Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

D’oscail an tAire Rabbitte an chéad ghlao ar mhaoiniú don Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas 2021.

  • Sa chéad bhliain seo den Chiste, cuirfear €2.5 milliún ar fáil d’údaráis áitiúla chun deiseanna a chur i bhfeidhm do dhaoine faoi mhíchumas maidir le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ag an leibhéal áitiúil agus chun bacainní ar rannpháirtíocht phobail a bhaint.
  • Leithdháilfear deontais suas go €80,000 ar údaráis áitiúla chun a dtionscadail féin a mhaoiniú, nó chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail de chuid a n-eagraíochtaí comhpháirtíochta.
  • Is é 3pm, Dé Luain, 8 Samhain an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Inniu, d’fhógair an tAire Stáit a bhfuil freagracht uirthi i leith Míchumais, Anne Rabbitte TD, maoiniú €2.5 milliún faoin gcéad bhliain de Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta nua maidir le Míchumas.

Is é is aidhm leis an gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas 2021 ná maoiniú a sholáthar d’Údaráis Áitiúla ar fud na hÉireann chun tacú le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas i ngníomhaíochtaí áitiúla, chun cabhrú le bacainní ar rannpháirtíocht phobail a bhaint, agus chun tacú le cur chun cinn agus cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD) i bpobail ar fud na tíre.

Cuirfear €2.5m san iomlán ar fáil d’údaráis Áitiúla in 2021 chun tionscadail a chur i gcrích ina gceantair áitiúla. Beidh deontais suas go huasmhéid €80,000 ar fáil faoin gCiste.

Is féidir an maoiniú seo a úsáid le haghaidh tionscnamh aonuaire, agus tionscadal gearrthéarmach agus meántéarmach freisin. Ba cheart go gcuirfeadh na tionscadail agus tionscnaimh seo cearta daoine faoi mhíchumas chun cinn trí bhacainní ar rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas ina bpobail áitiúla a bhaint, trí fheasacht ar UNCRPD a chothú agus trí inrochtaineacht a mhéadú.

Is féidir le húdaráis áitiúla úsáid dhíreach a bhaint as an gciste seo nó úsáid a bhaint, as i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí áitiúla, chun gníomhaíochtaí a chabhróidh leis an méid seo a leanas a chur i gcrích:

  • Bacainní ar shaol an phobail a bhaint, agus feabhas a chur ar cé chomh inrochtaineach is atá saol an phobail nó gníomhaíochtaí an phobail do dhaoine faoi mhíchumas
  • maoiniú a sholáthar do líonraí agus clubanna ag an leibhéal áitiúil chun páirteachas agus rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas ina ngníomhaíochtaí a mhéadú
  • feasacht, tuiscint agus cur chun feidhme UNCRPD a chur chun cinn
  • tacú le forbairt acmhainne um míchumas laistigh d’údaráis áitiúla.

Agus an maoiniú á fhógairt aici, dúirt an tAire Rabbitte:

“Tá ríméad orm seoladh an chéad Chiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas a fhógairt agus tá sceitimíní orm faoi na tionscnaimh a chuirfear ar aghaidh sa chéad bhliain seo den Chiste. De réir agus a leanann Éire ar aghaidh ar a turas chun Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas a bhaint amach ina iomláine, tá gá le gníomhaíocht ag gach leibhéal den tsochaí. Cabhróidh an Ciste seo linn teagmhail a dhéanamh le daoine ina bpobail féin agus feabhas a chur ar na deiseanna atá acu páirt níos iomláine a ghlacadh sa ghnáthshaol áitiúil.

">Molaim d’údaráis áitiúla ar fud na tíre machnamh a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí, tionscadail agus tionscnaimh is féidir a chur ar aghaidh tríd an gCiste, agus a dtograí agus iarratais oiriúnacha féin a chur ar aghaidh mar sin. Chomh maith céanna, molaim d’eagraíochtaí pobail plé a dhéanamh ar an méid is féidir a bhaint amach i gcomhpháirtíocht lena n-údaráis áitiúla. Tá sé de rún agam go bhfoghlaimímid ón gcéad bhliain seo den chiste agus go gcuirfimid leis an eolas sin amach anseo nuair a tharlóidh glaonna eile”

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí:

Cuspóir na dtionscadal/gníomhaíochtaí

Tá an Ciste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas 2021 oscailte d’iarratasóirí údarás áitiúil i ndáil le príomhthéamaí chun tacú le rannpháirtíocht agus ionchuimsitheacht daoine faoi mhíchumas i bpobail áitiúla:

  • Rannpháirtíocht i saol an phobail, i.e. spórt, na healaíona, grúpaí pobail, etc;
  • Faisnéis inrochtana agus spásanna poiblí comhroinnte;
  • Cur Chun Cinn UNCRPD; agus
  • Feasacht ar Mhíchumas agus Forbairt Acmhainní.

Glacadh le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas in 2006. Shínigh Éire an Coinbhinsiún in 2007 agus daingníodh an Coinbhinsiún in 2018.

Is é is aidhm leis an gCoinbhinsiún ná a áirithiú go mbeidh daoine uile atá faoi mhíchumas in ann leas iomlán agus comhleas a bhaint as cearta uile an duine agus as na saoirsí bunúsacha uile, agus na leasa sin a chosaint agus a chur chun cinn, chomh maith le meas a chur chun cinn ar dínit dhúchasach an duine dhaonna.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat