Treoirlínte eisithe maidir le Cistiú Caipitil do Luathfhoghlaim agus Cúram Ráiteas ón Aire Katherine Zappone
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 31 Eanáir 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá treoirlínte foilsithe inniu (31ú Eanáir 2019) maidir leis an bpróiseas iarratais le haghaidh breis agus €6.1m i ndeontais chaipitil do chúram leanaí.
Agus foilsiú na dtreoirlínte á fhógairt aici, mhol an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone TD, do sholáthraithe an doiciméad a scrúdú agus tús a chur lena n-iarratais. Osclófar na cláir chaipitil um Luathfhoghlaim agus Cúram agus um Aois Scoile don bhliain 2019 ó 25ú Feabhra go 27ú Márta 2019.
Táthar ag súil go gcuirfear na cinntí ar fáil i Meitheamh 2019.
Seo iad na sraitheanna cistiúcháin:
Sraith A: Áiteanna nua a chruthú do leanaí idir 0 agus 3 bliana d'aois - €4,231m (Uasmhéid: €50,000 an deontas).
Sraith B: Sábháilteacht Dóiteáin do sheirbhísí luathbhlianta pobail - €0.875m (Uasmhéid: €15,000 an deontas).
Sraith C: Áiteanna nua a chruthú do leanaí atá ar aois scoile - €1m (Uasmhéid: €20,000 an deontas).
Iarrtar ar sholáthraithe cúraim leanaí a bhíonn ag plé le luathfhoghlaim agus cúram agus dóibh siúd a bhíonn ag plé le leanaí ar aois scoile iarratas a chur isteach.
Sna Treoirlínte Iarratais, tá an fhaisnéis ar fad atá de dhíth ag iarratasóirí ionchasacha chun iad féin a ullmhú ar mhaithe le hiarratas a chur le chéile faoi na cláir.
Moltar do pháirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoiste Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí (CCC) áitiúil má tá tuilleadh ceisteanna acu, chun go mbeidís in ann tús a chur leis an obair agus a n-iarratais a chur isteach chomh luath agus is féidir.
Dúirt an tAire Zappone:
"Is bliain thábhachtach í seo do chúram leanaí. Cuireadh méadú 117% ar mhaoiniú iomlán Rialtais ó 2015. Tá áthas orm gur éirigh linn €6.1m a fháil i gcomhair oibre caipitil a dhéanfar le linn an tsamhraidh, agus beidh €3m eile ar fáil chun an Scéim Inacmhainne Cúraim Leanaí a chur chun cinn sa dara leath den bhliain."
"Mar gheall ar chláir na bliana seo caite, cruthaíodh 1,950 áit nua i luathfhoghlaim agus cúram agus 807 áit nua do leanaí ar aois scoile, agus cuireadh maoiniú ar fáil do 111 tionscadal cothabhála riachtanach i seirbhísí pobail. Táim ag súil go leanfar ar aghaidh leis an obair mhaith seo in 2019."
"Táimid tar éis na treoirlínte seo a fhoilsiú go luath agus mar sin beidh níos mó ama ag soláthraithe chum machnamh a dhéanamh agus chun a n-iarratais a ullmhú. Beidh leanaí in ann leas a bhaint as na cláir ag dáta níos luaithe dá bharr."
[Tabhair do d'aire: Moltar d'iarratasóirí aird ar leith a thabhairt ar na riachtanais a bhaineann le huimhreacha bailí tagartha RLGÓ atá sa Treoirlínte Iarratais. Is é 13ú Márta 2019 an dáta deireanach chun iarratas a chur isteach le haghaidh uimhir thagartha nua RLGÓ i gcomhair Caipitil 2019]
CRÍOCH