English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Aitheantas Cáilíochta Luathbhlianta

D’fhoilsigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY) Item was unpublished or removed (ár leithscéal nach bhfuil an acmhainn seo ar fáil i nGaeilge) a chomhlíonann na riachtanais rialála atá ag teastáil chun obair in earnáil na Luathbhlianta in Éirinn.

Mura bhfuil do cháilíocht luathbhlianta ar an liosta, is féidir leat iarratas a chur isteach go gceadófar é. Chun é sin a dhéanamh, seol na cáipéisí seo a leanas chugainn:

  • Foirm iarratais atá comhlíonta go hiomlán. Is féidir é a híoslódáil thíos.
  • Cóip de theastas na dámhachtana a bhaineann le do cháilíocht.
  • Na tras-scríbhinní go léir a bhaineann le do cháilíocht.
  • Fianaise de chleachtas gairmiúil, mar shampla, teistiméireacht ó fhostóir, nó ó aon socrúchán cleachtais a rinne tú mar chuid den chúrsa. Ní mór go mbaineann an cleachtas seo leis na luathbhlianta.
Foirm Iarratais
Aitheantas cáilíochta i gcomhair oibre in earnáil Fhoghlaim agus Chúraim na Luath-Óige in Éirinn. Íoslódáil (i mBéarla, ár leithscéal – beidh leagan Gaeilge den fhoirm seo ag teacht go luath)
Amharc amharc

Tabhair faoi deara na rudaí a leanas:

  • Glacfar le hiarratais a thagann ón t-é lena mbaineann an cháiliocht amháin. Ní ghlacfar le hiarratais a sheoladh ó thríú páirtí (mar shampla fostóir nó fostóir ionchasach).
  • Ní féidir eolas maidir le stádas an iarratais a thabhairt do thríú páirtí.
  • Cuir do shíniú agus an dáta ar an iarratas le do thoil (ní glacfar le hiarratais nach mbeidh sínithe).
  • Mura bhfuil an buncháipéis i nGaeilge nó i mBéarla, ní mór aistriúchán deimhnithe go Gaeilge nó Bearla a sheoladh léi.
  • Má eireoidh le d’iarratas, cuirfidh DCEDIY Litir Cháilitheachta chun Cleachtadh chugat.