English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá na mílte teaghlach chun tairbhe a bhaint as laghduithe suntasacha ar chostais luathfhoghlama agus cúraim leanaí ón 2 Meán Fómhair

  • Rátaí fóirdheontais nua faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí i bhfeidhm ón 2 Meán Fómhair.
  • Socrófar leis an uasteorainn táillí do sheirbhísí nua sa Scéim Croímhaoinithe i mbliana, a shíneofar chuig gach seirbhís ó Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh, uastáille a fhéadfaidh soláthraithe rannpháirteacha a ghearradh orthu, mar chuid d'aistriú i dtreo Struchtúr Táillí Náisiúnta.
  • An líon is mó leanaí a bhaineann leas as tacaíochtaí faoin Scéim Náisiúnta Leanaí anois.
  • Léiríonn sonraí an ECFE feabhsuithe suntasacha ar fud táscairí inacmhainneachta don luathfhoghlaim agus do chúram leanaí.

D'fháiltigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu roimh rátaí nua fóirdheontais a thabhairt isteach faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (SNCL), rud a laghdóidh go mór na costais as póca don luathfhoghlaim agus do chúram leanaí do na mílte teaghlach ar fud na tíre.

Ón 2 Meán Fómhair, tiocfaidh méadú 53% ar an íosfhóirdheontas in aghaidh na huaire faoin SNCL do leanaí faoi 15 - ó €1.40 go €2.14.

Do theaghlaigh a úsáideann luathfhoghlaim agus cúram leanaí atá cláraithe le Tusla, is ionann an méadú fóirdheontais agus laghduithe costais iomlána suas le €96.30 in aghaidh na seachtaine in aghaidh an linbh, nó os cionn €5,000 in aghaidh na bliana.

Ón 2 Meán Fómhair, méadófar freisin an fóirdheontas in aghaidh na huaire faoi chlár atreoraithe urraitheoirí an SNCL a dhéanann soláthar speisialta do leanaí leochaileacha.

Cuireann na hathruithe is déanaí sin ar an SNCL le feabhsuithe suntasacha ar an Scéim a thug an tAire O’Gorman isteach in 2022 agus 2023:

  • Cuireadh deireadh leis an gcleachtas uaireanta a chaitear sa réamhscoil nó scoil a asbhaint ó dhámhachtainí SNCL in Aibreán 2022.
  • Leathnaíodh an fóirdheontas uilíoch faoin SNCL chuig gach leanbh faoi 15 i mí Lúnasa 2022 (ó gach leanbh faoi thrí).
  • Méadaíodh an fóirdheontas uilíoch in aghaidh na huaire faoin SNCL go €1.40 i mí Eanáir 2023 (ó €0.50 in aghaidh na huaire).

Léiríonn na sonraí is déanaí ón ECFE feabhsuithe suntasacha ar tháscairí inacmhainneachta don luathfhoghlaim agus do chúram leanaí mar thoradh ar na hathruithe sin. Go sonrach

  • In 2022, chaith lánúineacha ar an meánphá 27% dá n-ioncam teaghlaigh ar luathfhoghlaim lánaimseartha agus cúram leanaí, agus chaith tuismitheoirí singile ar an meánphá 17% dá n-ioncam teaghlaigh ar luathfhoghlaim agus cúram leanaí lánaimseartha. In 2023, thit an figiúr sin go 17% agus 7% faoi seach.
  • In 2022, chaith lánúineacha ar an íosphá 24% dá n-ioncam teaghlaigh ar luathfhoghlaim lánaimseartha agus cúram leanaí, agus chaith tuismitheoirí singile ar an íosphá 4% dá n-ioncam teaghlaigh ar luathfhoghlaim agus cúram leanaí lánaimseartha. In 2023, thit an figiúr sin go 12% agus 0% faoi seach.

Tá an líon is mó leanaí riamh ag fáil rochtana ar thacaíochtaí faoin SNCL. Bhain 175,389 leanbh san iomlán leas as fóirdheontas SNCL go dtí seo i mbliana. Tháinig méadú breis agus 97,000 ar líon na leanaí a bhaineann leas as fóirdheontais i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2022. Ó tugadh isteach é, bhain níos mó ná 232,700 leanbh leas as tacaíochtaí faoin SNCL.

Ina theannta sin, d'fhógair an tAire O’Gorman go dtabharfar isteach teorainn táillí ag tosú i mí Mheán Fómhair na bliana seo le haghaidh seirbhísí nua a ghabhann le Croímhaoiniú, agus a leathnófar chuig gach seirbhís i Meán Fómhair 2025, a leagfaidh síos, den chéad uair, uasleibhéal táillí a fhéadfaidh seirbhísí rannpháirteacha a ghearradh ar thuismitheoirí. Beidh d'iallach ar sheirbhísí rannpháirteacha a bhfuil táillí an-ard acu chun na táillí sin a laghdú. Cuirfear é sin i bhfeidhm mar chuid d'fhorbairt Struchtúir Táillí Náisiúnta nua a bhfuil sé mar aidhm aige deireadh a chur le difríochtaí móra i leibhéil táillí ar fud na tíre, ag tabhairt níos mó cinnteachta do thuismitheoirí.

Ag fáiltiú roimh athruithe an lae inniu ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, dúirt an tAire O’Gorman:

“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil na rátaí fóirdheontais nua seo á dtabhairt isteach faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí atá ag cur leis an méadú a thug mé isteach ar an íosráta fóirdheontais in aghaidh na huaire in Eanáir 2023 agus síneadh na scéime do leanaí suas go 15 bliana d'aois i Meán Fómhair 2022.

“Cabhróidh na rátaí nua fóirdheontais seo leis na mílte teaghlach ar fud na tíre leas a bhaint as luathfhoghlaim agus cúram leanaí ar ardchaighdeán ar leibhéil inacmhainne níos mó.

“Molaim do gach teaghlach incháilithe leas a bhaint as na tacaíochtaí seo atá ar fáil, trí chuairt a thabhairt ar [external-link https://www.ncs.gov.ie/en/ | www.NCS.gov.ie ] glaoch ar an Ionad Tacaíochta do Thuismitheoirí ar 01 906 8530 nó labhairt lena soláthraí luathfhoghlama agus cúraim leanaí.”

DEIREADH//


Nóta d’Eagarthóirí

An Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí

Tríd an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, soláthraítear tacaíocht airgeadais chun cabhrú le teaghlaigh lena gcostais luathfhoghlama agus cúraim leanaí. Tá an scéim, a tugadh isteach i mí na Samhna 2019, deartha ar phrionsabal an uilíochais fhorchéimnigh lena n-áirithítear go bhfaigheann teaghlaigh ar an ioncam is ísle an leibhéal is airde tacaíochta.

Tá dhá chineál fóirdheontais ar fáil do theaghlaigh:

  • Tá fóirdheontais uilíocha ar fáil do gach teaghlach le leanaí idir 24 seachtain agus 15 bliana d'aois. Ní dhéantar tástáil acmhainne ar an bhfóirdheontas sin.
  • Tá Fóirdheontais Measúnaithe Ioncaim ar fáil do theaghlaigh le leanaí idir 24 seachtain agus 15 bliana d'aois. Déantar tástáil acmhainne ar an bhfóirdheontas sin, agus ríomhfar é bunaithe ar chúinsí aonair an iarratasóra. Athróidh an ráta ag brath ar leibhéal ioncaim an teaghlaigh, aois agus céim oideachais an linbh, agus líon na leanaí i dteaghlach. Chun tairbhe a bhaint as fóirdheontas Measúnaithe Ioncaim, caithfidh ioncam teaghlaigh inríofa an iarratasóra a bheith níos lú ná €60,000.

Ina theannta sin, tá clár atreoraithe urraíochta ar fáil faoin SNCL a dhéanann soláthar speisialta do leanaí leochaileacha. Ligeann clár atreoraithe urraitheoirí an SNCL do chomhlachtaí ainmnithe leanaí a atreorú chuig an Scéim nuair a bhíonn gá le luathfhoghlaim agus cúram leanaí ar mhaithe le leas leanaí, cosaint, tacaíocht teaghlaigh nó forais shonraithe eile. Sa chás go ndéanann comhlacht Urraíochta atreorú, cáileoidh an teaghlach go huathoibríoch d'fhóirdheontas gan a bheith orthu incháilitheacht, ioncam nó riachtanais eile na Scéime a shásamh. Ní cheanglaítear ar an teaghlach urraithe aon ranníocaíocht a dhéanamh i leith costas na háite.

Ina theannta sin, ag teacht le Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí 2021 – 2028, tá gealltanas ann an SNCL a oscailt d'fheighlithe leanaí san Fhómhar.