Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Seo Linn ag Súgradh sa Samhradh

Seo Linn ag Súgradh sa Samhradh

Seo daoibh roinnt gníomhaíochtaí atá ar fáil do theaghlaigh an samhradh seo:

Oidhreacht Éireann

Beidh saorchead isteach chuig gach láithreán oidhreachta de chuid an OPW ina n-íoctar táillí de ghnáth, idir an 14 Bealtaine go deireadh na bliana 2021. Féach anseo: Oidhreacht Éireann nó sa Bhéarla heritageireland.ie/

An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra

Le haghaidh eolais maidir leis na páirceanna náisiúnta agus tearmainn dúlra téigh go dtí https://www.npws.ie/ (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).

Na hArd-Mhúsaeim

Tá na músaeim ar oscailt arís agus saor in aisce. Féach anseo: Ard-Mhúsaem na hÉireann nó i mBéarla National Museum of Ireland

Leabharlanna Éireann

Tá bailiúchán an-mhór de rudaí le fáil ar iasacht agus acmhainní le roinnt saor in aisce ag Leabharlanna Éireann. Féach ar an méid a bheidh ar bun ag do leabharlann áitiúil an samhradh seo ag: Gaeilge | Libraries Ireland nó i mBéarla National Museum of Ireland

Feachtas START ó Safefood

Is feachtas sláinte poiblí é START ó Safefood le go leor smaointe faoi shúgradh gníomhach do theaghlaigh. Féach ar safefood.net (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).

Glasbhealaí in Éirinn

Glasbhealach: bealach atá saor ó thrácht den chuid is mó, go speisialta do choisithe, rothaithe, agus úsáideoirí neamhinnealta eile mar shampla úsáideoirí cathaoireacha rothaí, teaghlaigh a bhfuil bugaithe acu srl. Chun teacht ar cheann i ngar duit féach anseo: sportireland.ie (i mBéarla amháin ar an drochuair).

Tránna Brait Ghoirm

Is iad Tránna Brait Ghoirm ná tránna agus muiríní ar bronnadh stádas an bhrait ghoirm orthu as a nglaineacht, ardchaighdeán an uisce, a sábháilteacht agus a méid cosaint chomhshaoil. Chun teacht ar trá brait ghoirm cóngarach duit téigh anseo Blue Flag Beaches (i mBéarla amháin ar an drochuair).

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat