English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tairseach tuairiscithe maidir leis an mbearna phá idir na hinscní fógartha ag an Aire Foley le haghaidh eagraíochtaí sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha chun Lá Idirnáisiúnta a chomóradh

D’fhógair Norma Foley, an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais ar Lá Idirnáisiúnta na mBan go seolfar tairseach tuairiscithe nua maidir leis an mbearna phá idir na hinscní le haghaidh 6,000 eagraíocht sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha san fhómhar.

Cuirfear tuarascálacha ó gach eagraíocht sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí i dteannta a chéile den chéad uair riamh, sa tairseach seo, seachas iad a bheith foilsithe ar shuíomhanna gréasáin ar leith. Cabhróidh an tairseach le haird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le tuairisciú maidir leis an mbearna phá idir na hinscní, agus beidh sí go hiomlán inchuardaithe ag daoine den phobal.

Leathnófar i mbliana chomh maith, leis an oibleagáid dlíthiúil maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a thuairisciú, ar gach eagraíocht in Éirinn a bhfuil breis is 50 fostaí acu. Measann an Roinn Leanaí go mbeidh ar líon iomlán de 6,000 eagraíocht a sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a thuairisciú chuig an tairseach nua.

Agus í ag labhairt inniu, mar Aire ar a bhfuil freagracht as comhionannas inscne, dúirt an tAire Foley:

“Tugtar achoimre le Clár an Rialtais ar fhís an Rialtais seo maidir le cearta na mban agus na gcailíní. B’ionann an bhearna phá idir na hinscní in Éirinn in 2022 agus 9.6%, sa chaoi is gur shaothraigh fir 9.6% níos mó ná mná ar an meán. Cabhróidh an tairseach nua maidir leis an mbearna phá idir na hinscní feasacht a ardú faoin mbearna phá idir na hinscní i measc fostóirí agus an phobail.”

Cuireadh in iúl go soiléir le heisiúint na sonraí is déanaí ó Ag Fás Aníos in Éirinn, lena ndéantar dul chun cinn leanaí a rugadh ó 1998 ar aghaidh a leanúint, go mbíonn tionchar fós ag an mbearna phá idir na hinscní ar mhná óga. Baineann ceann de na figiúirí is loime atá ag teacht chun cinn le tuilleamh meánach seachtainiúil, lena léirítear go mbíonn mná ag saothrú níos lú ná fir, fiú agus leibhéil oideachais inchomparáide acu. Shaothraigh mná a bhfuil céim nó cáilíocht níos airde acu €28 níos lú in aghaidh na seachtaine ná fir, agus shaothraigh mná a bhfuil ardteastas nó cáilíocht níos ísle acu €103 níos lú ná na fir a bhfuil leibhéal oideachais chomhionann acu.

I measc na mban sa staidéar Ag Fás Aníos in Éirinn a rugadh in 1998 agus atá 25 bliana d’aois agus ós a chionn anois, bhí neamhionannas inscne ina ábhar imní do 88% acu i gcomparáid le 66% de na fir.

Dúirt an tAire Foley,

“Is ionann sochaí chumhachtach agus ceann lena mbaineann cothromas agus comhionannas. Rinneadh dul chun cinn ó bhí 2007 ann, tráth gurbh ionann an bhearna phá idir na hinscní in Éirinn agus 17.3%, ach tá an-chuid le déanamh fós. Is rannpháirtithe cumasacha, dúthrachtacha a bhfuil tallann acu iad mná sa lucht saothair. Ba cheart go léireofaí amhlaidh lena leibhéil phá.”

Cuirfear rialacháin nuashonraithe i bhfeidhm lena gceanglófar ar eagraíochtaí a sonraí a thuairisciú tríd an tairseach nua maidir leis an mbearna phá idir na hinscní in am do spriocdháta na bliana seo, is é sin deireadh mhí na Samhna. Is féidir leo freisin a dtuarascálacha maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a uaslódáil le tuilleadh faisnéise ar a suíomhanna gréasáin féin, más mian leo.

Seolfaidh an tAire Foley an chéad Straitéis Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní eile i mbliana freisin, lena gcuirfear cearta na mban agus na gcailíní ag croílár ghníomh an Rialtais

“Ba cheart go bhfeicfí mná agus cailíní ar fud gach réimse den sochaí agus go dtabharfaí cluas éisteachta dóibh – i ranna rialtais, i seomraí boird agus i seomraí na comh-aireachta ar ndóigh. Mar Aire Comhionannais, táim tiomanta do cibé constaicí atá roimh mhná agus chailíní na hÉireann maidir lena gcumas iomlán a bhaint amach a shainaithint agus deireadh a chur leo.”

Agus an Straitéis Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní nua seo a dhearadh agus á cur i dtoll a chéile aici, chuir an Roinn próiseas comhairliúcháin phoiblí i gcrích. Áirítear leis seo an chéad Tionól Náisiúnta na hÓige ar Chomhionannas Inscne le cinntiú go léirítear leis an straitéis tosaíochtaí na mban agus na gcailíní i sochaí na hÉireann chomhaimseartha, atá de shíor ag athrú.


Nóta don Eagarthóir

An Straitéis Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní

• Cuireadh comhionannas inscne chun cinn agus chun tosaigh in Éirinn faoi chreat beartais uile-rialtais a soláthraíodh leis an Straitéis Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní 2017-2020 ar cuireadh síneadh bliana léi, mar gheall ar Covid-19, chuig deireadh 2021.

• Ba é sprioc fhoriomlán na Straitéise dearcthaí agus cleachtais lena cuireadh bac ar rannpháirtíocht iomlán na mban agus na gcailíní san oideachas, san fhostaíocht agus sa saol poiblí a athrú, ag gach leibhéal, agus feabhas a chur ar sheirbhísí do mhná agus do chailíní, lena tugadh tosaíocht do riachtanais dóibh siúd a bhí thíos leis na torthaí is measa, nó a raibh an baol ann go mbeidís thíos leis na torthaí is measa.

• Cuimsítear i gClár an Rialtais, “Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú” (2025), gealltanas maidir le Straitéis Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní nua a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

• Glacfar cur chuige saolré leis an gcéad Straitéis Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní eile lena roinnfear gníomhartha i gcatagóirí aoise éagsúla chun dul i ngleic níos fearr leis na dúshláin agus na fadhbanna ar leith atá os comhair mhná sna grúpaí aoise éagsúla.

An Bhearna Phá idir na hInscní agus Tuairisciú maidir leis an mBearna Phá idir na hInscní

• San AE, tugtar an “bhearna phá idir na hinscní” ar an difríocht idir meánráta an olltuillimh de chuid fostaithe baineanna agus fireanna ar fud an gheilleagair.

• Tugtar léargas foriomlán ar na difríochtaí idir fir agus mná leis an mbearna phá idir na hinscní mar a bhaineann sé le tuilleamh agus tomhais. Léirítear leis an mbearna idirdhealú leanúnach agus neamhionannais leanúnacha sa mhargadh saothair a mbíonn tionchar acu, den chuid is mó, ar mhná. Tá an coincheap seo níos leithne ná idirdhealú mar a bhaineann sé le “pá comhionann le haghaidh obair chomhionann ar luach comhionann”.

• Ar an 18 Deireadh Fómhair 2023, d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh torthaí an tSuirbhé ar Struchtúr Tuillimh 2022, lena léirítear go bhfuil an bhearna phá idir na hinscní in Éirinn á laghdú fós. B’ionann an bhearna phá idir na hinscní in Éirinn in 2022 agus 9.6%, sa chaoi is gur shaothraigh fir 9.6% níos mó ná mná ar an meán.

• Ceanglaítear ar fhostóirí leis an Acht um Fhaisnéis faoin mBearna Phá idir na hInscní 2021 a mbearna phá idir na hinscní a thuairisciú thar réimse meadaracht, mar a leagtar amach sna Rialacháin faoin Acht. Is é an cuspóir a bhaineann le tuairisciú maidir leis an mbearna phá idir na hinscní ná eagraíochtaí a spreagadh chun a mbearna phá idir na hinscní agus na fachtóirí atá taobh thiar di a aithint agus chun machnamh a dhéanamh ina leith sin.

• Cuireadh tús le tuairisciú in 2022 le haghaidh fostóirí a bhfuil níos mó ná 250 fostaí acu agus rinneadh é a leathnú chuig fostóirí a bhfuil níos mó ná 150 fostaí acu in 2024. In 2025, ceanglófar ar fhostóirí a bhfuil níos mó ná 50 fostaí acu tuairisciú maidir lena mbearnaí pá idir na hinscní.

• Ceanglaítear ar fhostóirí dáta ‘léargas’ a roghnú i mí an Mheithimh gach bliain le bheith mar bhunús dá dtuairisciú ar na fostaithe atá acu ar an dáta sin. In 2025, ceanglófar ar fhostóirí a dtuarascáil a fhoilsiú i mí na Samhna.

• Tá tairseach ar líne á forbairt agus beidh sí réidh le gur féidir le heagraíochtaí tuairisciú léi i mbliana. Cuirfear tuilleadh sonraí faoin tairseach ar fáil sna míonna amach romhainn.

Ag Fás Aníos in Éirinn

Is staidéar náisiúnta, fadaimseartha é FAÉ ar dhaoine óga in Éirinn agus is clár oibre comhoibríoch é idir an POS agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ). Leis an eisiúint dá dtagraítear di, cuirtear i láthair na príomhthorthaí lena ndéantar cur síos ar shaolta na ndaoine in aois a 25 bliana in FAÉ, ó théamaí lárnacha an tsuirbhé, is iad sin sláinte fhisiciúil, folláine agus príomhchaidrimh, oideachas, rannpháirtíocht cathartha, agus rannpháirtíocht eacnamaíoch.

Tá tuilleadh eolais faoin eisiúint ar fáil anseo.