Tacaíochtaí speisialaithe breise do leanaí a bhfuil lagú amhairc agus éisteachta orthu fógartha ag an Aire Rabbitte
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 12 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit do Mhíchumas, Anne Rabbitte, sonraí inniu faoi dhá shainchlár tacaíochta nua a bheidh dírithe díreach ar leanaí a bhfuil lagú amhairc agus éisteachta orthu. Tá na cláir nua tar éis maoiniú de bhreis is €700,000 a fháil ón Aire Rabbitte, agus beidh siad á leathadh amach ag:
- ChildVision, an Lárionad Náisiúnta Oideachais do Leanaí Daill, agus
- Chime, the National Charity for Deafness and Hearing Loss.
Leis an gclár ChildVision, soláthraítear oiliúint agus tacaíocht chomhairleach leanúnach d’Fhoirne um Líonraí Míchumais Leanaí (CDNTanna) go náisiúnta, agus beidh foireann chliniciúil ChildVision i dteagmháil de réir mar is gá le gach ceann de na 91 CDNT thar thréimhse ocht mí tríd an gcianfhoghlaim. Leis an gclár, soláthrófar Seirbhís Measúnaithe Náisiúnta leathnaithe freisin lena gcuimseofar an idirghabháil iomlánaíoch agus speisialaithe mar aon le Seirbhísí For-rochtana. Tá sé mar aidhm ag ChildVision “físithe” tábhachtacha a ainmniú laistigh de gach ceann de na CDNTanna, a bheidh freagrach as scileanna faisnéise amhairc (VI) a spreagadh agus a chur chun cinn laistigh den CDNT.
Forbrófar Sainfhoireann Ildisciplíneach sa chlár Chime chun tacú le leanaí atá bodhar nó a bhfuil nó Lagéisteacht acu. Beidh saintacaíochtaí i bhfoirm seirbhísí díreacha agus indíreacha/uilíocha.
Agus é ag deimhniú go bhfuiltear chun an dá shainchlár tacaíochta nua a sheoladh, dúirt an tAire Rabbite:
“Tá lúcháir orm na saintacaíochtaí nua seo a fhógairt a rachaidh chun sochair go díreach do leanaí a bhfuil lagú amhairc agus éisteachta acu, agus táim ag tnúth leis na hiarmhairtí dearfacha a bheidh acu gan dabht a fheiceáil. Leis an maoiniú atá daingnithe agam, déanfar cinnte gur féidir leis an dá eagraíocht fíorthionchar a bheith acu ar shaol leanaí faoi mhíchumas agus ar a dteaghlaigh.
"Tá campas ChildVision tiomanta do riachtanais oideachais, idirghabhála theiripeach agus mhaireachtála le linn an téarma a bhaineann le lagamhairc, daoine dalla, leanaí agus daoine óga, agus fáiltím roimh a rannpháirtíocht sa tionscnamh seo i gcomhar leis an FSS. Gabhaim fáilte freisin roimh an ionad satailíte atá beartaithe acu in Órán Mór i nGaillimh a bhfuiltear ag súil leis a bheith i bhfeidhm faoi 2026, agus a rachaidh chun tairbhe go mór do leanaí faoi mhíchumas ar fud iarthar na hÉireann.
'’Tá rannpháirtíocht Chime chomh tábhachtach leis sin freisin, mar gheall ar an taithí atá acu le seasca bliain anuas ar chúnamh agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine bodhra agus ar an gcaillteanas éisteachta. Agus an plean um Sheirbhísí Míchumais a Chur Chun Cinn á gcur i bhfeidhm againn, táim ag tnúth leis an tionchar a bheidh ag Chime ar leanaí le lagú éisteachta a fheiceáil, chomh maith leis na tacaíochtaí a chuirfidh siad ar fáil dár bhFoirne Líonra Míchumais Leanaí i ngach cearn den tír.
“Leanfaidh mé ag obair le tuismitheoirí, le heagraíochtaí agus le grúpaí ionadaíocha chun a chinntiú go ndéanaimid na seirbhísí is gá chun tacú le leanaí faoi mhíchumas a chur ar fáil. Teastaíonn tacaíochtaí speisialtóra ó CDNTanna do roinnt leanaí atá ag freastal ar a gcuid seirbhísí agus is réimse é seo a mbeidh mé ag cur leis i gcónaí chun a chinntiú nach bhfágfar aon leanbh chun cúil,” a dúirt an tAire Rabbitte.
Nótaí don Eagarthóir:
ChildVision
Lonnaithe i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath, is é ChildVision an t-aon ionad tiomnaithe in Éirinn do leanaí le caillteanas radhairc, ar leanaí iad a bhfuil lagú céadfach trom agus míchumais bhreise ag cuid acu. Is acmhainn náisiúnta é ChildVision do theaghlaigh agus do ghairmithe a bhfuil sainchúnamh uathu sa réimse an lagú amhairc nó lagú amhairc agus/nó míchumais bhreise. Cuireann ChildVision seirbhís satailíte ar fáil óna n-ionad i gCorcaigh freisin.
Le haghaidh tuilleadh sonraí, téigh chuig childvision.ie .
Chime
Is é Chime an Carthanacht Náisiúnta don Bhodhaire agus don Chaillteanas Éisteachta, agus le beagnach seasca bliain tá siad ag tacú le cearta comhionanna, inrochtaineacht níos fearr agus deiseanna do dhaoine bodhra agus caillteanas éisteachta. Tá Chime tiomnaithe do shochaí a chruthú nach gcuirtear an bodhaire agus an caillteanas éisteachta bac ar acmhainneacht, rogha phearsanta nó cáilíocht beatha an duine. Soláthraíonn a n-ionaid náisiúnta acmhainní rochtain ar sheirbhísí, oibrithe sóisialta, gairmithe meabhairshláinte, acmhainní, teicneolaíochtaí cúnta, chomh maith le rochtain ar phobal a chuireann cuimsiú sóisialta, imeachtaí agus go leor eile chun cinn.
Le haghaidh tuilleadh sonraí, tabhair cuairt ar chime.ie