Cuardaigh ar fad gov.ie

Tabhair Dídean, Tabhair Dóchas

Theith na mílte duine go hÉirinn ag lorg sábháilteachta ó uafás an chogaidh san Úcráin. De réir mar a leanann an cogadh ar aghaidh san Úcráin, teastaíonn bailte sealadacha go práinneach ó na daoine sin a tháinig chun na hÉireann ag lorg sábháilteachta.

Tá íocaíocht aitheantais saor ó cháin de €800 in aghaidh na míosa ar fáil d’aon duine a thairgeann lóistín dóibh siúd atá ag teitheadh ón Úcráin.

Is féidir leat sonraí do réadmhaoine a chlárú ar líne:

• Má tá réadmhaoin agat atá folamh nó gan chónaí, is féidir í a chlárú ar líne agus déanfaidh d’Údarás Áitiúil teagmháil leat chun socrú a dhéanamh

• Má tá cóiríocht agat le comhroinnt, is féidir í a chlárú ar líne le Cumann Croise Deirge na hÉireann agus déanfaidh na foirne dá chuid teagmháil leat chun plé a dhéanamh

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat