An foilseachán ‘How’s Your Head – Young Voices during COVID-19’, comhairliúchán náisiúnta maidir le meabhairshláinte agus folláine mheabhrach i rith COVID-19 seolta ag an Aire O’Gorman
- Foilsithe: 5 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Aimsíodh i dtuarascáil nua de chuid na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige go raibh tionchar diúltach ag paindéim Covid-19 ar shláinte agus ar fholláine daoine óga, go háirithe i measc grúpaí imeallaithe.
Léirítear sa tuarascáil, atá bunaithe ar thorthaí taighde curtha i gcrích ag SpunOut agus Grúpa Comhairleach Óige na Roinne, go raibh daoine ag streachailt mar go raibh siad scartha óna gcuid cairde, agus go raibh siad ag déileáil le himpleachtaí suntasacha meabhairshláinte mar thoradh ar Covid-19 agus na srianta a bhain leis.
Tháinig an méid seo a leanas chun solais sa tuarascáil:
- Ceann de na dúshláin ba mhinice a luadh a bhí le sárú i rith Covid-19 ba ea a bheith scartha ó chairde (luaite ag 35% de fhreagróirí), agus ina dhiaidh tagraíodh don tionchar ar chúrsaí sláinte (20%), fadhbanna a bhain le scoil/coláiste (18%), agus fiabhras cábáin (16%)
- Bhí tuairimí na ndaoine óga maidir leis an todhchaí measctha. Thuairiscigh níos mó ná aon trian de na freagróirí go raibh siad dóchasach faoin todhchaí. É sin ráite, bhí tagairtí do mhothúcháin dhiúltacha cosúil le himní, éiginnteacht, éadóchas agus eagla coitianta freisin
- Thagair daoine óga do raon rudaí dearfacha ar mhaith leo a chur san áireamh ina saol amach anseo, lena n-áirítear stíl mhaireachtála sláintiúil, féinchúram, am fiúntach teaghlaigh agus faoiseamh ón mbrú a bhaineann le bheith ag taisteal agus ag freastal ar scoil nó coláiste. Ní raibh beagnach duine amháin as gach deichniúr freagróirí in ann aon rud dearfach a lua, áfach.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD faoi fhoilsiú na tuarascála,
“Bhí dúshláin mhóra agus uathúla le sárú ag daoine óga nuair a bhí srianta Covid-19 i bhfeidhm. Ainneoin scoileanna a bheith dúnta, iad a bheith scartha ó chairde agus clann, agus éiginnteacht gheilleagrach, is léir go bhfuil teacht aniar iontu. Tá glúin daoine óga inár measc atá sásta aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá cruthaithe ag Covid-19.
“Is mian liom buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa taighde, agus le SpunOut as an obair a éascú. Mar a shonraítear sa Phlean Teacht Aniar agus Téarnaimh, ní hamháin gur tasc uile-Rialtais é tacú le daoine óga, is tasc é a bhaineann leis an tsochaí trí chéile. Tá mo Roinnse tiomanta do ról ceannaireachta a ghlacadh agus iarracht á déanamh againn na dúshláin atá romhainn amach a shárú”.
Thagair Grúpa Comhairleach Óige na Roinne, ar tugadh cuireadh dó freagairt do thorthaí an chomhairliúcháin, don ghá atá le breis comhbhá agus taise a léiriú i gcomhthéacs daoine óga, agus mhothaigh an Grúpa, tríd is tríd, go bhfuil an milleán á chur go héagórach ar dhaoine óga as an ardú ar líon na gcásanna de COVID-19.
Dúirt an Grúpa Comhairleach, anois níos mó ná riamh, nach mór do sheirbhísí meabhairshláinte, institiúidí oideachais, agus seirbhísí don aos óg oibriú le chéile, ionas go mbeidh tuiscint acu ar fad ar na dúshláin atá le sárú ag daoine óga agus go mbeidh siad in ann cabhrú leo filleadh ar an saol laethúil arís i rith na chéad chéime eile den phaindéim agus níos faide anonn.
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí:
Clic anseo chun na tuairisce a léamh.
(Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge den acmhainn seo ar fáil)
Grúpa Comhairleach Óige
Áirítear i measc Bhaill an Ghrúpa Chomhairligh Óige daoine as ar fud na tíre, idir 15 – 24 bliain d’aois atá ainmnithe ag grúpaí agus eagraíochtaí óige éagsúla lena n-áirítear Comhairle na nÓg, Foróige, Obair d’Ógra Éireann, Spunout.ie agus Comhairle Náisiúnta na nÓg.
Roinnt Sleachta ó Dhaoine Óga maidir le Tionchar COVID-19.
Thuairiscigh daoine óga raon tionchar diúltach. Seo thíos sampla díobh, sleachta díreacha ó na daoine óga:
“D’airigh mé uaim go mór mo chairde i rith na dianghlasála, d’airigh mé uaim mo bhuachaill cara agus scaramar óna chéile go gairid i ndiaidh mhaolú na srianta mar gheall ar an easpa teagmhála a bhí eadrainn. Bhí sé deacair déileáil le gach rud a bhí ag tarlú. Airím uaim an coláiste, freastal ar léachtaí, ach an rud is measa ar fad, airíonn mé uaim comhluadar mo chairde ag am lóin.”
Bean 20, ceantar uirbeach
“Tá an saol thuas seal thíos seal, ón lá ar dúnadh na scoileanna, mhothaigh mé in ísle brí ceart laethanta áirithe, agus bhí seachtainí ann ar chaith mé tamall gach lá ag caoineadh agus dúshlán ann féin ba ea an leaba a fhágáil.”
Bean 18, ceantar uirbeach
“Tá m’athair éirithe feargach arís agus tá sé do mo bhualadh arís – bhí deis agam éalú luath ar maidin nuair a bhí an coláiste oscailte agus d’fhanfainn sa leabharlann mall san oíche agus anois tá mé sa bhaile 24/7, agus tá mé ag déileáil leis an strus agus brú breise atá ar m’athair mar gheall ar shrianta an choróinvíris etc, ní féidir éalú uaidh. Tá staid mheabhairshláinte mo mháthar imithe chun donais ar fad le coicís anuas rud a chruthaigh tuilleadh deacrachtaí fós sa bhaile.”
Bean 21, ceantar uirbeach
“Bhí brú aisteach orm nuair a bhí mé ag iarraidh críoch a chur le m’oideachas tríú leibhéal, mothaím gur ligeadh na mic léinn tríú leibhéal i ndearmad. De bhrí gur cailleadh an oiread sin post i rith COVID-19, b’éigean dom tosú ag obair go lánaimseartha mar gur chaill mo mháthair a post agus b’éigean dom cabhrú leis na billí a íoc. Ghoill an obair lánaimseartha AGUS na hiarrachtaí bliain mo chéime a chríochnú ar mo mheabhairshláinte.”
Bean 21, ceantar tuaithe.
“Mothaím gur saol gan chuspóir atá á chaitheamh agam, níl spéis agam in aon rud, mothaím gurb ionann formhór na ngníomhaíochtaí a dhéanaim i rith an lae agus bealach chun am a mheilt seachas gníomhaíochtaí a bhfuil spéis agam iontu, níl mé in ann tiomáint rud a chiallaíonn go bhfuil mé sáinnithe i mo theach atá suite i gceantar tuaithe ina bhfuil ganntanas seirbhísí/áiseanna. Bhí tionchar thar a bheith diúltach aige seo ar fad ar mo mheabhairshláinte.”
Bean 21, ceantar tuaithe.
“Tá trí mhí caite ag m’athair san ospidéal agus droch-chás den víreas aige, bhí mise sáinnithe sa bhaile agus ní raibh dada le déanamh agam ach a bheith ag smaoineamh ar an rud ar fad an t-am ar fad agus an seans go bhfaighidh m’athair bás. Ainneoin go ndearna mé teagmháil le daoine ar líne d’airigh mé uaim tacaíocht phearsanta mo chairde agus clann.”
Bean 20, ceantar tuaithe
“B’éigean dom an coláiste a fhágáil ... Bhí mé ag brath ar dheontas agus de ghnáth bhíodh post eile agam i rith an tsamhraidh ionas go mbeinn in ann cíos a íoc i mBaile Átha Cliath. B’éigean dom éirí as mo phoist mar nach raibh dóthain uaireanta ar fáil agus níl mé i dteideal cúnamh cuardaitheora poist a fháil mar go bhfuil mé faoi 24 bliain d’aois agus níl mé incháilithe. (Glacann an stát leis go bhfuil tú ag brath ar do theaghlach le haghaidh airgid má tá tú faoi 24 bliain d’aois, ach ní hamhlaidh atá i gcás go leor againn.)”
Bean 20, ceantar uirbeach
Fiafraíodh de fhreagróirí maidir leis na nithe dearfacha a bhain le tréimhse COVID-19 a raibh sé i gceist acu leanúint ar aghaidh leo. Seo thíos sampla de na freagairtí ó na daoine óga:
“Tá uathachas agam, ní maith liom a bheith róghar do dhaoine eile, rud a chiallaíonn go raibh mise breá sásta go raibh méadar amháin, ar a laghad, á bhfágáil ag daoine eatarthu!”
Bean 18, ceantar tuaithe
“Cineáltas na ndaoine nuair a bhíonn tú i mbun ghníomhaíochtaí an lae, an spiorad pobail.”
Bean 23, ceantar tuaithe
“Sílim gur bhain dúshlán leis an saol le tamall anuas, agus go bhfuil an oiread sin diúltachais ar fud an domhain. Tá níos mó béime á cur ar cheisteanna sóisialta agus domhanda anois, agus gur muidne an ghlúin a athróidh rudaí chun sochair do chách. Tá mé dóchasach go bhfeabhsóidh cúrsaí an tsaoil do gach duine san fhadtéarma am éigin.”
Bean 18, ceantar uirbeach
“Dada. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil daoine ag iarraidh aird a tharraingt ar rudaí dearfacha a bhaineann leis an bpaindéim seo, ach i gcás go leor daoine is ionann é sin agus an bonn a bhaint den tráma a raibh orainn déileáil leis. Níl aon rud dearfach faoi COVID-19.”
Bean, 24
Áiríodh i measc na bhfreagairtí do cheist maidir leis na tacaíochtaí a theastaíonn ó dhaoine óga sna míonna amach romhainn:
“Níos mó córas tacaíochta do dhaoine óga i gceantair thuaithe. Tá riachtanas ar leith ann. Níl aon ghrúpa óige nó rud ar bith i mo cheantar áitiúil féin agus tá na háiseanna againn. Tá meabhairshláinte mo chara imithe chun donais. Rinne sé iarracht é féin a mharú trí bhabhta. Teastaíonn tuilleadh tacaíochta uainn.”
Bean 17, ceantar tuaithe
“Córas tacaíochta níos fearr i scoileanna. Sa scoil tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil dada ach gráid ag déanamh imní dóibh agus nach cuma leo i ndáiríre faoi mheabhairshláinte na mac léinn. Ní chabhraíonn póstaer lán le focail le haon duine, tá sé riachtanach a bheith ar fáil chun labhairt le daoine chun cabhrú leo.”
Bean 16, ceantar uirbeach
“Tuilleadh ionad nó páirceanna poiblí ionas gur féidir le daoine bualadh lena chéile seachas dul chomh fada le caiféanna/tithe tábhairne/siopaí.”
Bean 21, ceantar tuaithe
“Seirbhís idirlín ar féidir brath uirthi do gach duine sa tír.”
Fear 17, ceantar tuaithe