Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

An Comhairliúchán Poiblí ar Obair Sholúbtha

Tá an Comhairliúchán dúnta

Sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an tUasal Roderic O’Gorman, T.D., comhairliúchán a lorgaíonn dearcthaí an phobail faoi obair sholúbtha, a bheidh ar siúl ón 05 Bealtaine 2021 go dtí an 28 Bealtaine 2021.

Úsáidfear torthaí an chomhairliúcháin chun creat beartais a fhorbairt atá freagrúil don timpeallacht athraitheach ghnó, a chuireann cothromaíocht níos fearr oibre is saoil chun cinn agus a thacaíonn le rannpháirtíocht sa mhargadh saothair i measc tuismitheoirí agus cúramóirí trí chleachtais oibre a thacaíonn le teaghlaigh.

Cuspóir an Chomhairliúcháin

Lorgaíonn an Rialtas beartas agus treoir oibre solúbtha a fhorbairt ina gcuirtear riachtanais teaghlach (go háirithe iad siúd le leanaí); daoine aonair, iad siúd ina measc faoi mhíchumas; fostóirí agus an gheilleagair níos fairsinge san áireamh.

Tá an comhairliúchán seo á chur ar siúl chun dearcthaí a lorg ó fhostóirí, fostaithe agus an pobal i gcoitinne faoi:

  • na saincheisteanna is tábhachtaí dóibh i dtaobh obair sholúbtha, na saghsanna socruithe oibre solúbtha atá i bhfeidhm faoi láthair agus na hathruithe ba mhaith leo go ndéanfar;
  • tionchar féideartha athruithe ar theicneolaíocht, an t-ionad oibre, an teaghlach agus an tsochaí ar na saghsanna socruithe oibre solúbtha atá ar fáil do, nó a lorgaíonn fostaithe;
  • cineál athraitheach socruithe oibre solúbtha i gcomhthéacs na paindéime;
  • na bacainní féideartha a d’fhéadfadh bheith roimh fhostóirí beaga, meánmhéide agus móra nuair a bhíonn socruithe oibre solúbtha á n-éascú d’fhostaithe anuas ar an tionchar féideartha riaracháin;
  • na tosca ratha a chabhróidh leis an Rialtas agus gnólachtaí roghanna oibre solúbtha a fhorbairt a oirfidh d’fhostaithe agus fostóirí.

Aighneachtaí

Más mian leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo, is féidir leat do dhearcthaí a sheoladh ar aghaidh trí cheistneoir gearr a líonadh ar obair sholúbtha, ar féidir teacht air anseo.

Tugtar cuireadh freisin d’aighneachtaí scríofa agus is féidir iad a sheoladh ar ais chuig flexibleworkingconsultation@equality.gov.ie

Tá eolas breise, treoir san áireamh ar aighneachtaí scríofa, ar fáil sa Nóta Treorach.

Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil Dé hAoine, an 28 Bealtaine 2021 ag 5 PM.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfreagrófar d’aighneachtaí a fhaightear.

Saoráil Faisnéise

Is féidir gach aighneacht a sheoltar chuig an Roinn a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus tá siad faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat