D’fhógair an tAire O’Gorman Comhairliúcháin poiblí ar Phlean Náisiúnta do Sholáthar Gaeilge san Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus sa Chúram Leanaí d’Aois Scoile
- Foilsithe: 6 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu gur seoladh comhairliúchán poiblí ar Phlean Náisiúnta do Sholáthar Gaeilge san Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige (ELC) agus sa Chúram Leanaí d’Aois Scoile (SAC)
Iarrfaidh an comhairliúcháin moltaí ar conas gur féidir leis an Rialtais tacú ar Sholáthar Gaeilge ELC agus SAC, agus ag fiosrú ar ról an Ghaeilge i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim leanaí trí mheán an Bhéarla.
Tabharfaidh an próiseas comhairliúcháin, a thosóidh an 06 Meitheamh 2024 agus a bheidh ar siúl go dtí an 12 Iúil 2024, deis do pháirtithe suimithe sa Ghaeilge in ELC agus SAC a dtuairimí a nochtadh. Is féidir le páirtithe leasmhara páirt a ghlacadh agus a n-aiseolas a thabhairt trí shuirbhé ar líne, grúpaí fócais ar líne agus i bpearsan, agus tríd imeacht páirtithe leasmhara náisiúnta. Beidh comhairliúcháin le paistí san áireamh sa próiseas.
Leanann an próiseas comhairliúcháin na gealltanais in Na Chéad 5: Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh agus an Plean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge 2018 – 2022. I gealltanais Na Chéad 5 tá bearta a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag páistí sna Gaeltachtaí ar fhoráil ELC agus SAC trí mheán na Gaeilge agus córais a fhorbairt chun tacaíochtaí Gaeilge a chur ar fáil mar chuid den soláthar ELC in áiteanna a bhfuil céatadán ard leanaí ag foghlaim trí mheán na Gaeilge san áireamh. Tá gealltanais san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge chun plean cuimsitheach a fhorbairt don earnáil.
Ag labhairt faoin gcomhairliúchán, dúirt an tAire O’Gorman:
“Tá sé ríthábhachtach le chinntiú go bhfuil tacaíochtaí láidre ar fáil do sholáthair Ghaeilge sa luath-óige. Tá comhairliúcháin poiblí lárnach le fhorbairt ar phlean atá láidir agus éifeachtach, agus ag machnamh ar thábhachtach ár dTeanga dúchais do phaistí óga agus don pobal i gcoitinne. Tá moltaí páirtithe leasmhara tábhachtach agus molaim daoibh go léir le suim, páirt a ghlacadh sa saincheist tábhachtach seo.
“Tá luath-óige mar bhuntábhacht chun bunchloch láidir a sholáthair dár bpáistí. Taispeánann an gealltanas ó mo Roinn chun tacú le húsáid na Gaeilge sna luath bhlianta do pháistí ar fud na tíre, leis an bhforbairt ar phlean cuimsitheach do sholáthair Ghaeilge in ELC agus SAC.”
Beidh ról tábhachtach ag aiseolas agus léargas ó phaistí agus daoine óga, tuismitheoirí, oideoirí luathbhlianta, cleachtóirí cúraim aois scoile, suíomhanna ELC agus SAC, eagraíochtaí Gaeilge, eagraíochtaí tacaíochta ELC, agus gach páirtithe suimithe i bhforbairt an Phlean Náisiúnta do Sholáthar Gaeilge do ELC agus SAC
Úsáid do guth agus glac páirt sa comhairliúcháin poiblí anseo.
CRÍOCH