Cuardaigh ar fad gov.ie

Réamhscoil sa Bhaile

Cuireann an Mol Réamhscoile sa Bhaile réimse gníomhaíochtaí ar fáil chun tacú le leanaí agus chun a gcuid caithimh aimsire a spreagadh. Is í aidhm an Mhoil na leanaí a choinneáil ag súgradh agus ag foghlaim sa bhaile.

Tá na gníomhaíochtaí seo gnách sa naíonra agus cuireadh iad in oiriúint do pháistí le déanamh sa bhaile, ag am a oireann dóibh agus don teaghlach.

Ná déan dearmad, bíonn leanaí ag foghlaim agus iad ag súgradh. Bíonn leanaí ag foghlaim freisin nuair a bhíonn siad páirteach i ngníomhaíochtaí laethúla an teaghlaigh.

Iarradh ar na suíomhanna Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige dul i dteagmháil le teaghlaigh chun tacú leis na leanaí ina suíomh le linn na srianta reatha. Is féidir leo cur leis na gníomhaíochtaí nasctha thíos, de réir caitheamh aimsire an linbh, má tá spéis ag an teaghlach ann.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat