil a fheiceáil go bhfuil níos mó agus níos mó tuismitheoirí agus tachrán ag glacadh páirte iontu. Feidhmíonn na grúpaí seo mar fhoinse teagmhála sóisialta luachmhar, go háirithe do thuismitheoirí nua agus do thuismitheoirí nua as baile isteach.

"Tá mé sásta go bhfuil na deontais sin ag tacú le fás na ngrúpaí Siúlóide le Bugaithe, ar tugadh isteach iad tar éis Covid chun níos mó ghníomhaíochta faoin aer a spreagadh."

“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil go háirithe le grúpaí a bhfuil fáilte agus cairdeas á gcur ar fáil acu roimh thuismitheoirí agus roimh pháistí a tháinig go hÉirinn agus go dtí an pobal le déanaí.”

Fuair 395 grúpa Tuismitheoirí agus Tachrán deontais anuraidh. Aithníonn Na Chéad 5, an Straitéis Tras-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh gur tréimhse ama chriticiúil ar leith atá i luathbhlianta leanaí ar cheart sult a bhaint aisti.

Tá coinníollacha i bhfeidhm agus tá na Coistí Cathrach agus Contae i gCúram Leanaí ar fáil chun riachtanais a phlé le grúpaí nua agus le grúpaí atá ann cheana féin. Tá mionsonraí maidir le gach CCL ar fáil ag gov.ie - Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí

Osclófar Deontas Tuismitheoirí agus Tachrán 2025 le haghaidh iarratas Dé hAoine, an 21 Feabhra agus dúnfar é Dé hAoine, an 21 Márta.

CRÍOCH


Nóta d’Eagarthóirí:

Cé go ndírítear Grúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán ar thuismitheoirí de ghnáth, is féidir feighlithe leanaí, seantuismitheoirí agus caomhnóirí a bheith mar chuid díobh.

Tá maoiniú ar fáil le haghaidh na nithe seo a leanas:

• Bréagáin, trealamh agus leabhair le haghaidh gníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh, agus sólaistí agus sneaiceanna páistí.

• Soláthairtí glantacháin.

• Stóráil do threalamh.

• Oiliúint do thuismitheoirí, e.g. garchabhair phéidiatraiceach, scileanna coiste, cúrsaí tuismitheoireachta, seisiúin a éascú.

• Fearas garchabhrach.

• Bileoga Cur Chun Cinn agus aon aistriúcháin riachtanacha san áireamh.

• Gníomhaíochtaí páistí, e.g. ealaíona agus ceardaíocht, ceol.

• Beidh maoiniú teoranta ar fáil le haghaidh árachais nó/agus cíosa,

Is é €1,300 an t-uasmhaoiniú iomlán incheadaithe atá le deonú do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán nua agus is é €1,100 an t-uasmhaoiniú iomlán incheadaithe atá le deonú do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Tachrán atá ann cheana féin in 2025.